Skip to main content

Shaoráil Faisnéise

Leis an Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI), 2104 bunaítear trí cheart nua reachtúla:

  • Ceart rochtana de réir dlí ag gach duine ar aon eolas atá i seilbh comhlachtaí poiblí;
  • Ceart dlíthiúil ag gach duine faisnéis oifigiúil a bhaineann leis nó léi féin a leasú sa chás go mbíonn an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
  • Ceart dlíthiúil cúiseanna a fháil i dtaca le cinntí a dhéanann difear do dhuine.

Dearbhaíonn an tAcht ceart daoine den phobal rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéid is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus ceart chun príobháideachta daoine aonair.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise (Admendment) a tugadh isteach an tAcht 2014 roinnt leasuithe go háirithe i ndáil le táillí, táillí tá deireadh leis anois do gach iarratas um Shaoráil Faisnéise neamhphearsanta faoi alt 12 den Acht um Shaoráil Faisnéise (iarratais ar rochtain ar thaifid) agus laghdaítear do iarratas ar faoi 21 (Athbhreithniú Inmheánach) agus alt 22 (Athbhreithniú ag an gCoimisinéir Faisnéise).

Tá sleachta ón leabhar tagartha a ullmhaíodh agus a foilsíodh de réir cheangal alt 15 den Acht ar an láithreán seo. Is éard is aidhm leis rochtain ar fhaisnéis oifigiúil atá i seilbh Óglaigh na hÉireann a éascú.

Faisnéis a bhfuil gnáthfháil uirthi

Is é an gnás ag Óglaigh na hÉireann faoi láthair faisnéis maidir lena bhfeidhmeanna agus lena ngníomhaíochtaí a chur ar fáil don phobal. Beidh faisnéis den sórt sin ar fáil go neamhfhoirmiúil i gcónaí agus ní bheidh gá le húsáid a bhaint as an Acht um Shaoráil Faisnéise.

Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise leagtha amach chun rochtain phoiblí a cheadú ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí nach mbíonn gnáthfháil uirthi trí fhoinsí eile. Tá rochtain ar fhaisnéis faoin Acht faoi réir ag díolúintí áirithe agus bíonn nósanna imeachta sainiúla agus teorainneacha ama i gceist.

Beartas maidir le Rúndacht agus Saoráil Faisnéise

Leagann Cuid III den Acht (Taifid Dhíolmhaithe) sraith beart gaolmhar amach chun faisnéis a bhaineann le príomhréimsí gníomhaíochta an Rialtais a chosaint (lena n-áirítear slándáil, cosaint agus caidreamh idirnáisiúnta) agus le cúrsaí parlaiminte agus cúirte, chomh maith le faisnéis phearsanta, tráchtála nó rúnda tríú páirtí. Laistigh den chomhthéacs ginearálta sin, áfach, déanfaidh Óglaigh na hÉireann iarracht an méid cúnaimh agus faisnéise is féidir a thabhairt do gach duine a dhéanann iarratas.

Sa chás, ar chúis ar bith, nach mian le duine go nochtfadh Óglaigh na hÉireann aon fhaisnéis a thugtar dóibh mar gheall gur faisnéis íogaireach í, is é an duine nó an comhlacht a bheidh freagrach as é sin a chur in iúl agus an fháisnéis á cur ar fáil, agus maidir leis na cúiseanna a bhaineann le rúndacht na faisnéise a shonrú. Rachaidh Óglaigh na hÉireann i gcomhairle le haon duine aonair nó comhlacht a sholáthraíonn faisnéis íogaireach amhlaidh sula ndéanfar cinneadh faoi aon iarratas um Shaoráil Faisnéise a fhaightear.
An tslí le hiarratas ar fhaisnéis a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá duine ar bith i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí ar shlí eile. Tá an ceart ag gach duine:

  • rochtain a fháil ar thaifid a shealbhaíonn Óglaigh na hÉireann;
  • a chur faoi deara go gceartófar faisnéis phearsanta maidir leis an duine féin a shealbhaíonn Óglaigh na hÉireann i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach;
  • rochtain a fháil ar chúiseanna le cinntí arna ndéanamh ag Óglaigh na hÉireann a bhaineann go díreach leis an duine féin.

Tagann na taifid seo a leanas faoi réim an Achta:

  • gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta agus a shealbhaíonn Óglaigh na hÉireann, is cuma cén uair a cruthaíodh í;
  • gach taifead eile arna chruthú ón dáta tosach feidhme, is é sin 21 Aibreán 1998;
  • gach taifead eile is gá chun taifead reatha a thuiscint.

Tá sé d’oibleagáid ar Óglaigh na hÉireann freagra a thabhairt ar an iarratas laistigh de 4 seachtain.

Ba chóir iarratais ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
Seoladh:




An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann,
An Roinn Cosanta,
Bothar an Stáisiúin,
Droichead Nua.
Co. Chill Dara
Oifig:(045) 49 2577/2578
Ríomhphost:foi@defenceforces.ie

Tabhair ar aird: Is é an tOifigeach um Shaoráil Faisnéise, eagraíocht ar leithligh i ndáil le Saoráil Faisnéise, a dhéileálfaidh le hiarratais ar fhaisnéis maidir le hÓglaigh na hÉireann faoin Acht um Shaoráil Fáisnéise.

Ba chóir iarratais a dhéanamh i scríbhinn agus is ceart a thaispeáint go soiléir iontu go bhfuil faisnéis á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Má bhíonn faisnéis ag teastáil i bhfoirm áirithe i.e. fótachóip, diosca ríomhaire etc., is ceart é sin a lua san iarratas freisin. Tabhair an méid sonraí agus is féidir leat lena chur ar chumas fhoireann Óglaigh na hÉireann an taifead a shainaithint. Má bhíonn aon deacracht agat na taifid chruinne atá ag teastáil uait a shainaithint, beidh foireann na hOifige sásta cabhrú leat agus d’iarratas á ullmhú agat. Déanfar iarratais a admháil laistigh de choicís agus tabharfar ainm an duine atá ag déileáil leis an iarratas duit.

Tabhair ar aird: Ní mór do dhaoine a dhéanann iarratas uimhir theileafóin nó córas teagmhála éigin eile, mar shampla na Gardaí áitiúla a chur ar fáil ionas gur féidir bona fides an duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh aige a dheimhniú nuair a bhíonn faisnéis phearsanta á iarraidh.

Cearta Athbhreithnithe agus Achomhairc. Leagann an tAcht sraith eisceachtaí amach chun faisnéis íogaireach a chosaint, ar faisnéis í a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do leasanna lárnacha an Stáit nó tríú páirtí. Sa chás go n-agraítear na forálacha seo chun faisnéis a choinneáil siar, is féidir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh. D'fhéadfadh cinntí i ndáil le hiarchur rochtana, muirir, cineálacha rochtana, etc. a bheith faoi réir achomhairc.Seo a leanas mionsonraí ar na córais achomharc:

Athbhreithniú Inmheánach

Féadfaidh iarratasóirí athbhreithniú inmheánach ar an gcéad chinneadh a lorg. Is é Leas-Cheann Foirne (tacaíocht) ag leibhéal níos airde a dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin sa chás:

  • go mbíonn an t-iarratasóir míshásta leis an bhfreagra tosaigh a fuarthas i.e. faisnéis a dhiúltú, foirm rochtana, muirir, etc;

  • mura mbíonn freagra faighte ag an iarratasóir laistigh de cheithre seachtaine ón iarratas tosaigh. Meastar gur diúltú ar d'iarratas é sin agus ceadaíonn sé duit dul ar aghaigh le hathbhreithniú inmheánach.

Caithfear iarratas den sórt sin ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón gcinneadh tosaigh. Caithfidh Óglaigh na hÉireann an t-athbhreithniú sin a thabhairt chun críche laistigh de thrí seachtaine. Caithfear athbhreithniú inmheánach a thabhairt chun críche de ghnáth sular féidir achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

Athbhreithniú ag an gCoimisinéir Faisnéise

Tar éis athbhreithniú inmheánach a bheith tugtha chun críche, féadfaidh an t-iarratasóir athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a lorg ón gCoimisinéir Faisnéise. Chomh maith leis sin, mura mbíonn freagra maidir leis an iarratas ar athbhreithniú inmheánach faighte ag an iarratasóir laistigh de 3 seachtaine, meastar gur diúltú é sin agus is féidir achomharc a dhéanamh ar an ábhar chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

Is féidir achomhairc i scríbhinn a dhéanamh díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Seoladh

18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Teil+353 57 868 4800
Ló-Ghlao1890 252231
Ríomhphostinfo@dataprotection.ie
Láithreán Gréasáinhttp://www.dataprotection.ie

Táillí

Is féidir táillí a ghearradh mar seo a leanas:

Maidir le taifid phearsanta, ní ghearrfar táille i ndáil le costas na taifid a chóipeáil, ach amháin sa chás go mbeadh líon mór taifead i gceist. Maidir le faisnéis (neamhphearsanta) eile, féadfar táillí a ghearradh i ndáil leis an am a chaitear ar thaifid a aimsiú agus a chóipeáil go héifeachtúil, bunaithe ar an ngnáthráta in aghaidh na huaire a bheidh i bhfeidhm an tráth a dhéantar an t-iarratas. Ní ghearrfar aon táille maidir leis an am a chaitheann comhlachtaí poiblí ar iarratais a bhreithniú.

D'fhéadfadh éarlais a bheith iníoctha sa chás gur dócha go mbeidh an táille iomlán níos mó ná €50. Sna himthosca sin caithfidh an comhlacht poiblí, má iarrtar air é, cabhrú leis an duine den phobal an t-iarratas a leasú ionas go laghdófar méid an éarlais, nó go gcuirtear deireadh ar fad leis.

Is féidir táillí a tharscaoileadh sna himthosca seo a leanas:

  • sa chás go mbeadh an costas a bhaineann le bailiú agus cuntasú na táille níos mó ná méid na táille
  • sa chás go mbeadh an fhaisnéis ina cabhair shonrach chun saincheist a bhfuil tábhacht náisiúnta léi a thuiscint; nó
  • i gcás faisnéise pearsanta, sa chás nach mbeadh muirir den sórt sin réasúnach maidir le hacmhainn an iarrthóra.

Taifid a shealbhaíonn Óglaigh na hÉireann

  • Seirbhísí Beairice & Cóiríochta
  • Póiliní an Airm
  • Eitlíocht Mhíleata
  • Cúrsaí Cabhlaigh
  • Oibríochtaí Cabhlaigh
  • Oibríochtaí Ordanáis
  • Comhaid Phearsanta (iar-chomhaltaí)
  • Comhaid Phearsanta (comhaltaí ar fónamh)
  • Pleanáil & Taighde
  • Caidreamh Pearsanta na nÓglach Cúltaca
  • Soláthairtí
  • Traenáil
  • Iompar
  • Riarachán
  • Aerchosaint
  • Aerfhaisnéis
  • Oibríochtaí Aeir