Skip to main content

Rochtain as Fhaisnéis Faoin gComhshaol

Faoi Rialacháin na gComphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol)  2007 go 2011 (I.R. Uimh. 133 de 2007 agus I.R. Uimh. 662 de 2011) (dá dtagraítear anseo ina dhiaidh seo mar Rialacháin AIE), tá cearta dlí ag duine a fhéachann rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil ó údaráis phoiblí.

Faoi na rialacháin seo ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá á coinneáil ag údarás áitiúil nó thar ceann údarás áitiúil a chur ar fáil arna iarradh, faoi réir eisceachtaí áirithe. Leagtar d’oibleagáid freisin ar údaráis phoiblí faoi na Rialacháin AIE a bheith forghníomhach i dtaobh faisnéis faoin gcomhshaol a scaipeadh ar an bpobal.

Tugtar sna Rialacháin AIE sainmhíniú ar fhaisnéis faoin gcomhshaol; leagtar amach an bealach ar féidir iarrataí ar fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig údaráis phoiblí agus an bealach a n-éilítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarrataí e.g. Creat ama le freagraí a thabhairt. Leagtar amach sna rialacháin freisin nós imeachta foirmeálta achomhairc sa chás nach mbeadh duine sásta le cinneadh a dhéantar faoin iarraidh a dhéanann siad.

Cé na comhlachtaí poiblí atá faoi réir AIE?

Tugtar sainmhíniú leathain sna Rialacháin AIE ar “údaráis phoiblí” mar chomhlachtaí a bhfuil ról acu i riarachán poiblí agus a bhfuil faisnéis acu faoin gcomhshaol. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go bhfuil an sainmhíniú seo níos leithne i scóip ná an sainmhíniú ar “comhlacht poiblí” sna hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.

Faoi Rialacháin 2011, éilítear ar an Aire liosta táscach d’údaráis áitiúla atá faoi réir Rialacháin AIE a fhoilsiú. Is iad sin:

  • Ranna Rialtais e.g. An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
  • Údaráis Áitiúla e.g. Comhairle Chontae Chorcaí,
  • Gníomhaireachtaí stáit neamhthráchtála e.g. the An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil,
  • Gníomhaireachtaí Tráchtála Stáit e.g. EirGrid,
  • Comhlachtaí Rialúcháin e.g. An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh
  • Cad is faisnéis comhshaoil ann?

Sainmhínítear sna Rialacháin AIE faisnéis comhshaoil mar:

“aon fhaisnéis scríofa, físiúil, closfhaisnéis, faisnéis leictreonach nó aon chineál ábhair eile a bhaineann le—

  1. bail ghnéithe den chomhshaoil mar aer agus atmaisféar, uisce, ithir, talamh, tírdhreach agus láithreacha nádúrtha lena n-áirítear bogaigh, limistéir le cósta agus muirí, bithéagsúlacht agus gnéithe de, orgánaigh géinmhodhnaithe san áireamh agus mar a idirghníomhaíonn na gnéithe sin,
  2. fachtóirí mar substaintí, fuinneamh, torann, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astaíochtaí, eisiltí agus sceitheadh eile sa timpeallacht a mbeadh tionchar nó ar dóigh a mbeadh tionchar acu ar ghnéithe den chomhshaol
  3. Bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin), mar bheartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil agus gníomhaíochtaí a mbeadh tionchar acu, nó ar dóigh a mbeadh tionchar acu, ar ghnéithe agus fachtóirí dá dtagraítear in alt (1) agus alt (2) chomh maith le bearta nó gníomhaíochtaí atá leagtha amach chun na gnéithe sin a chosaint,
  4. tuarascálacha maidir le reachtaíocht comhshaoil a chur i bhfeidhm
  5. anailís costas-tairbhe agus anailís agus boinn tuisceana eile eacnamaíochta a úsáidtear laistigh den chreat bearta agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear in alt (3) agus,
  6. bail shláinte agus shábháilteacht an duine, lena n-áirítear éilliú ar an slabhra bia, nuair is iomchuí, bail an duine, láithreacha cultúir agus struchtúir thógtha lena bhfuil siad, nó a bhféadfadh siad, a bheith faoi thionchar ag bail ghnéithe an chomhshaoil dá dtagraítear in alt (1) nó trí na gnéithe sin, ag aon ní dá dtagraítear in alt (2) agus (3);”

Foráiltear i Rialacháin AIE teacht a bheith ar fhaisnéis comhshaoil arna coinneáil ag údarás poiblí nó thar a cheann.

An chaoi le hIarraidh AIE a dhéanamh

Ba chóir Iarrataí ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a dhéanamh chuig:

 

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann,
Bóthar an Stáisiúin
Droichead Nua,
Co. Chill Dara

W12 AD93

Fón: (045) 49 2577/2578

nó ríomhphost: foi@defenceforces.ie

Nuair atáthar i mbun iarraidh ar fhaisnéis faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol éilítear ort:

  • a lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin AIE agus é a chur ar aghaidh i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach
    do chuid sonraí teagmhála a thabhairt,
  • an fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol atá de dhíth ortsa a lua, ar bhealach atá chomh mionsonraithe agus is féidir, agus a shonrú ar an bhfoirm an bealach a dteastaíonn uait teacht a bheith agat uirthi.

Cuirfear ar an eolas tú maidir leis an gcinneadh ar d’iarraidh laistigh de 1 mhí ó fhaightear é de ghnáth. Sa chás, mar thoradh ar chastacht na faisnéise nó lear mór faisnéise a bheith de dhíth, nach mbeimis ábalta freagra a thabhairt laistigh den chreat ama míosa, éilítear orainn scríobh chuig an iarratasóir laistigh de mhí agus a thabhairt le fios nuair a bheidh freagra ar fáil. Níor cheart an dáta sin a bheith níos faide ná dhá mhí ó fhaightear an bun-iarraidh.

Má tá aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh le foi@defenceforces.ie

An bhfuil táille i gceist le faisnéis a fháil faoi na Rialacháin AIE?

Mar a fhoráiltear sna Rialacháin AIE, níl aon táille i gceist ar dtús chun iarraidh ar fhaisnéis faoi AIE a thaisceadh. Féadfaidh údarás poiblí, áfach, táille réasúnach a ghearradh i leith faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil de réir na Rialachán.

Sa chás go n-éilíonn iarratasóir cóipeanna crua beidh táille €0.04 an bhileog i gceist ag brath ar an méid faisnéise a iarrtar san iarraidh.

Tá táille €10.16 i gceist le faisnéis a sholáthar ar CD-ROM.

Cuirfear sonraí maidir le táillí, más ann dóibh, sa litir maidir leis an gcinneadh deiridh.

Cad is féidir liom a dhéanamh má bhím míshásta faoin gcinneadh a dhéantar maidir le m’iarraidh?

Má mheasann tú gur diúltaíodh d’iarraidh bhunaidh ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol go hiomlán nó i bpáirt, nó seachas sin nár pléadh mar ba cheart leis an iarraidh de réir fhorálacha Rialacháin AIE, féadfaidh tú, tráth nach déanaí ná mí amháin ó fhaightear an cinneadh ón Roinn a iarraidh ar an Roinn tabhairt faoi athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh iomlán nó i bpáirt.

Níl aon táille i gceist ar an bpróiseas athbhreithnithe inmheánaigh.

Seolfar chugat i scríbhinn, laistigh de mhí amháin ó fhaightear an iarraidh, toradh an athbhreithnithe ina dtabharfar an cinneadh le fios duit, an chúis a bhí leis an gcinneadh agus do chur ar an eolas faoin gceart atá agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil lena n-áirítear na teorainneacha ama agus táillí a bhaineann le hachomharc den chineál sin.

Conas le hachomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil?

Ba chóir achomharc i scríbhinn a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil ag:

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2, D02 HE97

Teileafón: 01- 639 5689 nó seol ríomhphost chuig info@ocei.ie

Tá tuilleadh sonraí teagmhála agus faisnéise maidir le hOifig an Choimisinéara le fáil ar láithreán gréasáin Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OIC) ag http://www.ocei.ie/

Forálann Rialacháin AIE nach mór táille €50 a bhaint amach ar achomharc chuig an gCoimisinéir i leith Faisnéis Comhshaoil. Déantar foráil freisin áfach do tháille laghdaithe €15 do shealbhóirí cártaí leighis agus a gcleithiúnaigh.