Skip to main content

Sochraidí Stáit agus Míleata

Sochraid Míleata

Sochraidí Stáit — An Té dá dTugtar iad

Féadfar sochraid stáit a thabhairt d’iarsmaí

  • An Uachtaráin agus Iar-Uachtaráin
  • An Taoisigh agus Iar-Thaoisigh
  • Aon duine eile a shocraíonn an Rialtas sochraid den chineál sin a thabhairt dó nó di

Sochraidí Míleata — an Té dá dTugtar iad

Ar ócáidí den chineál dá n-éilítear ag riachtanais na seirbhíse, agus mar is mian leis na gaolta, is féidir sochraid mhíleata a thabhairt

  • Oifigeach éagtha, oifigeach neamhchoimisiúnaithe, saighdiúir singil nó ball de Sheirbhís Altranais an Airm, a bhí, ag tráth an bháis, ag fónamh mar bhall de na Buan-Óglaigh
  • Ball éagtha den tSeirbhís Séiplíneachta, a bhí, ag tráth an bháis, ag fónamh mar bhall de na Buan-Óglaigh
  • Oifigeach éagtha, oifigeach neamhchoimisiúnaithe nó saighdiúir singil de chuid na nÓglach Cúltaca, a bhí, ag tráth an bháis, ag fónamh i gcuidiú don chumhacht sibhialta nó a bhí i mbun traenála bliantúla nó i mbun traenála nó treorach míleata lánaimseartha eile nó ar bhuanseirbhís
  • Iar-bhall éagtha de chuid na mBuan-Óglach nó na nÓglach Cúltaca, a bhí, ag tráth an bháis, faoi chóireáil mar othar saor in ospidéal míleata (seachas faoi threoir Bhord na nArm-Phinsean)
  • Iar-oifigeach éagtha, a bhí, ag tráth an bháis, ina bhall den Chomhairle Cosanta
  • Iar-oifigeach éagtha, a raibh, ag aon tráth le linn a sheirbhíse nó a seirbhíse, céim mar Mhaorghinearál nó céim níos airde aige nó aici

Sochraidí Míleata - Pearsanra ar Scor, Buanóglaigh

Sa chás ina bhfuil teaghlach iar-bhall de chuid na mBuan-Óglach ag iarraidh Sochraid Mhíleata agus mar a cheadaíonn riachtanais na seirbhíse, féadfaidh an Ginearáloifigeach i gCeannas na Briogáide, an Brat Oifigeach i gCeannas na Seirbhíse Cabhlaigh nó Ginearáloifigeach an Aerchóir rannpháirtíocht mhíleata a údarú ag sochraid iar-bhall de chuid na mBuan-Óglach, nach bhfuil i dteideal seirbhís mhíleata iomlán, mar atá leagtha amach thíos:

Meitheal Iompair nach mó ná deichniúr (10) Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe de chuid na mBuan-Óglach le Tacaíocht Póilíní an Airm ar lá an adhlactha agus sin amháin

agus/nó

Bratach Náisiúnta le leagan anuas ar an gcónra

Ní mór fiche bliain seirbhíse ar a laghad a bheith déanta ag an duine éagtha agus taifead sásúil aige nó aici.

Sochraidí Míleata — Eagraíochtaí íšdaraithe

Is féidir Onóracha Míleata a sholáthar do na heagraíochtaí údaraithe seo a leanas agus sin amháin:

  • Sean-Óglaigh na hÉireann
  • Fianna Éireann
  • Arm Cathartha na hÉireann
  • Cumann na mBan
  • Na Hibernian Rifles

Faoi réir mholtaí agus deimhniú ballraíochta aon cheann de na heagraíochtaí thuas luaite, ag an Garda Síochána áitiúil, féadfaidh an Ginearáloifigeach i gceannas Briogáide iarratais a dheonú maidir le meitheal lámhaigh chun onóracha míleata a chur ar fáil ag adhlacadh ball éagtha de na heagraíochtaí sin, ar choinníoll go dtarlaíonn sin laistigh d’achar réasúnta de phost míleata.

Adhlacadh i bPlásán an Airm - Reilig Ghlas Naíon

  1. Tá Plásán an Airm, Reilig Ghlas Naíon, coinnithe go speisialta d’oifigigh éagtha agus do phearsanra liostáilte a bhí i mbun seirbhíse roimh an sos le hÓglaigh na hÉireann, agus nach bhfuil aon agóid ag a ngaolta in aghaidh a n-adhlacadh ansin.
  2. An DCOS (Sp) a thabharfaidh cead le haghaidh adhlacthaí.
  3. Is é adhlacóir Choiste Reiligí Bhaile ítha Cliath a dhéanfaidh socruithe maidir le hoscailt na huaighe.

Gnéithe Eile de Shochraid Mhíleata

Meitheal Iompair

Soláthrófar Meitheal Iompair nach mó ná 10 pearsanra de ghnáth do gach céim. Ag sochraid oifigigh, ní mór go mbeadh an Mheitheal Iompair comhdhéanta d’oifigigh Neamhchoimisiúnaithe ó Phóilíní an Airm.

Iompróirí Páilín

Oifigigh nó Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe den chéim chéanna agus a bhí ag an duine éagtha a iompróidh an páilín. Ní bheidh níos mó ná deichniúr iompróirí páilín agus beidh céim Sháirsint ar an laghad ag na hiompróirí páilín i/c sin.

Gunnacharráiste

Is féidir gunnacharráiste agus trealamh do shochraidí míleata a sholáthar de rogha an cheannasaí eagair/seirbhíse an eagair/na seirbhíse ábhartha.

An Bhratach Náisiúnta

Ag sochraid Stáit/Mhíleata beidh bratach searmanais leagtha ar bharr na cónra (9 troigh faoi 4.5 troigh le lúba). Leagtar anuas ar an gcónra ar a fhad agus go cothrom í agus an chuid uaine leis an gceann. Nuair a bheidh an Bhratach Náisiúnta leagtha anuas ar an gcónra leagfar an ceannbheart agus an claíomh ar an gcónra:

  1. Beidh an ceannbheart leagtha ar cheann na cónra, os cionn an chuid uaine den bhratach, le píce an chaipín nó suaitheantas an beret dírithe i dtreo an ceann.
  2. Beidh an claíomh, i gcás oifigeach, leagtha anuas i lár na cónra le dornchla an claímh dírithe i dtreo íochtar na cónra.
  3. Beidh Crios an Chulaith Seirbhíse, i gcás pearsanra ar chéim eile, leagtha ar a fhad i lár na cónra leis an gclaspa dúnta.

Sa chás ina mbeidh Bratach Náisiúnta nó Reisiminte in iompar ag sochraid beidh dhá shraoilleán dubh síprise seacht troigh ar fhad agus dhá orlach déag ar leithead ceangailte le barr na slaite díreach faoin Tau.

Coimhdeacht agus Meitheal Lámhaigh — Sochraidí Stáit

Beidh an Choimhdeacht agus an Mheitheal Lámhaigh do Shochraid Stáit leagtha amach mar atá sa tábla seo a leanas.

PearsaCoimhdeachtMeitheal Lámhaigh
An tUachtarán Reatha1 Oif, 2 Sáir, 2 Cre, 20 SS
An Taoiseach Reatha2 Complacht1 Oif, 1 Sáir, 3 Cre, 16 SS
Iar-Uachtaráin1 Complacht1 Oif, 1 Sáir, 1 Cre, 14 SS
Iar-Thaoisigh1 Complacht1 Oifigeach, 1 Sáirsint, 1 Ceannaire, 12 SS

Coimhdeacht agus Meitheal Lámhaigh — Sochraidí Míleata

Mar threoir tá an Choimhdeacht agus an Mheitheal Lámhaigh a sholáthraítear chun onóracha searmanais a thabhairt ag sochraidí míleata tugtha thíos:

Mar threoir tá an Choimhdeacht agus an Mheitheal Lámhaigh a sholáthraítear chun onóracha searmanais a thabhairt ag sochraidí míleata tugtha thíos:

CéimCoimhdeachtMeitheal Lámhaigh
Lt Gin, Maor Gin nó Br Gin2 Complacht 200 Gach Céim1 Oifigeach, 1 Sáirsint, 1 Ceannaire, 10 Saighdiúir Singil, 1 Trumpadóir
Ceannfort

1 Complacht 100 Gach Céim1 Oifigeach, 1 Sáirsint, 1 Ceannaire, 6 Saighdiúir Singil, 1 Trumpadóir
Captaen nó Leifteanant

2 Pls 30 Gach Céim1 Oifigeach, 1 Sáirsint, 1 Ceannaire, 6 Saighdiúir Singil, 1 Trumpadóir
ONC nó Saighdiúir Singil

1 Pl 30 Gach Céim1 Sáirsint, 1 Ceannaire, 5 Saighdiúir Singil, 1 Trumpadóir

Beidh an Choimhdeacht agus an Mheitheal Lámhaigh i leanas ag Iar-Oifigeach éagtha a bhí, ag am ar bith, mar bhall míleata den Chomhairle Cosanta, nó ag iar-oifigeach éagtha a raibh, ag am ar bith le linn a sheirbhíse nó a seirbhíse, céim Maorghinearál nó níos airde aige nó aici, nó ag Coirnéal nó Leifteanantchoirnéal a bhásaigh i seirbhís:

CoimhdeachtMeitheal Lámhaigh
1 Complacht 100 Gach Céim1 Oifigeach, 1 Sáirsint, 1 Ceannaire, 8 Saighdiúir Singil, 1 Trumpadóir