Skip to main content

An Bonn Seirbhíse Dearscna

An Bonn Seirbhíse Dearscna (BSD)

Eolais faoin mBonn

An 18 Feabhra 1964 thug Óglaigh na hÉireann bonn ar a tugadh “An Bonn Seirbhíse Dearscna” isteach.Is féidir an bonn a bhronnadh ar oifigigh, ar oifigigh neamhchoimisiúnaithe agus ar shaighdiúirí singil de chuid Óglaigh na hÉireann agus ar chomhaltaí Seirbhísí Altranais agus Séiplíneachta an Airm mar aitheantas ar léirithe aonair nó comhléirithe misnigh, crógachta, ceannaireachta, seiftiúlachta nó dúthracht i mbun dualgais (seachas dualgas nó léirithe den sórt sin a rinneadh ar sheirbhís chogaidh) ag eascairt as, nó a bhain le, seirbhís in Óglaigh na hÉireann agus seirbhís nár thuill An Bonn Míleata Calmachta.

Aicmí Bronnta

Is féidir an bonn a bhronnadh sna haicmí seo a leanas:-

  1. le hOnóir
  2. le Gradam
  3. e Tuillteanas
Barra a chur le Bonn

Ní bhronnfar an bonn i gceann ar bith de na haicmí thuasluaite ach uair amháin ar aon duine amháin, ach is féidir barra ar bhonn san aicme sin a bhronnadh ar gach léiriú a bheadh dóthanach le dámhachtain eile san aicme chéanna a thuilleamh.

An Bonn Seirbhíse Dearscna

An Bonn Míleata Calmachta Le hOnóir
info_medals_dsm_hon_en_01
An Bonn Míleata Calmachta Le Dearscnacht
info_medals_dsm_dist_en
An Bonn Míleata Calmachta Le Tuillteanas
info_medals_dsm_merit_en