Skip to main content

An Cúirtéise 21 Gunna

An Cúirtéise 21 Gunna

Tionscnaíodh cúirtéisí gunna sa 17ú céad mar chleachtas muirí a d’éiligh go scaoilfeadh long namhad a raibh an ceann is fearr faighte uirthi a harmlón chun í féin a fhágáil gan cumhacht.

Tá an uimhir ‘21’ i gceist mar go dtagann sé ó thraidisiún na long fada a fholmhaíonn a ngunnaí mar chomhartha síochána do phoirt iasachta.

Bhí trí shraith seacht ngunna ar thaobh na loinge a fhágann gur scaoileadh 21 gunna, agus is uaidh seo a thagann an traidisiún 21 gunna a scaoileadh, cuma cé mhéid gunna a bhíonn ann caithfimid 21 i.e. is bataire 6 ghunna ár mbataire, mar sin scaoiltear na gunnaí go léir 3 uaire agus ansin scaoileann gunna 1, 2 agus 3 an 4ú urchar.

Bhunaigh sé seo traidisiún cabhlaigh, scaoileadh aon long cogaidh ag tabhairt cuairt ar náisiún iasachta a gunnaí go léir le léiriú go raibh siad folamh agus d’fhreagródh an port óstaigh an chúirtéis le léiriú go raibh a ngunnaí siúd folamh freisin, freagra mar sin á thabhairt ar an rún cáirdiúil a léirigh an long ar cuairt.

Sa bhliain 1949 a fuair Óglaigh na hÉireann na gunnaí a úsáidimid sa lá atá inniu ann leis na cúirtéisí gunna seo a thabhairt. Fuair an t-arm 48 gunna in iomlán.

Is gunnaí marc 3, 25 punt, iar-arm na Breataine ón Royal Artillery Corp a bhí iontu go léir. Baineadh dianúsáid as na gunnaí seo feadh an Dara Cogadh Domhanda agus i gcathanna mar an Normainn.

Mheas a lán gurb é an 25 punt an mhír airtléire ab fhearr a bhí in úsáid le linn an chogaidh. I 1981 chuir Buan-Óglaigh na hÉireann an gunna éadrom 105mm in áit na ngunnaí sin cé go raibh siad fós ar seirbhís leis na hÓglaigh Chúltaca suas go dtí 2009.

Coinníonn Óglaigh na hÉireann Bataire 6 ghunna searmóine 25 punt i nDún Mhic Aoidh mar aon le 6 ghunna 12 punt Cosanta Cósta lonnaithe i gCuan Dhún Laoghaire, faoi rialú an 2ú Reisimint Airtléire Machaire a úsáideadh le foireann a chur ar an gCoimhdeacht Uachtaráin ar mhuin capaill, a dtugtaí go coiteann na Blue Hussars orthu a bunaíodh i 1931 agus a díscaoileadh i 1948. Rinneadh athchóiriú ar na gunnaí sin i 2003 go dtí a staid ghlasbhuí reatha, le páirteanna bunaidh agus bailchríoch chróim ar an mbriseadh béil.

21-gun-1070

Stiúrann an 2ú reisimint cúirtéisí searmóine d’insealbhú Uachtaráin, do cheannairí stáit ar cuairt, cúirtéis a thabhairt don Sacraimint Ró-Naofa, cúirtéis ghunna freagartha ó longa cogaidh iasachta agus sochraidí míleata do ghinearáloifigigh nó comhalta míleata den chomhairle cosanta. Oibrítear an gunna le 4 ghunnadóir agus ceannaire amháin ar an ngunna agus tá an Bataire rialaithe ag leifteanant amháin, sáirsint Bataire agus amadóir.
Oibrítear amach an tráthú d’eatramh na n-urchar trí amanna an dá amhrán náisiúnta a shuimiú agus a roinnt ar 20 chun go mairfidh an chúirtéis ar feadh tréimhse iomlán an dá amhráin agus iad á seinm.