Skip to main content

Suaitheantas Caipín Óglaigh na hÉireann

Tagann dearadh an tSuaitheantais (atá i gcoiteann ag gach Cór agus Seirbhís agus gach ord éide) ó shuaitheantas Óglaigh na hÉireann agus is é an tOllamh Eoin Mac Néill, Cathaoirleach Fheidhmeannas Náisiúnta Óglaigh na hÉireann, a dhear.

Ghlac Óglaigh na hÉireann leis an suaitheantas seo ar dtús i nDeireadh Fómhair 1914 mar shuaitheantas oifigiúil na heagraíochta. Is iad na litreacha ‘FF’ an Lármhír. Ciallaíonn na litreacha seo ‘Fianna Fáil’. Is é an focal ‘Fianna’ ainm an eagrais mhíleata ársa (circa 3ú Céad A.D.) a fhoirmigh an rud arbh ionann ansin agus Arm seasta na tíre. Ciallaíon an focal ‘Fáil’ ‘Cinniúint’.

Ba cheann d’ainmneacha ársa na hÉireann é ‘Inis Fáil’ (Oileán na Cinniúna) agus ciallaíonn ‘Fianna Fáil’ mar sin ‘Fianna (nó Arm) na hÉireann’. Tá an dá litir timpeallaithe ag léiriú de chrios claímh laoich ársa agus ciorcal lasracha a léiríonn ‘An Gal Gréine’— siombal catha traidisúnta na bhFianna.

Ciallaíonn na focail ‘Óglaigh na h-Éireann’ atá inscríofa thart ar an gcrios claímh ‘Saighdiúirí na hÉireann’. Níl aon tábhacht ar leith bainteach leis an léiriú den réalta ar cuireadh san áireamh í le cothromaíocht a thabhairt don dearadh.

Fianna agus Fáil (FF)

Fianna

Baineann an focal 'Fianna' in intinn na nGael leis an gcrógacht, le cumas na bhfear agus leis an niachas sa chine agus baineann an 'Fáil' leis na córais pholaitíochta agus chreidimh is luaithe ar fad de chuid na Seandéithe.

Cuireadh na Fianna mar ainm den chéad uair ar an eagraíocht mhór mhíleata a bhunaigh Fionn Mac Cumhaill féin sa 3ú céad agus tá sé in úsáid le seacht gcéad déag bliain mar fhocal ar lucht gaile agus gaisce na nGael. Tráthanna éagsúla freisin, bhí an focal in úsáid maidir le lucht agartha agus cosanta chearta agus shaoirse na hÉireann. Bhí adhradh agus móradh ar na Fianna, ar aon dul beagnach le déithe, ag na Gaeil ar mhór acu laochra agus chonacthas go raibh tréithe na crógachta, na huaisleachta agus na féile go smior iontu. Rinne filí agus baird na nGael móradh orthu san iliomad dán; tá cuid mhór den litríocht náisiúnta bunaithe ar éachtaí laochra agus cheannairí na bhFianna agus tá a gcuid ainmneacha luaite le fada le háiteanna ar fud na tíre. D'éilítí ar dhaoine ar mhian leo bheith sna Fianna dul faoi thástáil ghéar ar a n-iarann aigne chomh maith le lúth a ngéag. Bhí Fionn, Oisín, Oscar, Diarmuid agus cuid mhór ceannairí iomráiteacha eile de chuid na bhFianna ina bhfilí chomh maith le bheith ina ngaiscígh.

Bhí an tseaneagraíocht scothmhíleata seo mar réalt eolais ag Seán Mac Mathúna maidir le hArm na hÉireann agus ba mhór ag Pádraig Mac Piarais go mbeadh an cultúr Gaelach agus meas na nGael ar an gcrógacht, ar an gceart agus ar an onóir le chéile in Arm na hÉireann, mar a bhíodh sna Fianna fadó.

Fáil

Tugann an t-iliomad scéal seanchais agus finscéal lena mbaineann an focal taibhsiúil 'Fál' siar muid go dtí an ré ársa, réamhstairiúil a dtáinig na Tuatha De Danann chun na tíre. Ba iadsan a thug an Lia Fáil anseo nuair a shocraigh siad ar dtús go gceansóidís Éirinn. Bhí cloch sin na cinniúna ar cheann de na seoda ba luachmhaire acu. Rinne na Tuatha De Danann agus Clanna Míleadh a tháinig i gcomharbacht orthu i gceannas na tíre, móradh agus adhradh ar an Lia Fáil a mheas siad a bhí acu ó na déithe.

Ar feadh na gcianta, is ar an Lia Fáil sin a tharla searmanais choróinithe ríthe na nGael, agus bhí creideamh buandaingean ag na Gaeil i ngach ollchumhacht neamhghnách a luadh le Cloch dhraíochta na Cinniúna. Luaití go raibh de bhua leis go dtagadh fuaim as nuair a bhíodh an t-oidhre ceart á choróiniú ina rí, agus go gcinntítí ar an gcaoi sin nach dtiocfadh aon duine ach amháin an comharba dlisteanach i mbun na Ríochta.

Tar éis do chlann Earca cóilíneacht Éireannach a chur ar bun in Albain agus iad sách tréan ann le ceart ardcheannais a áiteamh ar an tír sin, d'iarr Fearghus, an chéad Rí a roghnaíodh thall, iasacht an Lia Fáil ar a dheartháir, a bhí ina Ard-Rí Éireann ag an am, ionas go bhféadfaí an searmanas coróinithe a dhéanamh leis an sollúnacht reiligiúnach agus leis na deasghnátha agus leis an mórchúis uile a bhí ag a shinsir le searmanais den chineál sin leis na mílte bliain.

Tugadh dá réir sin an Lia Fáil go hAlbain, agus is ann a d'fhan, sa mhainistir i Scoine go dtí go raibh Edward I ina rí ar Shasana. Ghabh an rí sin an Lia Fáil, le linn ionradh a dhéanamh sna críocha ó thuaidh, agus thug leis go Sasana é. Is é is dóigh le húdair go leor gurbh í an chloch mhór sa chathaoir coróinithe i Westminster an chéad Lia Fáil. Ón Lia Fáil a tháinig ceann de na seanainmneacha ar Éirinn, Inis Fáil. Sin an bun atá leis an leagan Béarla 'Innisfail' a chuir Moore i mbéal an phobail.