Skip to main content

Stair an Airm

Stair an Airm

Leanann an chuid seo den Suíomh Gréasáin stair Óglaigh na hÉireann ó dháta a mbunaithe i 1913 go dtí an lá inniú. Tá súil againn go mbeidh an t-eolas atá curtha ar fáil idir shuimiúil agus chabhrach duit. Ní fhéachann an chuid seo le do chuid ceisteanna uile a fhreagairt ach ba chóir go dtabharfaí tuiscint níos fearr duit ar an eagraíocht arb í Óglaigh na hÉireann í. Go háirithe ba chóir go dtabharfadh sé spreagadh duit chun tuilleadh léitheoireachta a dhéanamh ar an ábhar ionas gur féidir leat teacht ar léargas eolasach faoi bhunús Óglaigh na hÉireann agus faoi bhunús na tíre dá dtugann siad seirbhís chomh bródúil agus chomh neamhleithleach sin di.

Bunú Óglaigh na hÉireann

Thosaigh Óglaigh na hÉireann mar Oibrithe Deonacha Éireannacha a bunaíodh i 1913. Is é Óglaigh na hÉireann, Deonacha Éireannacha a dteideal oifigiúil sa Ghaeilge. Iompraíonn suaitheantais caipíní Óglaigh na hÉireann agus na cnaipí ar a n-éide oifigigh an insignia Óglaigh na hÉireann. Taispeánann cnaipí Óglaigh na hÉireann ar éide eile na litreacha I V do Shaorálaithe Éireannacha. Ghlac na saorálaithe Éireannacha, faoi stiúir Patrick Pearse, páirt i Éirí Amach na Cásca i 1916.

Bunaíodh Óglaigh na hÉireann ar 25ú Samhain, 1913 ag cruinniú poiblí a reachtáladh ag Rinc an Rótunda, i mBaile ítha Cliath. I measc na mbunaitheoirí bhí The O’Rahilly, ball de chomhlacht ceannais Chonradh na Gaeilge, Eoin Mac Néill, Ollamh le Luathstair agus Stair Mheánaoiseach na hÉireann ag Coláiste na hÉireann, Baile ítha Cliath, agus Padraic Mac Piarais, ball mór-le-rá eile de Chonradh na Gaeilge.

Spreag an ghluaiseacht samhlaíocht an phobail ionas faoi Iúil 1914 go raibh thart ar 180,000 ball sna hÓglaigh. Bunaíodh na hÓglaigh i bhfianaise chúlra na míleatachta a bhí ag ardú in Éirinn. Is éard a thug spreagadh dó ná Bille Rialtas Dúchais na hÉireann de 1912 a raibh na hAontachtaithe go diongbháilte ina aghaidh.

De thoradh fhreasúra na nAontachtaithe do Rialtas Dúchais cuireadh Óglaigh Uladh ar bun agus faoi1913 bhí siad eagraithe isteach i bhfórsa de bheagnach 100,000 fear. Agus iad ag glacadh inspioráide ó Ulaidh, cuireadh Óglaigh na hÉireann ar bun.

Éirí Amach 1916

Bhí ballraíocht de 180,000 duine ag Óglaigh na hÉireann faoi lár 1914 agus tharla scoilt eatarthu faoi ar chóir nó nár chóir dá mbaill liostáil i bhFórsa na Breataine chun dul ag troid i gcogadh na hEorpa. Chuir thart ar 11,000 duine go láidir ina aghaidh seo agus choinnigh siad an t-ainm bunaithe. Tugadh na hÓglaigh Náisiúnta ar an gcuid eile.

Ghlac Braithreachas Phoblacht na hÉireann, grúpa réabhlóideach rúnda, ceannas chucu féin go héifeachtúil ar Óglaigh na hÉireann agus bhain siad úsáid astu chun dul i mbun éirí amach a phleanáil agus a stiúradh i 1916. Bhí an tÉirí Amach teoranta mórán go hiomlán do Bhaile Átha Cliath.

Ar Luan Cásca ghlac na hÓglaigh seilbh ar roinnt foirgneamh straitéiseach laistigh den chathair a raibh ceannas acu ar na príomhbhealaí isteach sa phríomhchathair. De réir a chéile tríd an tseachtain d’éirigh an trodaíocht níos déine arb é an príomhthré di ná cathanna fada sráide le cogaíocht fiochmhar iontu. Ar an Satharn cuireadh faoi deara do cheannaire an éirí amach, a bhí lonnaithe in Ardoifig an Phoist go príomha, aontú chun géillte. Cuireadh an cinneadh in iúil do na garastúin a bhí fós ag troid agus ghlac siad - cuid acu go drogallach - leis an gcinneadh.

Throid Óglaigh na hÉireann le haraíonacht agus le scil. Cuireadh cúigear déag de na ceannairí chun báis idir 3 agus 12 Bealtaine 1916.

Cogadh na Saoirse 1919 - 1921

Chuir líon de cheannairí óga diongbháilte de chuid na nÓglach tús le Cogadh na Saoirse in Eanáir 1919. Bhí siad lánchinnte nach bhféadfaí poblacht a bhaint amach ach leis an lámh láidir. Ó riachtanas, chuaigh siad i mbun feachtais eadarnaíoch. Bhí siad eagraithe ar dtús ina n-aonaid bheaga neamhspleácha a láinseáil ionsaithe minice gan choinne ar leibhéal íseal.

Bhí ról ríthábhachtach ag Mícheál Ó Coileáin. Chuir sé maoiniú, airm agus trealamh ar fáil do na hÓglaigh. Ba é soláthar faisnéise an ní is criticiúla a rinne sé. Ach ag cur nádúr na cogaíochta eadarnaíche san áireamh, ba iad na haonaid aonair Óglaigh a rinne an cion is mó.

Bhí 15,000 Óglach gníomhach le linn an chogaidh, agus thart ar 3,000 ar seirbhís ag aon am amháin. Ó fhómhar 1919 amach bhí an fórsa sách láidir le tabhairt faoi ghníomhartha níos mó agus aithne orthu anois mar Arm na Poblachta. Tharla an gníomh is fearr aithne díobh seo ar 21 Samhain 1919, ‘Domhnach na Fola’, tráth a lámhachadh 19 oifigeach faisnéise amhrasta de chuid Arm na Breataine.

Faoi dheireadh 1920 bhí an fórsa eagraithe ina ‘cholúin reatha’ — aonaid shoghluaiste thart ar 100 fear, iad lonnaithe i gcampaí iargúlta nó i dtithe sábháilte. Faoi lár 1921 bhí rialtas na Breataine réidh chun díriú ar réiteach polaitiúil agus ar 21 Iúil tháinig sos comhraic i bhfeidhm.

An Cogadh Cathartha 1922 - 1923

Chruthaigh an Conradh Angla-Éireannach, a ndearnadh idirbheartaíocht air le linn an tsosa cogaidh agus a síníodh an 6 Nollaig 1921, deighilt dhomhan i measc náisiúnaithe na hÉireann. Rinne an dream a bhí ar son glacadh leis an argóint gur fhág na cumhachtaí a bhronn sé go mb’fhiú tacú leis agus nach raibh aon rogha eile ann ach dul i mbun cogaidh leis an mBreatain an athuair.

Cháin an dream a bhí in éadan an Chonartha é toisc gur theip air stádas mar phoblacht a bhaint amach d’Éirinn. Thosaigh díospóireachtaí sa Dáil ar an gConradh ag éirí searbh agus pearsanta. Ghabh an tIRA a bhí in aghaidh an Chonartha beairicí agus foirgnimh phoiblí de réir mar a d’imigh státseirbhísigh agus trúpaí na Breataine as an tír.

Lámhachadh an Marascal Machaire Sir Henry Wilson i Londain an 22 Meitheamh 1922 agus dá thoradh sin d’éiligh Rialtas na Breataine ar Rialtas na hÉireann gníomhú in aghaidh an IRA a bhí in aghaidh an Chonartha, nó ghlacfadh siad leis gur sáraíodh an Conradh.

An 28 Meitheamh 1922 scaoil an tArm Náisiúnta, mar a bhí á thabhairt anois ar an IRA a bhí ar thaobh an Chonartha, buamaí leis na gCeithre Chúirt i mBaile Átha Cliath a bhí i seilbh cheannaireacht na bhfórsaí a bhí in aghaidh an Chonartha. Bhí tús curtha leis an gCogadh Cathartha. Tar éis tréimhse ghnáthchogaíochta d’fhill an taobh a bhí in aghaidh an Chonartha ar fheachtas eadarnaíoch. Anuas air sin rinneadh feallmharú, agus scriosadh foirgneamh, droichead agus feisteas eile.

Ghlac an Rialtas Sealadach cumhachtaí speisialta chuige agus chuir 77 príosúnach chun báis sular fhógair an dream a bhí in aghaidh an Chonartha sos comhraic an 24 Bealtaine 1923. Maraíodh suas le 4,000 le linn an Chogadh Cathartha.

Idir na Cogaí 1923 - 1939

I bhfómhar na bliana 1923 socraíodh líon an airm a laghdú agus atheagar a chur air do thráth na síochána. Bhí laghdú 30,000 pearsanra i gceist leis sin. Rinne grúpa beag oifigeach, á threorú go príomha ag iarbhaill d’aonad faisnéise Uí Choileáin, iarracht cur in aghaidh na n-iarrachtaí chun oifigigh a dhíshlógadh. As sin a d’eascair an rud ar a dtugtaí “Frithcheilg an Airm” i Márta 1924.

Ní hé an rud a tharla an rud ba thábhachtaí i ndáiríre, ba é go raibh forlámhas an rialaithe daonlathaigh ar Óglaigh na hÉireann nuair a réitíodh an scéal.

Ag deireadh an Chogaidh Chathartha chuaigh an stát nua i mbun stádas dlíthiúil a sholáthar dá fhórsaí armtha. Faoin Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 bhunaigh an Ard-Chomhairle Óglaigh na hÉireann go foirmiúil, an 1 Deireadh Fómhair 1924.

Cuireadh Misean Míleata go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1926 chun staidéar a dhéanamh ar mhodhanna traenála agus eagraíochta. Dá thoradh sin cuireadh an traenáil ar bhonn ceart le bunú Coláiste Míleata, Scoileanna Cóir agus Seirbhíse.

Ba cheangaltas trom riaracháin agus searmóine ar Óglaigh na hÉireann í Comhdháil Chorp Chríost a tionóladh i mBaile Átha Cliath i 1932. Is ag an gComhdháil a chonacthas an Choimhdeacht ar Mhuin Capaill (ar a dtugtaí go coitianta na Blue Hussars) go poiblí den chéad uair.

De bhrí go raibh na Buan-Óglaigh á laghdú leanadh le beartas chun cur leis an gCúltaca a raibh foirmiú Óglaigh na hÉireann mar thoradh air i 1934.

An Éigeandáil 1939 - 1946

Nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach i Meán Fómhair 1939, shlóg Óglaigh na hÉireann ar lÁon nÁos lú ná 20,000. Cuireadh tús le feachtas earcaÁochta agus forbraÁodh fórsa troda éifeachtach go tapa. In Aibreán/Bealtaine 1941 mhéadaigh lÁon an Airm Éigeandála go dtÁ buaicphointe beagnach 41,000 agus i Meitheamh 1943 shroich an Fórsa Cosanta Áitiúil lÁon 106,000.

D’fhág an slógadh gur bunaÁodh dhá rannán agus dhá bhriogáid neamhspleácha. BhÁ ceannáras ag an gCéad Rannán, faoin Maorghinearál M. J. Costello, i gCorcaigh agus ceannáras ag an Dara Rannán, faoin Maorghinearál Hugo McNeill, i dTeach Chartún i Maigh Nuad. BhÁ na BriogáidÁ neamhspleácha 5 agus 8 lonnaithe ar an gCurrach agus i Rinn Eannaigh (Aerfort na Sionainne anois) faoi seach.

D’éirigh na CeannasaÁochtaÁ limistéarbhunaithe as freagracht in oibrÁochtaÁ machaire ach lean orthu ag déanamh gach dualgas garastúin, oiliúint earcach agus eagrú an Fhórsa Cosanta Áitiúil.

Thuairteáil 170 aerárthach nó rinne tuirlingt éigeantach ar thalamh na hÉireann le linn na tréimhse seo. BunaÁodh campaÁ imtheorannachta ar leith ar an gCurrach d’aerchriúnna Gearmánacha agus Comhghuaillithe araon chomh maith leis an 164 mairnéalach Gearmánach a tharrtháil an MV Kerlogue i mBá na Bioscáine. I dteannta na buamála ar an Trá Thuaidh i mBaile Átha Cliath scaoileadh buamaÁ freisin i gCeann Poill, i nDún Dealgan, i Muineachán, i gCeatharlach agus ar an gCurrach.

Na Blianta IarÉigeandála 1946 - 1960

Ag deireadh na hÉigeandála laghdaíodh líon Óglaigh na hÉireann go bunaíocht 12,500. Bhí na Buan-Óglaigh anois comhdhéanta de thrí Bhriogáid, ceann amháin i ngach Ceannasaíocht. Faoi Mhárta 1947 bhí an líon titithe go 8,803. Chun teacht i dtír ar thaithí na hÉigeandála tháinig An Fórsa Cosanta íitiúil (FCÁ) in áit an Local Defence Force a raibh aithne orthu i mBéarla roimhe sin.

Ach níor tháinig aon athrú ar bheartas cosanta an rialtais tar éis fhorógra na Poblachta in Aibreán 1949. Bhí tréimhse mharbhántachta mar thoradh ar dhrochthoscaí agus easpa trealaimh a mhair go dtí tús na seirbhíse thar lear.
I Nollaig 1956 cuireadh tús le Feachtas Teorann an IRA agus dhírigh sé ar ionsaithe ar bheairicí de chuid Arm na Breataine agus stáisiúin leis an RUC. Mar fhreagairt cuireadh Óglaigh na hÉireann go dtí an teorainn. Faoi Mhárta 1962 bhí an feachtas thart.

I 1959 comhtháthadh an FCÁ leis an mBuanarm. Bunaíodh sé Bhriogáid d’aonaid mheasctha Bhuan-Óglaigh agus FCÁ, gan ach Buanchathlán Coisithe amháin ag gach ceann. Tháinig Éire chun a bheith ina comhalta de na Náisiúin Aontaithe i 1955 agus i 1958 chuir sí breathnadóiri míleata ar mhisean de chuid na Náisiún Aontaithe go dtí an Meán Oirthear (UNOGIL). Ba é seo tús rannpháirteacht Óglaigh na hÉireann sa tseirbhís thar lear, atá ar siúl fós sa lá atá inniu ann.

Seascaidí 1960 - 1969

Chuir misean na Náisiún Aontaithe sa Chongó, a mhair ó Iúil 1960 go Bealtaine 1964, tús le raon nua deiseanna d’Óglaigh na hÉireann. Léirigh seirbhís thar lear roinnt mhaith easnamh. Dá thoradh sin tháinig feabhas ar phá agus ar choinníollacha agus rinneadh nuachóiriú ar threalamh. Tháinig an muscaed FN 7.62mm in áit an .303 Lee-Enfield, tháinig carranna armúrtha Panhard in áit Landverks Sualannacha agus Fords a tógadh in Éirinn.

Ach bhí praghas le n-íoc freisin ar sheirbhís thar lear in áiteanna ar nós Niemba áit ar cailleadh naonúr saighdiúr an 11 Samhain 1960. Ba í an Chipir an chéad réimse oibríochta eile. In Aibreán 1964 cuireadh an chéad aonad Éireannach ansin leis an tsíocháin a choimeád idir pobail na Tuirce agus na Gréige. Ba é an misean thar lear ab fhaide againn ariamh agus bhíomar páirteach ann go dtí Bealtaine 2005.

I Meitheamh 1963 thug Uachtarán na Stát Aontaithe, John Fitzgerald Kennedy, cuairt ar Éirinn. Le linn a chuairte leag sé bláthfhleasc ar uaigheanna ceannairí 1916 ag Cnoc an Arbhair. Dúirt sé ina dhiaidh gur ceann de na himeachtaí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm air i rith a shaoil a bhí ann. Sula raibh an bhliain caite, rinne Daltaí dár gcuid onóracha míleata a thíolacadh cois a uaighe in Arlington tar éis gur feallmharaíodh é.

I 1966 comóradh cothrom caoga bliain lá cuimhnithe Éirí Amach na Cásca 1916 i searmanais mhíleata a raibh gnéithe uile Óglaigh na hÉireann páirteach iontu.

Isteach sa Ré Nua-aimseartha 1969 — go dtí an Lá atá inniu ann

I 1969 chuir briseadh amach an fhoiréigin i dTuaisceart Éireann tús le diantréimhse Cúnaimh don Chumhacht Shibhialta (ATCP) ag gach gné d’Óglaigh na hÉireann. Bhí ról an-tábhachtach ag an FCÁ sa tasc seo. Bhí an bhéim anois á cur ar oibríochtaí slándála inmheánacha in áit oibríochtaí coinbhinsiúnacha. Imscaradh trí Ghrúpa Coisithe go dtí an teorainn leis na sé chontae ar dtús.

Chuir bunú ospidéal machaire agus campaí dídeanaithe diminsean nua le hoibríocht an-chasta. Dá thoradh bunaíodh trí Chathlán Coisithe agus Scuadrún Marcra gníomhachtaithe as an nua agus forbraíodh deich bpost míleata i gceantar na teorann.

I 1980 cuireadh struchtúr ceannais agus rialaithe ar leith ar fáil d’aonaid an FCÁ laistigh de gach Ceannasaíocht in áit chóras briogáide comhtháite. Ar thascanna Óglaigh na hÉireann áiríodh soláthar buanghardaí ar shuiteálacha riachtanacha, soláthar meitheal armtha do choimhdeacht airgid tirim, phléascáin agus phríosúnach, agus pearsanra Óglaigh na hÉireann a bheith i láthair ag suíomhanna pléasctha laistigh den stát.

Chomh maith leis sin cuireadh cúnamh speisialaithe mar dhiúscairt buamaí, foirne cuardaigh mar aon le tacaíocht chabhlaigh agus aeir, ar fáil do na Gardaí. Chuir riachtanais shlándála bhreise d’imeachtaí mar chuairteanna iomráiteacha agus Cruinnithe Mullaigh AE leis an gceangaltas.

I mBealtaine 1991 shínigh an tAire Cosanta Rialachán Óglaigh na hÉireann a raibh bunú cumann ionadaíochta laistigh den eagraíocht mar thoradh air.

An Ré Nua-Aimseartha

D’fhógair na 1990idí deireanacha céim nua in éabhlóid Óglaigh na hÉireann le mór-athstruchtúrú ina n-áirítear aistriú Cheanncheathrú Ceannasaíochta, díbhunú aonaid gharastúin, dúnadh beairicí agus forbairt struchtúr trí-bhriogáide. Cuireadh an maoiniú a tháinig ó laghdú pearsanra agus díol réadmhaoine isteach i gclár ó thaobh trealamh nua a fháil agus bonneagair nua a bhunú.

Chonacthas béim bhreise ar phleanáil, ar oideachas agus ar oiliúint sa tréimhse seo. Tugadh raon de thionscnaimh bheartais acmhainní daonna isteach a thacaigh leis an tiomantas don chleachtas AD is fearr. Tá Óglaigh na hÉireann tar éis riachtanas na n-athruithe leanúnacha seo a chuimsiú mar chuid dá gcultúr.

De thoradh na n-iltascanna a shann an rialtas, tá freagrachtaí suntasacha anois ag an tSeirbhís Chabhlaigh, le cúnamh an Aerchóir, i monatóireacht agus i bhfaireachas a dhéanamh ar leasanna muirí na hÉireann.
I rith na tréimhse seo chonacthas athstruchtúrú na nÓglach Cúltaca a raibh mór-athrú eagraíochtúil i gceist ann agus rochtain ar acmhainní oiliúna feabhsaithe, trealamh nua agus tacaíocht loighisticiúil.

Tá Próiseas na Síochána, a bhí á thuar ag síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta ar 10 Aibreán, 1998, tar éis déine an tiomantais do Chúnamh d’Oibríochtaí na Cumhachta Sibhialta a laghdú agus béim níos mó ar oiliúint do speictream iomlán Oibríochtaí Tacaíochta Síochána a cheadú.

Léiríonn teannas domhanda leanúnach agus an fhreagairt idirnáisiúnta do thubaistí nádúrtha go mbeidh páirt níos mó amach anseo ag oibríochtaí daonnúla, bainistíocht ghéarchéime agus tacaíocht síochána ilnáisiúnta i ngníomhaíochtaí Óglaigh na hÉireann.

Oibríochtaí Tacaíochta Síochána

Tá rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann in Oibríochtaí Tacaíochta Síochána ar siúl go leanúnach ó Mheitheamh 1958 nuair a chuaigh an chéad ghrúpa Oifigeach go dtí an Liobáin mar bhreathnadóirí UNOGIL. D’eascair móramh na misean seo le blianta beaga anuas agus léiríonn siad an t-éileamh méadaithe ar idirghabháil i limistéir choinbhleachta.

Is iad aonaid choisithe ar an mórchóir a chomhlíon sealanna dualgais i mórmhisin forsaí a imscaradh sa Chongó, sa Chipir agus sa Liobáin agus le deireanaí sa Libéir agus sa Chosaiv. íiríodh ar cheangaltais eile gnéithe ceanncheathrún agus speisialaithe, aonaid lóistíochúla, aonaid phóilíní airm agus breathnadóirí míleata.

Chomh maith le misin leis na Náisiúin Aontaithe bhí Óglaigh na hÉireann ar fónamh le misin a reáchtáil an tAontas Eorpach, an Eagraíocht um Shlándáil agus um Chomhoibriú san Eoraip agus an Chomhpháirtíocht don tSíocháin de chuid NATO. Cuireadh pearsanra ag déanaamh oibre daonnúla freisin in áiteanna mar an tSomáil agus Ruanda.

Tá Óglaigh na hÉireann tar éis raon leathan scileanna agus taithí in Oibríochtaí Tacaíochta Síochána a ghnóthú agus is mian leo coinneáil suas le forbairtí i gcónaí. Chun é sin a dhéanamh bunaíodh Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe i 1993 a reáchtálann cúrsaí do na misin uile thar lear agus do mhic léinn ó fhórsaí armúrtha eile.

Coinnímid in intinn go háirithe ár gcomhghleacaithe a fuair bás agus iad ar dualgas thar lear, ar son na síochána.