Skip to main content

Ionad Cuairteoirí Chathail Bhrugha

Is i gcuimhne Francis Sheehy Skeffington, Thomas Dickson agus Patrick McIntyre atá an tIonad Cuairteoirí tiomnaithe. Eagarthóirí nuachtán agus síochánaithe a bhí iontu, a tógadh ag Fórsaí na Breataine agus a cuireadh chun báis gan aon triail i gclós aclaíochta an tseomra garda an 26 Aibreán 1916.

Tá roinnt déantúsán míleata agus taispeántais san ionad cuairteoirí a bhaineann go sonrach leis an Dún agus leis an ról a bhí aige i stair na hÉireann. An taispeántas is tábhachtaí atá ann ná earraí cuimhneacháin phearsanta an Ghinearáil Michael Collins. Ba as Dún Chathail Bhrugha a d’imigh Michael Collins ar an turas mí-ámharach sin timpeall dheisceart na tíre, inar maríodh é ag Béal na mBláth, Contae Chorcaí. Sa taispeántas tá a dheasc, an bhratach a cuireadh ar a chónra, piostal Colt 45 dá chuid agus trí phiostal de chuid na foirne feallmharfóirí a bhunaigh sé, An Scuad.

An 17 Bealtaine 1922, tar éis Chogadh na Saoirse agus tar éis 112 bliain d’Éirinn a bheith i seilbh na Breataine, mháirseáil Reisimint Worchestershire amach trí gheata na canála agus mháirseáil an Ceannfort-Ghinearál Tom Ennis, an Ceannfort-Chornail Thornton agus aonad de Ghardaí Bhaile Átha Cliath isteach an príomh-gheata ó Dhún Sceach an Bhacaigh, agus ghlac an Ginearál Eoin O'Duffy an cúirtéis. Léirítear grúpa grianghraf ón aistriú stairiúil sin i sraith pictiúr íocónach atá ar taispeáint san ionad cuairteoirí.

Sa lá atá inniu ann, tá 2ú Briogáid an Oirthir, an 2ú Cathlán Coisithe agus roinnt mhaith aonad tacaíochta seirbhíse comhraic, aonad tacaíochta comhraic agus aonad comhraic briogáide, mar aon le Scoil Ceoil Óglaigh na hÉireann agus na Cartlanna Míleata, lonnaithe ag Dún Chathail Bhrugha.

Ionad Cuairteoirí Chathail Bhrugha
Uaire OscailteDé Máirt & Déardaoin 1000 - 1230
TeagmháilNí mór áirithintí a dhéanamh roimh ré trí Oifig an Aidiúnach an nDún ar museumtours@defenceforces.ie