Skip to main content

An Nós Imeachta ag Armchúirteanna

Leagtar síos gnás agus nós imeachta na nArmchúirteanna i Rialacha na hArmchúirte 2008 (IR Uimh. 205 den bhliain 2008). Is féidir leis an té a chúisítear os comhair Armchúirte dlíodóir(í) sibhialta dá rogha féin a bheith ag feidhmiú ar a shon nó oifigeach coimisiúnta de chuid Óglaigh na hÉireann (ar a dtugtar "Oifigeach Cosanta") a d'fhéadfadh, ach nach gá, a bheith cáilithe mar dhlíodóir freisin. Is féidir cúnamh dlí a dheonú don chúisí ar iarratas a dhéanamh leis an Armchúirt Achoimre de réir fhorálacha an Achta um Achomhairc Armchúirteanna 1983 (arna leasú) agus na Rialacháin Armchúirteanna (Cúnamh Dlí) 2008 (IR Uimh 206 den bhliain 2008). Is iondúil gur oifigeach coimisiúnta de chuid na mBuan-Óglach, atá cáilithe mar dhlíodóir chomh maith, an tIonchúisitheoir in Armchúirt. An Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata a cheapann an tIonchúisitheoir. Go ginearálta, tá feidhm san Armchúirt leis na gnáthrialacha fianaise a bhíonn i bhfeidhm sna cúirteanna coiriúla sibhialta.

Cead Isteach Poiblí chuig Armchúirteanna

Mura n-ordaíonn Breitheamh Míleata a mhalairt, bíonn gach Armchúirt oscailte ag an bpobal i gcoitinne. Luaitear dáta agus ionad na nArmchúirteanna a bheidh ar siúl go gairid sa Dialann Dlí ar Láithreán Gréasáin Óglaigh na hÉireann www.military.ie. I gcásanna áirithe e.g. cásanna maidir le cionta gnéis tromchúiseacha, d'fhéadfadh go ndéanfadh an Breitheamh Míleata ordú an pobal a choinneáil amach ó imeachtaí na hArmchúirte. I gcásanna den sórt sin, crochtar comhartha "In Camera" taobh amuigh de Sheomra na hArmchúirte. Is i mbeairic airm in Éirinn a thionóltar armchúirt i mórchuid mhór na gcásanna. Suíonn an Armchúirt Achoimre go rialta i mbeairicí éagsúla airm ar fud na tíre. Is san Ionad Dlí agus Cirt Míleata i nDún Mhic Aoidh, Ascaill an Chiardhuibh, Baile Átha Cliath 7 a thionóltar an chuid is mó de na harmchúirteanna maidir le ceantar Bhaile Átha Cliath agus beagnach gach triail i ndáil le cionta tromchúiseacha.

Achomhairc chun na Cúirte Achomhairc

Bunaíodh an Chúirt Achomhairc leis an Acht um an gCúirt Achomhairc (COA) agus thug dlínse don chúirt sin achomhairc a éisteacht ó gach cineál Armchúirte. Is féidir achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc in aghaidh ciontú nó pianbhreith i dtriail Armchúirte nó in aghaidh an chiontaithe agus na pianbhreithe. Tá an Chúirt Achomhairc comhdhéanta de thriúr breithiúna agus suíonn sí sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath. Éisteann an chúirt freisin le hachomhairc ón gCúirt Chuarda Choiriúil, ón bPríomh-Chúirt Choiriúil agus ón gCúirt Choiriúil Speisialta.

Maidir le hachomhairc ó harmchúirteanna, féadfaidh an Chúirt Achomhairc na horduithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. Ciontú agus pianbhreith thriail na harmchúirte a dhaingniú (féadfaidh an Chúirt Achomhairc pianbhreith thriail na harmchúirte a athrú chomh maith), nó;
  2. An ciontú agus an phianbhreith a neamhniú, nó;
  3. An ciontú agus an phianbhreith a neamhniú agus ordú go ndéanfaí an t-achomharcóir a thriail arís in armchúirt maidir leis an gcion (na cionta).

Nóta: Cuireann an Riarthóir Armchúirte an t-eolas ar láithreán gréasáin Óglaigh na hÉireann, Military.ie, mar eolas ginearálta do dhaoine d'Óglaigh na hÉireann agus den phobal. Is féidir, ina ainneoin sin, go mbeadh athrú ó chás go cás, ag brath ar na fíorais a bhaineann go sonrach agus ar leithligh leis an gcás, ar an mbealach a mbeadh feidhm leis an eolas a chuirtear ar fáil ar Leathanach Gréasáin an Riarthóra Armchúirte le haon chás faoi leith. Ní chuireann an Riarthóir Armchúirte i gcéill ar bhealach ar bith agus ní thugtar barántas de chineál ar bith maidir leis an eolas a chuirtear i láthair ar an Leathanach Gréasáin nó a chuirtear ar fáil trí aon nasc leis sin a bheith infheidhme i ndáil le cás sonrach nó cás ar bith faoi leith. An t-eolas a chuireann an Riarthóir Armchúirte i láthair ar an leathanach Gréasáin seo, tá sé á chur ar fáil ar an tuiscint nach bhfuil an Riarthóir Armchúirte i mbun seirbhísí dlí ná comhairle dlí a chur ar fáil tríd an eolas sin a chuirtear ar fáil. Níor cheart do lucht úsáide an láithreáin gréasáin brath ar aon eolas ar an leathanach Gréasáin seo in ionad an chomhairle dlí agus eile sin a dhéanamh le lucht gairme cáilithe ar den riachtanas í. Is ar mhaithe le háisiúlacht a chuirtear nasc le láithreáin gréasáin eile isteach agus ní hionann sin agus a rá go n-aontaítear leis an ábhar ar na láithreáin ghréasáin sin, ná le haon eagraíocht, táirge ná seirbhís a bhainfeadh leo.

28 Feabhra 2017