Skip to main content

Cúrsaí Fhórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh

Traenáil d'Earcaigh

Cuirtear Traenáil d'Earcaigh i gcrích sa Bhunáit Chabhlaigh, Inis Sionnach, Co. Chorcaí. Bíonn ceithre (4) dheireadh seachtaine de thraenáil gan phá i gceist, chomh maith le 14 lá de thraenáil leanúnach íoctha, agus dhá (2) dheireadh seachtaine de thraenáil íoctha ina dhiaidh sin. Foghlaimeoidh tú scileanna nua éagsúla de leithéid:

  • Druil Choise
  • Druil Armán
  • Aimsitheoireacht Raidhfil ar raidhfil Styer Aug 5.56mm
  • Cáilíocht a bhaint amach i Raidhfil Styer a scaoileadh
  • Mairnéalacht Bhunúsach
  • Corpoideachas
  • Stair na Seirbhíse Cabhlaigh
  • Céimeanna Óglaigh na hÉireann
  • Struchtúr Óglaigh na hÉireann

Is ar an deireadh seachtaine deireanach a mbeidh an pharáid cáilithe ar bun ag do Rang Earcach sa Bhunáit Chabhlaigh.

Ní mór duit freastal ar gach traenáil d'Earcaigh agus na scrúduithe scríofa/ praiticiúla a bhaint amach chun do thraenáil Earcaíochta Cúltaca a chur i gcrích go rathúil.

Traenáil d'Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe (NCO)

Cuirtear traenáil gairme NCO i gcrích sa Bhunáit Chabhlaigh. Baineann cúraimí agus dúshláin faoi leith le gach cúrsa a mbíonn achair éagsúla i gceist leo. Is laethanta traenála íoctha na laethanta seo.

  • Trí chúrsa NCO Ionchasach a chur i gcrích, rachaidh tú ó a bheith i do Mhairnéalach Inniúil go Mairnéalach Ceannais.
  • Trí ghnáthchúrsa NCO a chur i gcrích,  rachaidh tú ó bheith i do Mhairnéalach Inniúil go Mionoifigeach
  • Trí chúrsa NCO Sinsearach a chur i gcrích,  rachaidh tú  ó bheith i do Mhionoifigeach go Ard-Mhionoifigeach agus Ard-Mhionoifigeach Sinsearach

I ndiaidh traenáil bhunúsach a chur i gcrích, féadfaidh comhaltaí NSR cúrsaí a chur i gcrích laistigh d'ionaid traenála na Seirbhíse Cabhlaigh nó Óglaigh na hÉireann.

Seo a leanas gnáthchúrsaí Cabhlaigh a bhíonn ar fáil do phearsanra NSR;

  • Garchabhair Bhunúsach
  • Comhrac Dóiteáin Bunúsach agus Rialú Damáiste
  • Cúrsa maidir le Teicnící Marthanais do Phearsanra
  • Cúrsaí maidir le Báid Inséidte Cabhail Dhocht
  • Cúrsa maidir le Láimhsiú Sábháilte
  • Eagraíonn aonaid Freachnamh Rialála Calaidh, seacht lá, gach bliain ina láthair féin.

Traenáil d'Oifigigh NSR

Riachtanais Iarrthóirí

Critéir cháilíochta lena meas mar Oifigigh NSR ( faoi na rialacháin reatha R5):

  • NCOnna a léirigh cumas agus nádúr faoi leith lena gCoimisiúnú ina nOifigeach
  • Gan bheith níos sine na 35 bliain d'aois an lá a mbeidh an t-agallamh ar siúl don chúrsa d'Oifigigh
  • A bheith molta ag Bord Agallaimh
  • Cúrsa traenála d'Oifigigh a chur i gcrích

Traenáil d'Oifigigh NSR

Tá an siollabas roinnt i 11 tábla:

  • Sláinte agus sábháilteacht
  • Oifigeach an lae agus oifigeach ar dualgas
  • Modhanna Teagaisc
  • Cinnireacht
  • Riarachán agus dlí míleata
  • Dualgais Foirne
  • Bainistíocht Acmhainní Daonna
  • Nósanna imeachta Iascach
  • Dualgais Oifigeach Teagmhála
  • Traenáil ar Phiostal
  • Druil Claímh