Skip to main content

LÉ Eithne P31

Tógadh í i Longchlós Verolme i gCorcaigh agus cuireadh i mbun seirbhíse í sa bhliain 1984.Bhí an leibhéal fearais ar ardchaighdeán agus áirithe ann bhí an chéad sheomra oibríochta ag an tSeirbhís Chabhlaigh ina raibh comhtháthú ar rialú na harmála agus na n-aerárthach in ionad ainmnithe, scoite amach ón droichead.

Ainm na Loinge

Tá cuid mhór carachtar faoin ainm Eithne i litríocht chlasaiceach na hÉireann. Duine acu sin ab ea iníon Bhaloir, Rí na bhFomhórach. Milseacht is brí leis an ainm agus bhí cáil na háilleachta ar an iníon úd.

Stair Shuntasach

I samhraidh na bliana 1986 rinne an L.É. EITHNE beart ceannródaíoch nuair a bhí sí ar an gcéad long ó Chabhlach na hÉireann a sheol trasna an Atlantaigh go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit ar thug sí cuairt ar Hamilton, Nua Eabhrac agus Boston. Ó shin i leith tá turas déanta ag an L.É. EITHNE trasna an Atlantaigh roinnt uaireanta agus chuaigh sí thar an meánchiorcal i 2006 ar a himscaradh stairiúil go Meiriceá Theas.

Saintréithe na Loinge
CineálÁrthach Patróil Héileacaptair
Fad80.0m
Bíoma12m
Snámh4.3m
Príomh Innill2 Dhíosail Ruston 12RKC
6,800 HP
2 Sheafta
Luas18 gcnota
Réimse7000 Muirmhíle @ 15 chnota
Criú55 (6 Oifigeach)
Coimisiúnaithe07 Nollaig 1984

Armáin ar Bord
PríomharmáilCanóin Bofors 57mm Córas Rialaithe Lámhaigh LIOD
Armáil Thánaisteach2 Chanóin 20mm Rheinmetall
MionarmáinMionarmáin éagsúla ó:
9mm Heckler & Koch USP agus 7.62mm Innealghunna Uilefhóinteach