Skip to main content

LÉ Ciara P42

Bhí an L.É. CIARA faoin ainm HMS SWALLOW i dtús ama agus Í ina hárthach patróil ag Cabhlach na Breataine in uiscí Hong Kong. Cheannaigh Éire Í sa bhliain 1988. Dlúthghunna 76mm OTO MELARA agus córas rialaithe lámhaigh leictrea-optúil RADAMEC an phríomharmáil atá aici.  Árthach ardluais is ea an L.É. CIARA atá deartha chun gluaiseacht go tapa ar fud an cheantair phatróil agus úsáid a bhaint as a cumas láidir lámhaigh nuair is gá.

D’éirigh go breá leis an long seo in oibríocht mhór i mí na Samhna 1999 nuair a rinne sí an dara hurghabháil drugaí ba mhó i stair an stáit go dtí sin, tar éis an MV POSIDONIA a thascradh agus a bhordáil amach ó chósta thiar theas na hÉireann.

Ainm na Loinge

Iníon ab ea Ciara le teaghlach saibhir Críostaí a chuir fúthu in aice leis an Aonach, Co. Thiobraid Árann sa 7ú céad. Críostaí diaganta ab ea Ciara agus nuair a bhí sí 20 bliain d’aois bhunaigh sí clochar cáiliúil in aice lena háit chónaithe agus mhéadaigh sé sin go tapa. Tháinig an oiread de mhéadú air gur bhunaigh sí clochar eile in aice le Darú i gContae Laoise áit ar chaith sí cuid mhaith blianta, cé gur fhill sí abhaile sular bhásaigh sí i 685.

Saintréithe na Loinge
CineálÁrthach Patróil Chósta
Fad62.6m
Bíoma10m
Snámh2.7m
Príomhinnill2 Dhíosail Crossley SEMT- Pielstick 14,400 HP 2 Sheafta
Luas25 + Chnota
Réimse2500 Muirmhíle @ 17 gcnota
Criú39 (5 Oifigeach)

Armáin ar Bord
Príomharmáil    Canóin 76mm OTO Melara
Córas Rialaithe Lámhaigh Radamec
Armáil Thánaisteach2 Chanóin 20mm Rheinmetall Rh202
Inneallghunna Trom 2 X 12.7mm
MionarmáinPiostal 9mm go dtí Inneallghunna Ilfhóinteach 7.62mm