Skip to main content

Cúrsa Roghnaithe

Tá athbhreithniú suntasach déanta ag Sciathán Fiannóglaigh an Airm (ARW) ar a nósanna imeachta roghnaithe agus measúnaithe do chomhaltaí aonaid ionchasacha agus tá cúrsa aonair nua tagtha in áit na gcúrsaí Roghnú agus Scileanna Bunúsacha ARW a dhéanann cónascadh ar an dá chúrsa ARW go dtí Cúrsa Cáilithe Fhórsa Oibríochtaí Speisialta (SOFQ). Tá an cúrsa SOFQ dírithe ar Oifigigh, NCOanna agus saighdiúirí an PDF a bhfuil leibhéal ard corpacmhainne, scileanna loingseoireachta, inspreagadh pearsanta agus ardmhéine acu le bheith ag fónamh san ARW.

Tá siollabas an SOFQ leagtha amach chun gach gné de charachtar, scileanna míleata, cumas agus oiriúnacht ghinearálta an iarrthóra a bheith ina chomhalta den ARW a scrúdú agus a mheas agus chun na scileanna agus an t-eolas atá riachtanach a sholáthar le go mbeidh an comhalta sin in ann feidhmiú i ról oibreoir fhoireann Ionsaithe SOF nuair a chuireann sé/sí an cúrsa seo i gcríoch go rathúil.

Is cúrsa 36 seachtaine é an SOFQ agus é comhroinnte i gcúig modúil ar leith:

  • Modúil 1: Measúnú & Luacháil
  • Modúil 2: Scileanna & Cinnireacht
  • Modúil 3: SOF TTPanna
  • Modúil 4: Frithsceimhlitheoireacht TTPanna
  • Modúil 5: Oiliúint Leanúnachais

Is é an aidhm atá le Modúl 1 leibhéil corpacmhainne, spreagtha agus oiriúnachta an iarrthóra le bheith in ann dul ar aghaidh go dtí Modúil SOFQ 2-5 a mheas. Le linn chéim 1 ní mór do gach iarrthóir pas a bhaint amach i sraith measúnuithe aclaíochta, measúnuithe léite léarscáileanna agus loingseoireachta aonair, clástrafóibe, tástálacha muiníne uisce agus síciméadracha le gur féidir leo dul chun cinn go dtí céim 2. Déantar an t-iarrthóir a mheas tuilleadh trí shraith freachnamh loingseoireachta aonair le meáchain shocraithe ach achair anaithnid agus amanna críochnaithe ag críochnú le máirseáil 60km trastíre ag iompar ualaigh chomhraic 65lb. Caithfidh iarrthóirí ar oifigigh iad measúnú dian ar a gcuid scileanna pleanála agus cinnteoireachta a dhéanamh chun a n-oiriúnacht ceapachán ceannais a bhaint amach san ARW a mheas.

Tá modúil 2-5 comhdhéanta de thuilleadh traenála agus measúnaithe i réimsí mar armáin & aimsitheoireacht SOF, oiliúint oirbheartaíochta bheo-lámhaigh, TTPS CT agus comhghnásach SOF, marthanacht uisce comhraic, SERE, cumarsáid & oiliúint liachta. Bronntar an lipéad 'Fianóglach' ar na hiarrthóirí nuair a chríochnaíonn siad Modúl 3 go rathúil agus ansin sanntar don aonad iad agus bronntar an bairéad uaine suntasach ARW orthu nuair a chríochnaíonn siad Modúil 4.

Ar chríochnú an chúrsa SOFQ dóibh cuirtear iarrthóirí an chúrsa chuig aonad taisc mar oibreoir ar an bhFoireann Lingthe áit a mbeidh orthu dul i mbun tuilleadh oiliúna i réimsí mar sainscileanna liachta, saorthitim mhíleata, tumadóireacht comhraic agus láimhseáil bád, dlúthchosaint agus ardscileanna armán.