Skip to main content

Cór Póilíní an Airm

Tá an Cór Póilíní Airm freagrach as cionta a chosc agus a fhiosrú, araíonacht a chur i bhfeidhm, agus póilíniú ginearálta a dhéanamh ar Óglaigh na hÉireann.  Le linn cogaidh bíonn dualgais bhreise i gceist, ina measc córas ceansaithe tráchta a chur ar fáil le go mbeifear ábalta eagair mhíleata a aistriú go tapa chuig limistéir na misean. I measc na ndualgas cogaidh eile tá rialú príosúnach cogaidh agus teifeach. Go traidisiúnta, bíonn páirt mhór ag na Póilíní Airm in ócáidí agus i searmanais stáit.

Le blianta beaga anuas imscaradh na Póilíní Airm chuig go leor misean de chuid na Náisiún Aontaithe lena n-áirítear san iar-Iúgsláiv (SFOR).

Bíonn dlúthchaidreamh oibre acu leis an nGarda Síochána chomh maith, go náisiúnta agus go háitiúil. Cuidíonn an Garda Síochána leo trí thraenáil speisialta póilíneachta a chur ar fáil do na Póilíní Míleata sa réimse imscrúdaithe coireanna.

Ag teacht le fís straitéiseach Scoil Póilíní an Airm, reáchtáiltear cúrsaí traenála sonracha do chomhaltaí Chór Póilíní an Airm in Éirinn d’fhonn “cabhrú leis an bPropast-Mharascal Cór Póilíní an Airm dea-oilte, spreagtha, feidhmiúil agus gairmiúil a chothabháil.

De réir Sprioc Straitéiseach 4, comhoibríonn Scoil Póilíní an Airm go dlúth le Gníomhaireachtaí agus Ranna Rialtais a bhfuil baint acu le gach gné de Choiriúlacht a Bhraith agus a Chosc, mar shampla:

  • Oifig Phaiteolaí an Stáit
  • Biúró Teicniúil an Gharda Síochána
  • Biúró an Gharda Síochána um Imscrúdú Calaoise
  • Aonad Drugaí an Gharda Síochána
  • An tSaotharlann Dlí-Eolaíochta
  • Custaim agus Mál
  • Na Coimisinéirí Ioncaim
  • Seirbhís Príosún na hÉireann

Déanann Scoil Póilíní an Airm a stádas mar Ionad Barr Feabhais a aithnítear go hidirnáisiúnta a choimeád trína hEolas agus Ábhar Foirceadlach féin a thabhairt cothrom le dáta trí pháirt a ghlacadh i gCúrsaí Póilíní an Airm Coigcríche agus trína Cúrsa Póilíní an Airm Idirnáisiúnta féin a reáchtáil.