Skip to main content

Cór Airtléire

Artillery Corps Image

Cuireann an Cór Airtléire tacaíocht lámhaigh ar fáil do na feadhna coisithe nó armúrtha. In 1924 a bunaíodh an Cór agus faoi láthair tá dhá mhórbhrainse ann:

  • Airtléire Mhachaire
  • Aerchosaint

Eatarthu cuireann an dá bhrainse sin den Chór roinnt seirbhísí riachtanacha ar fáil:

  • Tacaíocht lámhaigh do na trúpaí Coisithe nó Armúrtha
  • Cosaint talún agus aerchosaint íseal
  • Tacaíocht éadrom bataire machaire do chathláin na hÉireann thar lear
  • Cuidiú leis na cumhachtaí sibhialta.

An Reisimint Airtléire Mhachaire

Tá airtléire na briogáide comhdhéanta de Reisimint Airtléire Mhachaire (FAR) ag a bhfuil trí bhataire machaire. Tá sé armán éadroma airtléire mhachair, gunnaí 105mm, agus foireann atá freagrach as na harmáin a rialú, a chomhordú agus a lámhach i ngach mbataire machaire.

I gceanncheathrú bataire bíonn feadhna riaracháin, lóistíochta, cumarsáide, iompair, suirbhéireachta agus aimsithe. Is é feidhm na reisiminte airtléire lámhach indíreach a sholáthar, mar thaca leis na fórsaí inlíochta.

Is é an t-airtléire mhachaire príomhchóras armán lámhaigh indíreach cheannasaí na briogáide, agus an ceann is soghluaiste. Eagraítear airtléire machaire na briogáide ar aon reisimint gunna éadtrom 105mm. Is gnách go mbíonn ceangal idir batairí gunnaí agus cathláin inlíochta ar leith le linn traenála agus oibríochta.