Skip to main content

An Cór Marcra

The Cavalry Corps

Tá an Cór Marcra ar cheann de phríomhchóir Óglaigh na hÉireann. Tá traidisiún fada agus a bhfuiltear bródúil as ag an gCór Marcra maidir le seirbhís chuig an Stát agus léiríonn na daoine atá sa Chór faoi láthair na luachanna agus na cáilíochtaí is fearr a bhfuil cothabháil déanta ag an gCór orthu. Ar dtús báire, tugadh an Cór Carranna Armúrtha ar an gCór Marcra, agus bhí flit feithiclí armúrtha éadrom aige. Leis na déaga de bhlianta, tháinig athrú ar an bhflít nuair a tugadh isteach tancanna Landsverk éadroma agus níos déanaí sna 1950idí tugadh isteach na Príomhthancanna Catha, Comet agus Churchill. Le linn na 1960idí tugadh an Panhard AML isteach sa Chór Marcra don chéad uair. Ba é an flít seo cnámh droma an Chóir agus thug sé seirbhís shuntasach, go háirithe nuair a himscaradh thar lear é, mar shampla le UNIFIL sa Liobáin agus le UNMIL sa Libéir. Sna 1980idí fuair na Cóir an CVR(T) nó Scorpion. Is í an infheistíocht is déanaí maidir le AFV sna Cóir ná an MOWAG Piranha III, le dhá rogha, an Fheithicil Dhlúth-Thaiscéalaíochta (CRV) agus an Fheithicil Mheánthaiscéalaíochta (MVR) a tháinig i mbun seirbhíse in 2008.

Fís Straitéiseach

Leanfaidh an Cór Marcra le hacmhainní Tacaíochta Comhraic éifeachtacha, solúbtha agus cuí a fhorbairt, a chothú agus a sheachadadh d’Óglaigh na hÉireann lena chinntiú go bhfuil faire, faisnéis agus taiscéalaíocht (ISR), taiscéalaíocht armúrtha agus cumas tacaíochta lámhaigh díreach a dhóthain aige le go mbeidh sé in ann a chuid tiomantas maidir le slándáil ar an oileán agus síochán agus slándáil idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

Comhairle agus Polasaí an Chóir Mharcra

Cuireann an Cór comhairle ar an bhFoireann Ghinearálta maidir le hArmúr in Óglaigh na hÉireann. íirítear ar sin soláthar agus athchóiriú feithiclí armúrtha Óglaigh na hÉireann.

Tá Stiúrthóir an Chóir Mharcra freagrach as caighdeán tiomána na bhfeithiclí armúrtha in Óglaigh na hÉireann. Maidir leis sin, is é an Stiúrthóir an t-údarás eisithe ainmnithe do na ceadúnais tiomána feithicle armúrtha go léir in Óglaigh na hÉireann.

Tá an Cór Marcra freagrach as Polasaí Traenála Feithicle Armúrtha Óglaigh na hÉireann.

Cuireann an Cór Marcra comhairle ar Óglaigh na hÉireann maidir le foirceadal armúrtha de réir mar is gá.

Cinntíonn an Cór Marcra go bhfuil pearsanra agus feithiclí an Chóir ullamh lena n-imscaradh ar oibríochtaí tacaíochta síochána arna sainordú ag an Náisiúin Aontaithe (NA) thar lear.

Gníomhaíochtaí an Chóir

Soláthraíonn an Cór Marcra fórsaí a dhótháin a bhfuil sé de chumas orthu cur go mór le tacaíocht síochána ilnáisiúnta, bainistiú géarchéime agus oibríochtaí daonnúla ar bhealach suntasach agus seasta.

Cuireann an Cór feabhas leanúnach ar a chumais oibríochta chun foráil a dhéanamh do Chosaint Mhíleata shláine chríche an Stáit.

Leanann an Cór le hoideachas agus traenáil a chur ar na hOifigigh, na hOifigigh Neamhchoimisiúnaithe agus na Trúipéirí agus iad a choinneáil aclaí chun a gcumas aonair, a n-ullmhacht chomhchoiteann agus a n-éifeachtúlacht agus a n-éifeachtacht a fhorbairt agus a mhéadú.

Baineann an Cór na hacmhainní riachtanacha sin amach:

  • Trí chúrsaí a reáchtáil ag teacht leis an Treoir Traenála Bhliantúil DFHQ
  • Trí chúrsaí Gairme agus Teagascóra an Chóir do gach céim a bhfuil gá leo a chomhlíonadh
  • Trí Chúrsaí Gairme agus Cinnireachta Sóisir a reáchtáil d’Oifigigh agus d’Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe
  • Trí Chúrsa Oifigeach Teicniúil a reáchtáil ag teacht le polasaí an Chóir mar is cuí
  • Trí thraenáil Oirbheartaíochta Chomhghnásach a reáchtáil do gach Céim
  • Trí thraenáil a reáchtáil don raon iomlán Oibríochtaí Tacaíochta Síochána
  • Trí thástáil Ghunnadóireachta agus Tiomána ar fad a bhailíochtú laistigh den Chór Marcra
  • Trí thacaíocht a thabhairt do thraenáil RDF Aonaid agus Chomhchoiteann chomhtháite agus neamh-chomhtháite

Tascanna an Chóir Marcra

Cé go n-aithnítear an Marcra as a n-oibríochtaí i bhfeithiclí armúrtha, faigheann gach feadhain mharcra traenáil i modhanna ar fheithiclí agus modhanna ar chois bainte anuas. Cuireann sé sin ar a gcumas iad a bheith in ann feidhmiú sa mhodh is iomchuí sna timpeallachtaí éagsúla a dtagann siad trasna orthu in oibríochtaí uirbeacha, coille agus foraoise agus oibríochtaí ar thír-raon oscailte. Tá solúbthacht den chineál sin ríthábhachtach chun ligean do Scuadrúin Mharcra agus iad mar phríomhshocmhainn thaiscéalaíochta na Briogáide, clúdach a threá, teagmháil a dhéanamh le tríú páirtithe agus misin thaiscéalaíochta a dhéanamh atá lasmuigh de chumas na saighdiúirí coise ar patrol nó in áiteanna nach féidir le feithiclí rochtain a fháil orthu. Tá tábhacht mhéadaithe ag baint leis an gcumas sin mar gheall ar an méadú atá tagtha ar uirbiú, tranglam agus bagairtí neamhshiméadracha.

ISTAR

Mar thoradh ar bheartas traenála an Chóir Mharcra le blianta beaga anuas, na hilscileanna atá ag pearsanra agus soláthar feithiclí armúrtha nua-aimseartha atá feistithe le trealamh faire sofaisticiúil, tá an Cór Marcra ar cheann de na príomhshocmhainní in Oibríochtaí Faisnéise, Faire, Aimsithe Targaidí agus Taiscéalaíochta (ISTAR) (siméadrach agus neamhshiméadrach araon) in Óglaigh na hÉireann. Tá cumas ISTAR cuimsitheach bunúsach anois do chur chuige Óglaigh na hÉireann i leith oibríochtaí. Nascann ISTAR córais agus braiteoirí faire, taiscéalaíochta agus aimsithe targaidí. Cuimsíonn sé bailiú agus bainistiú eolais agus faisnéise chun feasacht de réir suímh a sholáthar do cheannasaithe agus a bhfoirne. Déantar taiscéalaíocht chun eolas a fháil, trí amharc-bhreathnóireacht nó trí mhodhanna braithe eile, faoi ghníomhaíochtaí agus acmhainní namhad nó namhad a d’fhéadfadh a bheith ann, nó chun sonraí a bhaineann le tréithe meitéareolaíochta, hidreagrafacha nó geografacha limistéar ar leith a dhaingniú.

Is féidir leis an gCór Marcra agus é ag feidhmiú mar chomhpháirt riachtanach den chreat ISTAR, eolas agus faisnéis ármhánna ardtaifeach a chur ar fáil don cheannasaí eagair, a thagann ó na breithnithe agus ó bhreithiúnas an chriú feithiclí ar an talamh. Is iad na mórtréithe atá ag aonad Marcra ná a solúbthacht agus a chumas tasc a dhéanamh in athuair as a stuaim féin d’fhonn an leas is fearr a bhaint as cás oirbheartaíochta de réir mar a fhorbraíonn sé, dá réir sin ag cur ceannas misin i bhfeidhm agus ag féachaint le luas na n-oibríochtaí a fheabhsú. Ina theannta sin, tugann ilchumas dúchasach an Chóir Mharcra áirgiúlacht leathan ar fud an raon iomlán coimhlinte.