Skip to main content

Armáin an Airm

Armáin ag Leibhéal Buíne

In Arm na hÉireann is éard is buíon ann ná aonad coisithe ar a dtugtar Buíon Mhuscaed uaireanta. Tá an Bhuíon Mhuscaed comhdhéanta de 3 rannóg de 9 saighdiúir, a bhfuil gach ceann faoi cheannas ag Ceannaire. Tá an bhuíon faoi cheannas Leifteanaint (nó Dara Leifteanaint) le Sáirsint Buíne ag feidhmiú mar Leascheannasaí (2I/C). I dtroid lámhaigh beidh an Ceannasaí Buíne ag brath ar an gcumhacht lámhaigh atá ar fáil laistigh de bhuíon. Réimsíonn na harmáin sa bhuíon ó Steyr AUG, armán pearsanta gach saighdiúir Éireannaigh, go dtí an t-armán fritanc indiúscartha an SRAAW. Má bhíonn an chumhacht lámhaigh seo neamhdhóthanach féadfaidh an Ceannasaí Buíne cabhair a iarraidh ón gCeannasaí Complachta.

Armáin ag Leibhéal Complachta

In Airm na hÉireann is éard is complacht ann ná aonad coisithe ar a dtugtar Complacht Muscaed uaireanta. Tá an Complacht Muscaed faoi cheannas Ceannfoirt agus tá sé comhdhéanta de 3 Buíon Mhuscaed agus Buíon Armán. Tá an Bhuíon Armán comhdhéanta de rannóg GPMG SF, rannóg moirtéir 60mm agus rannóg Fritanc 84mm, agus tá 3 dhíorma i ngach rannóg. Tugann an Bhuíon Armán tacaíocht lámhaigh bhreise don Cheannasaí Complachta le go mbeidh sé in ann tacú leis na Buíonta Muscaed. Cé go bhfuil an Bhuíon Armán faoi cheannas Leifteanaint, meastar gur sócmhainn de chuid an chomhlachta atá inti agus dá réir sin féadfaidh an Ceannasaí Complachta treoracha a thabhairt chun an bhuíon a bhriseadh síos agus rialú na ndíormaí a leithdháileadh ar Cheannasaithe na Buíne Muscaed. I gcásanna den chineál sin comhshuífidh an Ceannasaí Buíon Armán le Ceanncheathrú an Chomplachta chun cabhrú le plean lámhaigh an chomplachta. Tá rogha ag an gCeannasaí Complachta chomh maith tacaíocht lámhaigh a iarraidh ar an gCeannasaí Cathláin.

Armáin ag Leibhéal Cathláin

In Arm na hÉireann is éard is cathlán ann ná aonad comhraic coisithe. Tá an Cathlán faoi cheannas Leifteanantchornail agus tá sé comhdhéanta de 3 Chomplacht Muscaed, Complacht Ceanncheathrún agus Complacht Tacaíochta. Tá na harmáin throma a dteastaíonn ón gCeannasaí Cathláin chun tacú leis na Complachtaí Muscaed agus chun an misean Cathláin a chomhlíonadh ag an gComplacht Tacaíochta. Tá an Complacht Tacaíochta comhdhéanta de Bhuíon Innealghunna Trom (HMG), Buíon Mhoirtéir 81mm agus Buíon Fritharmúir. I dteannta na mbuíonta sin, tá dhá Phéire Naoscaire ag Ceanncheathrú an Chomplachta Tacaíochta. Ag brath ar na cúinsí, is féidir Complacht Tacaíochta a bhriseadh síos ina fhofheadhna agus ceannas na bhfofeadhna sin á thabhairt do Cheannasaithe na gComplachtaí Muscaed. I gcás mar sin comhshuífidh Ceannasaí an Chomplachta Tacaíochta le Ceanncheathrú an Chathláin de ghnáth agus cabhróidh sé Plean Lámhaigh an Chathláin a chomhordú. Tá rogha ag an gCeannasaí Cathláin chomh maith tacaíocht lámhaigh a iarraidh ar an gCeannasaí Briogáide.