Skip to main content

Armáin ag Leibhéal Complachta

Armáin ag Leibhéal Complachta

In Airm na hÉireann is éard is complacht ann ná aonad coisithe ar a dtugtar Complacht Muscaed uaireanta. Tá an Complacht Muscaed faoi cheannas Ceannfoirt agus tá sé comhdhéanta de 3 Buíon Mhuscaed agus Buíon Armán. Tá an Buíon Armán comhdhéanta de rannóg GPMG SF, rannóg moirtéir 60mm agus rannóg Fritanc 84mm, agus tá 3 dhíorma i ngach rannóg.

GPMG SF

Úsáidtear an tInnealghunna Ilchuspóireach (GPMG) agus é in úsáid sa ról Lámhach Marthanach (SF) m.sh ar sheastán tríchosach, mar Innealghunna meánaigh (MMG) chun tacú leis an gcomplacht in oibríochtaí ollionsaitheacha agus cosantacha, agus le linn aistarraingthe. Tá an GPMG SF an-éifeachtach sa ról sin, agus is féidir leis poncthargaid atá 1800 méadar uaidh a bhualadh go cruinn nó lámhach a sholáthar ar limistéar. Áirítear ar an triúr criú gunnadóir, lódálaí agus ceannasaí díorma. Úsáidtear treoir C2AI an armáin i gcomhar le cuaille díríochta le deis a thabhairt don chriú tabhairt faoi thargaidí nach bhfuil siad in ann a fheiceáil mar gheall ar cheo, deatach nó dorchadas. Cinntíonn an córas seo gur féidir brath ar an GPMG SF chun tacú le trúpaí le linn oibríochtaí san oíche. Tá sé éadrom go leor agus ciallaíonn sé sin gur féidir le criú le triúr fear an t-armán agus lón lámhaigh a iompar go mear agus iad ag dul i mbun comhraic.

Staitisticí an GPMG SF
DéantóirFN Herstal
Cineál ArmáinInnealghunna Meánaigh
Tír a DhéantarAn Bheilg
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse1964
Calibre7.62mm
Cothú LónlámhachCrioschothaithe
Meáchan11.75kg
Modh LámhaighLámhach Uathoibríoch
Raon1800m
Ráta Lámhaigh650 - 1000 urchar sa nóiméad
Fad1260mm
TreoirCineál le Fánán Cúil agus Treoir C2A1
Criú3

Moirtéir 60mm

Rinneadh an moirtéar 60 mm Denel Vektor M1 a dhearadh i gcomhair a úsáidte ag aonaid choisithe i ngach céim cogaidh. Is armán cró mhín, béal-lódáilte, arduillinn lámhaigh atá ann. Iompraítear an moirtéar in aon aonad amháin, le trí phríomhaonad cóimeála; an bairille, an déchosach agus an pláta boinn. Ó tharla nach bhfuil ach 17.8 Kg de mheáchan ann, is féidir an moirtéar a bhogadh go gasta agus go héasca, rud a chinntíonn tacaíocht ag gach céim chomhraic. Tá treoir nua-aoiseach ag an moirtéar, atá cosúil le treoir an C2AI, a úsáidtear in éineacht leis an moirtéar 81 mm. Chomh maith leis sin, tá an treoir seo comhoiriúnach le córas rialaithe lámhaigh Morfire, a bhíonn in úsáid in éineacht leis an moirtéar 81 mm chomh maith. Is féidir an moirtéar a scaoileadh i ról “commando” chomh maith ach an déchosach agus an pláta boinn a bhaint de agus pláta beag boinn speisialta a chur leis, mar aon le haonaid aimsithe/ greim láimhe. Déantar an raon pleanáilte a mhéadú suas le 2100 sa ghnáthról.

Staitisticí an Mhoirtéir 60mm
DéantóirVektor
Cineál ArmáinMóirtéar Éadrom
Tír a DhéantarAn Afraic Theas
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse2003
Calibre60mm
Cothú LónlámhachBéal-Lódáilte
Meáchan17.8kg
Modh LámhaighUrchar Aonair
Raon2233m
Ráta Lámhaigh20 urchar sa nóiméad
Fad650mm
TreoirTreoir C2AI
Criú4

Gunna Fritanc 84mm

Armán craoslódáilte le lámhach forbhuailte is ea an gunna fritanc 84 mm. Níl athchasadh ar bith ann, toisc nach gcuirtear suas an brú sa bhairille, ach go n-éalaíonn i dtreo a chúil, tríd na polláin. Is féidir an gunna a scaoileadh i suíomh ar bith, i do shuí, ar do ghlúin, i do sheasamh nó i do luí. Tugann seastán gunna a choinnítear i mbois gualainn an mhuscaeid tacaíocht don gunna i suíomh luite agus is féidir é a úsáid lena dhaingniú in aghaidh cléibhe i ngach suíomh eile. Toisc nach mbaineann athchasadh ar bith leis, is éadroime mar armán é ná gunna le gnáthchraos ann.

Staitisticí Gunna Fritanc 84mm
DéantóirBofors
Cineál ArmáinGunna Fritanc
Tír a DhéantarAn tSualainn
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse
Calibre84mm
Cothú LónlámhachCraoslódáilte
Meáchan8.5kg
Modh LámhaighUrchar Aonair
Raon
Ráta Lámhaigh4-6 urchar sa nóiméad
Fad1130mm
TreoirTreoir Shúile agus Iarainn
Criú3