Skip to main content

An Scoil Eachaíochta

An Scoil Eachaíochta

Scoil Barr Feabhais Eachaíochta

Bunaíodh an Scoil Eachaíochta i 1926 le poiblíocht a thabhairt d’Éirinn agus don chapall Éireannach. Ó shin i leith tá an Scoil Eachaíochta ina cnámh droma do léimneach seó agus d’fhoirne ilchomórtais na hÉireann. Tá ionadaíocht déanta thar cheann na hÉireann ag marcaigh Airm i Léimneach Seó agus i dTrialacha Capall Trí Lá sna Cluichí Oilimpeacha, agus ag Craobhchomórtais Dhomhanda agus Eorpacha.

Misean na Scoile Eachaíochta

Poiblíocht a thabhairt do chapall spóirt na hÉireann trí rannpháirtíocht i gcomórtais idirnáisiúnta ag an leibhéal is airde.Tá cúnamh tugtha ag na marcaigh d’fhoireann na hÉireann a lán buanna a fháil i dTrófaí an Aga Khan san RDS i mBaile ítha Cliath, mar aon le buanna móra eile i gCorn na Náisiún ag ócáidí móra le rá ar nós Aachen, Calgary, Washington agus Toronto. Leis na buanna atá faighte ag an iomad comórtas i gCraobhchomórtais an Domhain, bhí agus tá marcaigh an Airm agus capaill de shíolrú na hÉireann ina bhfórsa cumhachtach i bhfógraíocht agus i bpoiblíocht ar dhíolachán chapaill na hÉireann thar lear. Tá an léiriú ar rathúlacht an chuspóra sin le fáil trí bhreathnú ar an gcuntas buacach atá ag capall na hÉireann a bhí ag iomaíocht do náisiúin eile thar na blianta.

De thoradh na Scoile a bheith páirteach go díreach ag an leibhéal is airde i gcomórtais idirnáisiúnta tá aitheantas faighte ag na cóitseálaithe, na marcaigh agus an fhoireann ghrúmaeireachta as an ardchaighdeán eachaíochta agus scileanna atá acu. Is minic duaiseanna bainte amach ag grúmaeirí an Airm as an gcuma agus as an gcúram den scoth a bhíonn ar a gcapaill.

Le rannpháirtíocht a marcach sna comhlachtaí éagsúla náisiúnta eachaíochta, tugann Scoil Eachaíochta an Airm cúnamh le forbairt na marcaíochta agus le forbairt ghinearálta na heachaíochta tríd an traenáil luachmhar agus an taithí atá faighte ag a marcaigh iomaíocha a roinnt le daoine eile. Tugann Scoil Eachaíochta an Airm cúnamh do mharcaigh óga tríd an sparánacht traenála atá ag an Aire Cosanta. Sparánacht bhliantúil í seo a bhronntar ar bheirt mharcach óg a bhfuil cuma na maitheasa orthu agus áirithe ann tá traenáil agus rannpháirtíocht i seónna idirnáisiúnta ag leibhéal sóisearach.

D’fhéadfaí a rá freisin gur saghas fuinneog thaispeántais a bhí sa Scoil Eachaíochta do chuid mhór d’acmhainní eile na hÉireann, go háirithe i réimsí na turasóireachta, na trádála agus na margaíochta, trí aird a tharraingt ar Éirinn agus ar earraí na hÉireann ar bhealach a bhí poiblí agus iontach oiriúnach.