Skip to main content

1 Briogáid

Is Briogáid lena mbaineann na harmghéaga uile Á 1ú Briogáid agus tá sí comhdhéanta d’fheadhna comhraic, feadhna tacaíochta comhraic agus feadhna tacaíochta seirbhíse comhraic. Áirítear ar na feadhna sin, an t-ionad Coisithe, Airtléire, Marcra, Innealtóirí, Cumarsáide agus Iompair. Tá na haonaid sin scaipthe ar fud limistéar freagrachta críche ainmnithe de chuid na Briogáide.

Limistéar Freagrachta Críche

Is í Briogáid atá freagrach as oibríochtaí. míleata i ndeisceart na tíre. Áirítear ar na contaetha atá sa limistéir freagrachta: Ceatharlach, Laoise, Uíbh Fhailí, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Láirge, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, An Clár, Tiobraid Árann agus Gaillimh. Tá Ceanncheathrú na Briogáide suite i nDún Uí Choileáin, Corcaigh.

Tá feistis riachtanacha éagsúla lonnaithe laistigh de limistéar freagrachta Bhriogáid an Deiscirt, lena n-áirÁtear;

  • Aerfort na Sionainne
  • Aerfort Chorcaí
  • Duganna Chorcaí
  • Aerfort an Fhearainn Fhuair

Chuidigh an Bhriogáid leis na cumhachtaí sibhialta, uaireanta, trí shlándáil a chur ar fáil ag na háiteanna sin nuair a iarraidh uirthi sin a dhéanamh.

Traenáil

Nuair nach bhfuil siad gafa le hoibríochtaí bíonn pearsanra ag traenáil i gcónaí le scileanna reatha a chothabháil, le bheith inniúil le trealamh nua agus, go háirithe, le bheith ábalta iad féin a chur in oiriúint do thimpeallacht a bhíonn ag síorathrú.

Bíonn traenáil don Bhriogáid ar siúl ar feadh na bliana agus clúdaíonn sí;

  • Oibríochtaí Míleata Nósmhara
  • Misin Thar Lear
  • Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta

Tá roinnt limistéar traenála laistigh de limistéar na Briogáide;

  • Campa Chill Uird
  • Oileán Bhéarra
  • Dún an Dáibhisigh
  • Campa na Carnaí

Freastal ar an An Ginearáloifigeach i gCeannas an 1 Briogáid