Skip to main content

An Scoil Traenála Teicniúla

AN SCOIL TRAENÁLA TEICNIÚLA

Tá an tAerchór ag feidhmiú amach as Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill, ó Aibreán 1922. De bharr breis riachtanais do theicneoirí ardoilte aerárthach chun cothabháil a dhéanamh ar an bhflÁt a bhí ag dul i méid osclaÁodh an Scoil Phrintíseachta san aerbhunáit agus cuireadh tús leis “an scéim phrintíseachta do bhuachaillí”. Tá cuid mhaith de na “buachaillí” a chur tús lena gceird eitleoireachta ar an mbealach sin i bpoist fheidhmiúcháin anois san eitlÁocht shibhialta agus sa tionscail i gcoitinne.

Ár Misean

Teicneoirí ardoilte agus ilsciliúla a chur ar fáil a bheidh in ann déanamh thar barr i dtimpeallacht chrua eitlíochta míleata. Déantar forbairt ar na mic léinn le comhcheangal de mhúineadh foirmiúil agus de theoiric phraiticiúil. Cuireann na ceardlanna atá againn ar láthair na scoile fáil ar an réimse leathan d’fhoghlaim praiticiúil atá riachtanach don traenáil theicniúil. Tá na huirlisí agus na bogearraí oideachais is nua-aimseartha ag an scoil agus cuireann sin timpeallacht foghlamtha den scoth ar fáil don fhoireann agus do na mic léinn araon.

Oideachais a Aithnítear go hIdirnáisiúnta

Tá an tionscnamh traenála seo tagtha chun cinn de réir a chéile thar na blianta agus áirithe ann tá comhoibríocht de bhreis agus 20 bliain le FíS mar Scoil Traenála Teicniúla faofa. Ó 2011 ar aghaidh, tá an STT ag reáchtáil céime innealtóireachta leibhéal 7 i dTeicneolaíocht na hEitlíochta trí cheangal le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile ítha Cliath. Céim shuntasach chun cinn í seo don Aerchór féin agus do na mic léinn a bheidh ag fáil céimeanna amach anseo agus cinntíonn sé ardchaighdeáin leanúnacha oideachais agus traenála do theicneoirí eitlíochta an lae amáraigh.

Nithe a Chlúdaímid

Céim Baitsiléara sa Teicneolaíocht Innealtóireachta i dTeicneolaíocht na hEitlíochta Míleata an phríomhaidhm atá ag an STT agus tá sin ar fáil do mhic léinn Ardteiste a bhíonn ag iarraidh dul isteach san Aerchór. Bíonn an clár acadúil ar siúl ar feadh trí bliana, dhá sheimeastar sa bhliain, agus áirithe ansin tá traenáil mhíleata go dtí leibhéal Eitleora trí réalta.

Foghlaimeoidh tú

  • Gléasra Cumhachta
  • Córais Eitleonaice
  • Struchtúir & Córais Aeraidinimice
  • Cleachtais íbhar, Chrua-Earraí agus Chothabhála
  • Leictreachas & Leictreonaic
  • Fisic don Teicneolaíocht
  • Matamaitic don Teicneolaíocht
  • Liáin
  • Gnáthaimh Chothabhála
  • Reachtaíocht Eitlíochta — Sibhialta & Míleata
  • Córais Aerárthach Míleata, Gnéithe Daonna
  • Sláinte & Sábháilteacht
  • Teicneolaíocht an Eolais — ECDL/CAD
  • Dearadh Gréasán
  • Córais bhogearraí bainistíochta Pearsanra agus Lóistíochta

Lena chois sin, cuireann An Scoil Traenála Teicniúla forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil dá foireann cháilithe theicniúil, ar a n-áirítear cúrsaí a bhaineann le haerárthaí, cúrsaí a bhaineann le córais agus cúrsaí athnuachana. Bíonn píolótaí cáilithe an Aerchóir ag traenáil inár saoráid freisin do mhodúil theicniúla a gcúrsaí cleachta is eolais ar aerárthaigh.

Ríomhfhoghlaim

Tá rannóg dea-chóirithe Theicneolaíocht an Eolais agus foireann léi sa scoil freisin. Cuireann sin cúrsaí ECDL ar fáil do phearsanra an Aerchóir chomh maith le traenáil inmheánach i mbogearraí na gcóras pearsanra agus lóistíochta. Déantar soláthar freisin do dhearadh gréasán agus d’ardchórais oifige.