Skip to main content

An Scoil Traenála Eitilte

AN SCOIL TRAENÁLA EITILTE

Is í an Scoil Traenála Eitilte (FTS) an scuadrún laistigh den Aerchór atá freagrach as traenáil agus oideachas dhaltaí an Aerchóir go hiomlán. An príomhról atá ag an scoil ná traenála bhunaidh eitilte agus oifigigh a reáchtáil do na daltaí agus an dara ról ná déileáil leis na tascanna oibríochta ar fad a iarrann an Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir (GOC), ar a n-áirítear forbairt ar a chumas freagartha faoi airm sa ról Aer go hAer agus Aer go Talamh araon. Mar aon leis an gCúrsa Sciathán Daltaí, reáchtáileann an scoil traenáil teagascóirí, traenáil armán agus traenáil oirbheartaíochtaí aeir.

Ár nEitleáin

Úsáidtear an t-aerárthach Pilatus PC-9M, a rinneadh san Eilvéis, do na tascanna ar fad a bhaineann le traenáil eitilte oibríochtaí. Tuirbeitleán traenála nua-aimseartha le suíocháin tandaim is ea an PC-9M a bhfuil cumas láidir feidhmithe aici le huasluas de 590 km/h agus í in ann 7’g’ a sheasamh.

Cúrsa Sciathán do Phíolótaí Míleata

An aidhm atá leis an gCúrsa Sciathán ná traenáil a chur ar mhac léinn gan aon taithí eitilte go dtí an caighdeán is gá chun go mbronnfar sciatháin mhíleata píolóta air/uirthi. Maireann an cúrsa sciathán 15 mhí agus ansin tá clár dian traenála ar an talamh agus san aer.

An Scoil Talún

Clúdaíonn traenáil talún an Chúrsa Sciathán réimse ábhar a bhaineann le heitlíocht agus cinntíonn sé go mbeidh eolas teoiriciúil an mhic léinn ag an leibhéal is gá le haitheantas a fháil ó íšdarás Eitlíochta na hÉireann (IAA) do Cheadúnas Píolóta Aerlíne Iompair (ATPL).

Foghlaimeoidh tú:

  • Prionsabail na hEitilte
  • Meitéareolaíocht
  • Ionstraimíocht
  • Cumarsáid
  • Feidhmíocht agus Teorainneacha an Duine
  • Loingseoireacht Ghinearálta
  • Gléasra Cumhachta
  • Dlí an Aeir
  • Aerfhrámaí agus Córais Aerárthaigh
  • Leictreachas agus Leictreonaic
  • Mais agus Cothromaíocht
  • Feidhmíocht Aerárthach
  • Pleanáil agus Monatóireacht Eitiltí
  • Gnásanna Oibríochta

I gcomhar leis an siollabas scoile talún, tugtar teagasc do na daltaí freisin i réimse ábhar eile a bhaineann lena dtraenáil mar oifigigh agus mar cheannasaithe in Óglaigh na hÉireann amach anseo.

Traenáil Eitilte

Tá clár eitilte an Chúrsa Sciathán roinnte ina thrí chéim éagsúla agus tástáil eitilte ag deireadh gach céime acu chun a chinntiú go bhfuil na caighdeáin chearta á mbaint amach agus á sárú.

An Bhunchéim

Sula mbeidh na mic léinn réidh chun eitilte caithfidh siad clár traenála ríomhaireachta a dhéanamh ina gclúdaítear na gnéithe teicniúla agus oibríochta ar fad atá san aerárthach PC-9M. Nuair a bhíonn an traenáil ríomhaireachta críochnaithe, téann na daltaí ar aghaidh go dtí na breabhaidí eitilte ar ionsamhlóir den PC-9M sula dtéann siad san aer leis an aerárthach féin. Tosaíonn an bhunchéim le buntús na heitilte agus forbraíonn sé as sin go dtí an Bhuntástáil Láimhseála (EHT) ag an deireadh, tráth a léireoidh na mic léinn na scileanna nua atá faighte acu trí réimse freachnamh a dhéanamh ar a n-áirítear taispeántas aeraclaíochta.

An Chéim Bhunata

Téann na mic léinn ar aghaidh ón mbunchéim go dtí an chéim bhunata ina ndéantar tuilleadh forbartha ar na scileanna eitilte agus tugtar isteach disciplíní nua, mar shampla eitilt de réir airnéisí, loingseoireacht amhairc agus eitilt oíche. Críochnaítear an chuid sin leis an nGrádú Píolóta in úsáid Airnéise (IRT) ina léiríonn na mic léinn a gcuid inniúlachta ag eitilt an aerárthaigh agus gan acu ach an airnéis atá sa chábán.

An Ardchéim

San ardchéim forbraítear na disciplíní a foghlaimíodh roimh ré agus freisin tugtar isteach agus déantar comhtháthú ar an ngné oirbheartaíochta sna disciplíní go léir. Sa chéim seo cuirtear na mic léinn ag plé le heitilt eagair ina bhfoghlaimíonn siad ní amháin le heitilt an-ghar dá chéile mar bhaill d’fhoireann ach foghlaimíonn siad freisin le bheith ina gceannairí ar eitilt eagair. Tá Tástáil Bhunata Láimhseála (BHT) agus Tástáil Dheiridh Loingseoireachta (FNT) ina gcuid den ardchéim seo agus ceadaíonn sin rátáil bhunúsach aerárthaigh don mhac léinn. Chun na sciatháin mhíleata píolóta a fháil caithfidh na mic léinn pas a fháil sa Tástáil Dheiridh Láimhseála (FHT); sa tástáil seo caithfidh na mic léinn ceannas a ghlacadh ar eagar oibríochtúil mar chuid de fhreachnamh míleata.