Skip to main content

Pilatus PC9

PILATUS PC-9M

Seacht n aerárthach Pilatus PC-9M atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaí sin i mbun seirbhíse sa bhliain 2004 agus is iad na príomhaerárthaí traenála iad do phíolótaí an Aerchóir.

Tá pacáiste cuimsitheach eitleonaice lán tandam-acmhainneach VFR/IFR feistithe ar an PC-9M do chúrsai aerloingsoireachta, cumarsáide agus sainaithinte, agus trealamh úrscothach in úsáid. Eitleonaic nua-aimseartha atá sa PC-9M, lena n-áirítear Scáileán Os Do Chomhair (HUD) agus Córas Ionstraimíochta Eitilte Leictreonach (EFIS) ar a dtaispeántar ionstraimí príomha. Tá suíochán teilgin Martin-Baker CG-A suiteáilte sa PC-9M, suíochán a ligeann do phíolótaí éalú go sábháilte ó leibhéal na farraige go dtí a shíleáil oibríochta ag aerluas ar bith os cionn 65 cnota.

Rólanna

  • Traenáil Phíolótaí ab initio
  • Ardtraenáil Phíolótaí
  • Traenáil Teagascóirí Píolóta
  • Dlúth-Aerthacaíocht
Staitisticí Pilatus PC-9M
Cineál AerárthaighPilatus PC-9M
Ról(anna)Traenáil Phíolótaí Ab Initio & Ardtraenáil Phíolótaí, Traenáil Teagascóirí Píolóta, agus Dlúth-Aerthacaíocht
Criú1 Píolóta & 1 Dalta
Córas Tiomána1 x inneall turba-liáin Pratt & Whitney PT6A-62
Réise Sciathán10.19 méadar (33 troigh, 5 orlach)
Airde3.25 méadar (10 dtroigh, 8 orlach)
Fad 10.16 méadar (33 troigh, 4 orlach)
Armáil2 x Faighneog Roicéad — Ina gcoinnítear x 2.75” (70mm) Aer-roicéid Eite-fhillteach ‘FN LAU 7’
2 x .5” FN HMG — Crios 250 urchar ar gach gunna
Chuaigh i mbun Seirbhíse2004

Feidhmíocht Pilatus PC-9M
Uas T/O Meáchan3,200 cileagram (7,050 punt)
Síleáil Seirbhíse25,000 troigh
Luas Cúrsála275 cnota
Uasluas320 cnota
Seasmhacht4 uair, 30 nóiméad
Raon850 Muirmhíle