Skip to main content

Learjet 45

LEARJET 45

Learjet 45 amháin atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh an t-aerárthach sin i mbun seirbhíse sa bhliain 2004 agus oibrÁonn sé seacht lá na seachtaine, in Aeriompar Airí Rialtais de ghnáth.

Anuas ar a ról iompair, is minic a chuireann an Learjet 45 seirbhís aistrithe othar ar fáil, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, i gcomhar leis an Roinn Sláinte.  Is féidir an t-aerthárthach a athchóiriú chuige sin taobh istigh d’uair an chloig — baintear suíocháin amach as ionas gur féidir córas sínteán Lifeport lán-neamhspleách a shuiteáil sa chábán.

Aistrítear paisinéirí caol díreach ó otharcharr isteach san aerárthach leis an gcóras sin, agus tá rampa ualaithe ann a bhfuil modhnú speisialta déanta air. Agus cuireann an córas sínteán Lifeport foinse lán-neamhspleách leictreach, ocsaigine, folúis agus aeir ar fáil don phearsanra míochaine ar bord an aerárthaigh fad a bhíonn othar á aistriú. Is córas é a dearadh chun paisinéirí a iompar a mbeadh ardtacaíocht beatha de dhíth orthu.

Rólanna

  • Iompar an Uachtaráin agus Airí Rialtais
  • Iompar Daoine Mór le Rá & Iompar Míleata
  • Aerárthach Othar
Staitistici Learjet 45
Cineál AerárthaighBombardier Learjet 45
Ról(anna)Iompar an Uachtaráin, Airí, Pearsanra Míleata agus Daoine mór le rá & Aerárthach Othar
Criú2 Píolóta, 1 Freastalaí Eitilte agus suas le 7 Paisinéir
Córas Tiomána2 x turba-fean Honeywell TFE731-20AR-1B
Réise Sciathán14.58 méadar (47 troigh, 10 orlach)
Airde4.29 méadar (14 troigh, 1 orlach)
Fad17.81 méadar (58 troigh, 5 orlach)
ArmáilNeamhbhainteach
Chuaigh i mbun Seirbhíse2004

Feidhmíocht Learjet 45
Uas T/O Meáchan9,762 cileagram (21,500 punt)
Síleáil Seirbhíse51,000 troigh
Luas CúrsálaMach 0.78
UasluasMach 0.81
Seasmhacht4 uair 30 nóiméad (Móide Cúltaca)
Raon 2,000 muirmhíle