Skip to main content

EC135 T2

EUROCOPTER EC135 T2

Dhá aerárthach EC135 T2 atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair, i gcomhar leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Chuaigh an chéad aerárthach i mbun seirbhíse sa bhliain 2003 agus oibríonn an dá cheann seacht lá na seachtaine ina ról Aerthacaíochta don Gharda Síochána.

Is faoin Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí atá an rialú oibriúcháin i gcás na n-aerárthaí, ach is é an tAerchór a sholáthraíonn na píolótaí d’Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána chun na haerárthaí a eitilt.

Rólanna

  • Aerthacaíocht an Gharda Síochána
Staitisticí EC135 T2
Cineál AerárthaighEurocopter EC 135 T2
Ról(anna)Aerthacaíocht an Gharda Siochána
Criú1 Píolóta agus 2 Garda Síochána
Córas Tiomána2 x turba-seafta Turbomeca Arrius 2B2
Trastomhas Rótair10.2 méadar (33 troigh, 6 orlach)
Airde3.51 méadar (10 dtroigh, 9 orlach)
Fad12.16 méadar (39 troigh, 11 orlach)
ArmáilNeamhbhainteach
Chuaigh i mbun Seirbhíse2003

Feidhmíocht EC135 T2
Uas T/O Meáchan2,835 cileagram (6,245 punt)
Síleáil Seirbhíse20,000 troigh
Luas Cúrsála120 cnota
Uasluas150 cnota
SeasmhachtAg brath ar an misean
RaonAg brath ar an misean