Dhá aerárthach EC135 P2+ atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaÁ sin i mbun seirbhÁse sa bhliain 2005 agus oibrÁonn siad seacht lá na seachtaine don Aerchór, i mbun iliomad rólanna.
Nuair a chríochnaíonn siad a gcúrsa ‘Sciatháin’, sruthaítear na daltaí i dtreo oibríochtaí sciathán dobhogtha nó oibríochtaí sciathán rothlach. Is é an EC135 an príomhaerárthach a úsáidtear san Aerchór do thraenáil sciathán rothlach ab initio. Maireann gnáthchúrsa tiontaithe sciathán rothlach timpeall sé mhí. Lena linn sin cuirfidh na daltaí lear mór oibríochtaí míleata sciathán rothlach i gcrích ar nós druileanna rópadóireachta, lasta a chrochadh, eitleoireacht sléibhe agus foirmíochtaí oirbheartaíochta.
Rólanna:
- Traenáil phíolótaí
- Tacaíocht don Arm
- Aerárthach othar
- Iompar daoine mór le rá agus iompar míleata
- Úsáid ghinearálta
| Staitisticí EC135 P2+ |
|---|
| Cineál Aerárthaigh | Eurocopter EC 135 P2+ |
|---|
| Ról(anna) | Traenáil phíolótaí, tacaíocht don arm, aerárthach othar, iompar pearsanra mór le rá & míleata agus úsáid ghinearálta |
|---|
| Criú | 1 Píolóta, 1 Fear criú & suas le 5 trúpa |
|---|
| Córas Tiomána | 2 x Pratt & Whitney PW206B2 |
|---|
| Trastomhas Rótair | 10.2 méadar (33 troigh, 6 orlach) |
|---|
| Airde | 3.51 méadar (10 dtroigh, 9 orlach) |
|---|
| Fad | 12.16 méadar (39 troigh, 11 orlach) |
|---|
| Armáil | Neamhbhainteach |
|---|
| Chuaigh i mbun Seirbhíse | Samhain 2005 |
|---|
| Feidhmíocht EC135 P2+ |
|---|
| Uas T/O Meáchan | 2,835 cileagram (6,245 punt) |
|---|
| Síleáil Seirbhíse | 25,000 troigh |
|---|
| Luas Cúrsála | 135 cnota |
|---|
| Uasluas | 155 cnota |
|---|
| Seasmhacht | 2 uair an chloig |
|---|
| Raon | 270 muirmhíle |
|---|