Skip to main content

Ceann Foirne

COS-Irish

Tá 37 bliain de sheirbhís curtha isteach ag an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy le hÓglaigh na hÉireann. Is é an chéad Eitleoir i Stát na hÉireann é a ceapadh ina Cheann Foirne. D’fhóin sé roimhe sin ina Leas-Cheann Foirne (Tacaíochta) agus ina Ghinearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir agus Stiúrthóir na hEitlíochta Míleata. 

I 1984 ina dhalta a chuaigh an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy in Óglaigh na hÉireann agus i 1986 a thosaigh sé ag fáil traenáil eitleoireachta. Tá taithí aige ar rótarárthaí sciatháin agus ar aerárthaí sciatháin dhobhogtha a eitilt agus tá suas le 5,000 uair an chloig eitilte curtha isteach aige. Is scrúdaitheoir cáilithe é i ndáil le rátáil cineáil agus uirlise chomh maith le bheith ina theagascóir cáilithe in ionsamhaltú eitilte agus tá rátálacha cineáil, uirlise agus NVG ar an AW139 bainte amach aige le déanaí.

Tá an Leifteanant-Ghinearál Clancy ag brú athruithe chun cinn agus ag tacú le nuálaíocht laistigh d'Óglaigh na hÉireann. Bhí ról lárnach aige i bhforbairt na chéad Seirbhíse Éigeandála Aerleighis in Éirinn, seirbhís a bunaíodh sa bhliain 2012. Tá sé go mór ar son Ceannaireachta agus chomhscríobh sé Defence Forces Leadership Doctrine a foilsíodh sa bhliain 2016. Chomh maith leis sin, threoraigh sé an fhoireann a rinne straitéis fís-bhunaithe agus luach-bhunaithe reatha Óglaigh na hÉireann a fhorbairt i ndiaidh Páipéar Bán ar Chosaint a bheith foilsithe.

D'fhóin an Leifteanant-Ghinearál Clancy ina Cheannasaí Scuadrúin, ina Cheannasaí Sciatháin, ina Oifigeach Sinsearach Foirne Oibríochtaí, ina Oifigeach Sinsearach Pearsanra, ina Cheannasaí Foirne Aeir (Tacaíocht) i gCeanncheathrú an Aerchóir agus ina Stiúrthóir ar Chraobh na Pleanála Straitéise, ina Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) i gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann. Sula bhfuair sé ardú céime chuig Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) bhí sé ina Ghinearáloifigeach i gCeannas ar Aerchór na hÉireann, agus ina Stiúrthóir ar Eitlíocht Mhíleata.

Tá cuid mhór dá ghairm caite ag an Leifteanant-Ghinearál Clancy ina phíolóta Cuardaigh agus Tarrthála agus ba é Ceannasaí an chriú é ar bronnadh Bonn na Mara do Sheirbhís Inmholta orthu in 2002.

D'fhóin sé ar feadh bliana le Fórsa an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia ina Chomhairleoir Míleata ag an gCeannasaí Fórsa agus chaith dhá bhliain ina chomhairleoir aeir ar an ngné bhuan de SHIRBRIG, Briogáid ar Fuireachas na NA.

Tá céim Baitsiléir Eolaíochta aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Máistreacht i gCeannaireacht Mhíleata agus Staidéar Cosanta ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Is céimí de chuid Choláiste Ceannais agus Foirne Óglaigh na hÉireann é áit ar bronnadh Gradam an Leifteanant-Ghinearáil Tadhg O'Neill air. In 2017 bhain sé Dioplóma Ard-Fheidhmíocht Bainistíochta amach ó Scoil Gnó Smurfit.

Tá an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy pósta le Caroline. Tá triúr clainne acu agus siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath.