An Leifteanant-Ghinearál Rossa Mulcahy
Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann
Is oifigeach gairmiúil cumarsáide é an Leifteanant-Ghinearál Rossa Mulcahy a bhfuil breis is 39 bliain taithí aige i róil éagsúla ar fud Óglaigh na hÉireann chomh maith le tréimhsí imscartha leis na Náisiúin Aontaithe agus le NATO. Ghlac sé le ceapachán ina Cheann Foirne (CHOD) an 1 Meitheamh 2025. D’fhóin sé roimhe sin ina Cheann Foirne Cúnta ó mhí Dheireadh Fómhair 2021.
Is é an Leifteanant-Ghinearál Mulcahy príomhchomhairleoir míleata an Aire Cosanta agus Rialtas na hÉireann agus fónann sé ar phríomhbhoird straitéiseacha ar leibhéal beartais an Stáit. Tá sé ina chumarsáidí soiléir agus cinntitheach, ag brú athruithe chun cinn agus ag tacú le nuálaíocht le linn a ré gairme in Óglaigh na hÉireann. Bhí freagracht ag Rossa as réimse saincheisteanna ag leibhéal eagraíochtúil agus é ina Cheann Foirne Cúnta, lena n-áirítear; Bunathrú Eagraíochta, Forbairt Cumais, Nuálaíocht, Bainistiú Riosca, Rialachas Corparáideach, agus Caidreamh Tionsclaíoch, Teagasc agus Bunathrú Cultúir.
D’fhóin an Leifteanant-Ghinearál Mulcahy ina Stiúrthóir ar Chraobh na Pleanála Straitéise ó mhí Feabhra 2020 agus bhí freagracht aige as Forbairt Straitéiseach, Cur Chun Feidhme Clár um Beartas Cosanta, Pleananna Bliantúla Óglaigh na hÉireann agus Beartas Idirnáisiúnta Cosanta agus Slándála a chomhordú. Ón mbliain 2019 bhí sé ina Stiúrthóir Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais agus bhí an chibearshlándáil mar cheann dá chuid réimsí freagrachta. Bhí ceapacháin aige sa Scoil Comhcheannais agus Foirne agus i Rannóg Chreat Faisnéise Bainistíochta Óglaigh na hÉireann agus é ina Leifteanant Choirnéal.
I measc cháilíochtaí oideachais an Leifteanant-Ghinearál Mulcahy tá Baitsiléir Tráchtála ó Ollscoil na Gaillimhe, Ard-Dioplóma sa Teicneolaíocht Faisnéise ó Ollscoil Mhá Nuad, Baitsiléir Eolaíochta sa Bhainistíocht Córais Faisnéise ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Céim Máistreachta sa Bhainistíocht Ceannaireachta agus sa Staidéar Cosanta ó Ollscoil Mhá Nuad agus ar an gcáilíocht is déanaí a bhain sé amach tá Dioplóma Gairmiúil sa Straitéis Forbartha agus Nuálaíochta ó Scoil Gnó Smurfit, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is céimí de chuid Chúrsa Ceannais & Foirne Sinsearaí Óglaigh na hÉireann (2008) agus de chuid Choláiste Ceannais agus Foirne na SA (2011) é. I measc a thaithí thar lear, tá trí imscaradh chun na Liobáine le UNIFIL, dhá bhliain arna imscaradh chun na Siria agus chun na Liobáine le UNTSO, agus arna imscaradh ina Cheannasaí Sinsearach Náisiúnta agus ina Leascheannasaí Náisiúnta na hÉireann ar an gCraobh um Rannpháirtíocht le Príomhcheannairí (KLE) ag Misean Tacaíochta Diongbháilte NATO sa Chabúl, Afganastáin.
Tá Rossa pósta ag Lorna agus tá beirt iníonacha acu, Caoimhe agus Laoise.