Skip to main content

Misin san Afraic

Oibríocht na Náisiún Aontaithe sa Chongó

ONUC - Iúil 1960 — Meitheamh 1964
Lá mór a bhí ann 27 Iúil 1960 nuair a d’eitil an chéad ghrúpa den 32 Cathlán Coisithe, an chéad aonad iomlán ó Óglaigh na hÉireann le dul ar fónamh thar lear, as Baile ítha Cliath le dul chuig an gCongó. Tar éis neamhspleáchas ón mBeilg a bhaint amach an mhí roimhe sin tháinig drochbhail — beagnach ainriail — ar an gCongó.

Bhí saoránaigh de chuid na Beilge á n-ionsaí go randamach agus mar gheall air sin chuir rialtas na Beilge trúpaí chuig an iar-choilíneacht agus d’fhág ann iad go dtí go rabhthas ábalta ráthaíocht a thabhairt go mbeadh a gcuid saoránach sábháilte. Tháinig an Príomh-Aire Patrice Lamumba chun cinn mar cheannaire de facto ach níor éirigh leis an tír a thabhairt le chéile. Rinne an t-arm frithcheilg agus thapaigh an cúige Katanga an deis a neamhspleáchas a fhógairt. Bhris cogadh cathartha amach in Katanga dá bharr sin, idir an lucht scartha, faoi Moise Tshombe, agus lucht tacaíochta Lamumba, ar dhaoine ón treibh Baluba go príomha iad.

D’iarr Lamumba cúnamh ar na Náisiúin Aontaithe agus agus fuair é. Bhí Éire ar cheann de na tíortha ar iarraidh air trúpaí a chur ar fáil don mhisean beartaithe ONUC an 13 Iúil. Rith Rialtas na hÉireann an reachtaíocht cuí an 19 Iúil agus cuireadh an cathlán nua, an 32 Cathlán Coisithe (an 31 Cathlán Coisithe a bhí in Óglaigh na hÉireann go dtí 1946) i mbun gnímh lena imscaradh.

D’fhág an chéad chuid den chathlán, ina raibh an ceannasaí cathláin Lt Cor M J Buckley agus 60 comhalta den aonad, as Baile ítha Cliath 8 lá ina dhiaidh sin, agus lean an 635 comhalta eile den chathlán iad tamall ina dhiaidh sin. Imscaradh an t-aonad as Éirinn go dtí cúige Kivu ar dtús agus chuaigh an 33 Cathlán Coisithe leo i mí Lúnasa, rud a d'fhág go raibh os cionn 1,000 trúpaí as Éirinn san áit. Seirbhísí riachtanacha a athchóiriú, an pobal a chur ar a shuaimhneas agus maoirsiú a dhéanamh ar atosú trádála áitiúla na príomhthascanna a bhí acu. Rinneadh meitheal na hÉireann a ath-imscaradh go dtí Katanga i mí na Samhna, limistéar i bhfad níos contúirtí ina raibh dian-chogaíocht idir na treibheanna Baluba, Conekat agus Pygmie ar bun. Bhí buíonta cogaíochta ag dul ar fud na tuaithe, ag dó sráidbhailte agus ag ionsaí traenacha.

Rinneadh luíochán tragóideach ag Niemba an 9 Samhain nuair a mhairigh lucht na treibhe Baluba naonúr as patról de 11 as Éirinn. Bhris foréigean amach in Katanga go luath sa bhliain 1961, i rith seal dualgais an 35 Inf Bn agus an 1 Inf Gp, agus tharla go leor taismeach do Mheitheal na hÉireann le linn cathanna le Gendarmerie Katanga.

Ar an Aoine an 15 Meán Fómhair, 1961 Trooper Patrick Mullins, a bhí ina bhall den 35ú Cathlán Coisithe , a fuair bás de bharr ghníomh naimhdeach i Elizabethville i bPoblacht na Chongó. In 2011 comóradh Óglaigh na hÉireann an 50ú Comóradh a bháis.

Bhain an 36 Inf Bn an tír amach i mí na Nollag agus laistigh de choicís bhí siad páirteach i gCath an Tuláin, in Elizabethville, inar maraíodh triúr as an aonad.  Tugadh aitheantas d’éachtaí trúpaí na hÉireann leis na 14 Bonn Seirbhíse Dearscna a bronnadh ar phearsanra ‘A’ Coy.

Tháinig meath ar an lucht scartha sna blianta beaga ina dhiaidh sin agus ar deireadh chuaigh Tshombe ar deoraíocht in 1963. Bhí rialtas an Chongó sách muiníneach Tshombe a ligean isteach sa tír arís in 1964 mar chuid de chomhaontú foriomlán.  Cé go raibh an tír fós éagobhsaí ó thaobh cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta, measadh nach raibh dáinséar míleata ann níos mó agus cuireadh deireadh le misean míleata na Náisiún Aontaithe. Chuaigh 2 Inf Gp ar ais go hÉirinn an bhliain sin, agus leis sin tháinig deireadh le tiomantas ceithre bliana Óglaigh na hÉireann.

Tháinig Óglaigh na hÉireann in inmhe i rith mhisean ONUC de chuid Óglaigh na hÉireann agus iad ag feidhmiú ar an ardán idirnáisiúnta. Misean deacair agus trámach a bhí ann (bronnadh MMG amháin agus 65 DSM le linn na ceithre bliana) agus ghnóthaigh trúpaí na hÉireann meas na Náisiún Aonaithe as ucht a bhfeidhmíocht agus as déileáil le gach páirtí ar shlí chóir chothrom. Fiú sular fhág na trúpaí deiridh an Congó, iarradh ar Éirinn meitheal nua a chur ar fáil do mhisean nua na Náisiún Aontaithe sa Chipir. Is beag a shamhlaigh aon duine ag an am gur chuir an misean sa Chongó tús le 50 bliain de sheirbhís gan bhriseadh ó Óglaigh na hÉireann ar mhisin na Náisiún Aontaithe.

Mionsonraí na hOibríochta
Fad28 Iúil 1960 — 30 Meitheamh 1964
Cineál OibríochtaOibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (imscaradh Trúpaí) 
Tiomantas6191 misean carnach

Grúpa Cúnaimh Aistrithe na Náisiún Aontaithe

UNTAG - Márta 1989 - Aibreán 1990
Tháinig Grúpa Cúnaimh Aistrithe na Náisiún Aontaithe (UNTAG) chun cinn mar gheall ar dhíospóid idir na húdaráis a bhí i gceannas ar an Afraic Theas agus Eagraíocht Pobail Iar-Dheiscirt na hAfraice (SWAPO), a rinne dianiarracht neamhspleáchas a bhaint amach don Namaib. Thacaigh Angóla le SWAPO agus a eite míleatach Arm Saortha na nDaoine, an Namaib (PLAN), rud a thug deis do throdairí PLAN agus a gcomhghuaillithe as Cúba feidhmiú as Angóla.

Sa bhliain 1978, rith Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 435, agus leis sin bunaíodh UNTAG ar feadh tréimhse 12 mí, chun neamhspleáchas na Namaibe a chinntiú trí thoghcháin saora faoi rialú agus maoirseacht na Náisiún Aontaithe. Níor cuireadh é sin i bhfeidhm ag an am, toisc gur chruthaigh an Afraic Theas nasc idir a n-aistarraingt agus aistarraingt fórsaí Chúba as Angóla.

Níor aontaigh na páirtithe ar fad (Cúba, Angóla, an Afraic Theas agus na Stáit Aontaithe) go ndéanfaí aistarraingt Chúba ar bhonn céimnithe go dtí Samhain 1988. Cuireadh tús le UNTAG i 1989.

De bharr an an oiread daoine a bhí ag PLAN in Angóla theas, bunaíodh UNTAG-ANGOLA (UNTAG-A) chun monatóireacht a dhéanamh ar throdairí PLAN a choimeád ina mbunáiteanna in Angóla. Níor thóg sé ach 330 lá chun sainordú UNTAG-A a chur i gcrích. Tháinig deireadh le dualgais UNTAG san Namaib mí i ndiaidh neamhspleáchas a bheith bainte amach. 

Mionsonraí na hOibríochta
Fad16 Marta 1989 - 7 Aibreán 1990 
Cineál Oibríochta:Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir) 
Tiomantas:    20

Dara Misean Fíorúcháin na Náisiún Aontaithe chuig Angóla

UNAVEM II - úil 1991- Meán Fómhair 1993
An 1 Bealtaine 1991, shínigh rialtas Angóla agus reibiliúnaithe UNITA 'Comhaontú Síochána do Angóla', a bhí mar aidhm leis deireadh a chur leis an gcogadh cathartha fada. Ba ghné thábhachtach do na comhaontuithe ná cogaíocht a chur ar fionraí ón 15ú Bealtaine.

Bunaíodh UNAVEM II ag deireadh mhí na Bealtaine nuair a ghlac Comhairle Slándála na NA le Rún 696.

Bhunaigh Rialtas Angóla agus UNITA roinnt comh-choimisiún chun feidhmiú an Chomhaontaithe Síochána a fhíorú. D'fhreastail breathnóirí ó UNAVEM II ar na cruinnithe ar fad a bhí ag na coimisiúin seo. Ba é an phríomh-fheidhm a bhí acu, áfach, ná breathnóireacht a dhéanamh ar obair na gcomhghrúpaí monatóireachta Rialtais/UNITA.  Bhí na grúpaí seo, a bhí comhdhéanta den líon céanna monatóirí ón dá thaobh, lonnaithe i 50 ionad, áit a raibh trúpaí na bpáirtithe coinbhleachta le teacht le chéile i rith an tsosa comhraic.

Bhí breathnóirí na Náisiún Aontaithe lonnaithe i 12 'pointe criticiúil' eile sa tír freisin agus an tasc acu patrólú rialta a dhéanamh ar roinnt suíomhanna eile. Thug peasanra UNAVEM II a bhí gan airm cúnamh freisin i bhfiosrúchán agus i réiteach sáruithe líomhnaithe an tsosa comhraic.

Tháinig deireadh le rannpháirtíocht na hÉireann in UNAVEM II i Meán Fómhair 1993.

Mionsonraí na hOibríochta
Fad3 Iúil 1991- 9ú Meán Fómhair 1993
Cineál OibríochtaOibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas18 Misean Carnach

Dara Oibríochtaí na Náisiún Aontaithe sa tSomáil

Past Missions Irish Soldiers in Somalia

UNOSOM II - Eanáir 1993 — Eanáir 1995
Rinne grúpa neamhfhoirmiúil de chlanna Somálacha treascairt ar Uachtarán na tíre sin in Oirthear na hAfraice a bhfuil suíomh straitéiseach aici ag béal na Mara Rua. Ba ag Ali Mahdi agus an Ginearál Farah Aideed, ceannairí clainne, a bhí na príomhphoist, ach níorbh fhada gur thit siad amach lena chéile. Bhásaigh 30,000 de mhuintir na Somáile i 1991/1992 mar thoradh ar dhianchogaíocht idir na clanna, agus bhásaigh tuairim is 200,000 duine eile mar gheall ar an ngorta.

Níorbh fhéidir leis na gníomhaireachtaí cúnaimh idirnáisiúnta a bhí ag iarraidh éifeachtaí an ghorta a mhaolú oibriú go héifeachtach mar thoradh ar an gcreachadh a rinneadh ar longa agus ar thionlacan cúnaimh, agus mar gheall gur dúnmharaíodh oibreoirí cúnaimh sa tír, a bhí go hiomlán faoi ainriail.

I mí Eanáir 1992 a bunaíodh UNOSOM, as eascairt as UNSCR 733. Níor leor neart an chéad fhórsa, áfach. Tar éis don Aire Gnóthaí Eachtracha David Andrews agus don Uachtarán Máire Mhic Róibín cuairt a thabhairt ar an tSomáil, d’aontaigh Éire complacht iompair a chur ann.

Mar gheall ar chúrsaí ag dul in olcas sa tír, áfach, chuir Comhairle Slándála na NA Caibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe i bhfeidhm i mí na Samhna 1992. Is é a rinne UNSCR 794 an misean a athrú isteach ina mhisean forfheidhmithe síochána, go héifeachtach. Cuireadh moill ar imscaradh 1 Tpt Coy dá bharr sin mar gur theastaigh reachtaíocht nua sa Dáil le go mbeadh trúpaí na hÉireann ábalta páirt a ghlacadh i misin fhorfheidhmithe síochána. Chuir UNITAF, an tascfhórsa faoi cheannaireacht Stáit Aontaithe Mheiriceá,  UNOSOM i leataobh freisin. Le líon trúpaí 37,000 ann, rinne UNITAF cúrsaí a chobhsú go tapa agus thug siad an misean ar lámh do UNOSOM II i mí Bealtaine 1993. Bhí sainordú athchóirithe ag an misean nua, lenar áiríodh an gá leis na grúpaí Somálacha a dhí-armáil. Maraíodh 24 trúpaí de chuid UNOSOM as an bPacastáin i dtroid le clann Aideed an 5 Meitheamh, agus maraíodh 18 Ranger Mheiriceá a bhí ag feidhmiú go neamhspleách ó UNOSOM i mí Dheireadh Fómhair. Mar thoradh air sin, d’fhógair na Stáit Aontaithe go raibh sé beartaithe acu a gcuid trúpaí go léir a tharraingt amach faoi dheireadh Mhárta 1994.

Isteach san anord sin a tháinig 1Tpt Coy ar deireadh, i Meán Fómhair 1993. Bhí breis agus 40 feithicil ag meitheal na hÉireann agus lonnaíodh í ag campa na Sionainne in Baidoa, 177 míle ó Mhogaidisiú.  Ba é an príomh-thasc a bhí ag meitheal na hÉireann soláthairtí a fháil agus a iompar chomh fada leis an mbriogáid a bhí lonnaithe i réigiún Baidoa. Briogáid ón bhFrainc a bhí ann ar dtús ach cuireadh briogáid ón India ina háit ag deireadh 1993.

Turas contúirteach a bhí sa turas seachtainiúil go dtí Mogaidisiú, an áit ar tháinig na soláthairtí go léir isteach, ar tugadh an 'Mog run' air. Fiú tar éis shos comhraic i mí Dheireadh Fómhair 1993, rinneadh ionsaithe go rialta sa tSomáil, chun feithiclí, armáin nó bia a ghabháil. Rinneadh ionsaí ar an 'Mog run' le linn seal dualgais 2 Tpt Coy agus tharla troid lámhaigh dá bharr idir lucht tionlacain an chonbhua, trúpaí ón India, agus grúpa mór ropairí. Maraíodh ar a laghad 11 den lucht ionsaithe.

Mionsonraí na hOibríochta
FadLúnasa 1993 — Eanáir 1995
Cineál Oibríochta:Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Trúpaí)
Tiomantas:177 Misean Carnach 

Misean na Náisiún Aontaithe san Aetóip agus san Eiritré

UNMEE - Samhain 2001 go Meitheamh 2003
I 1998 bhris coimhlint amach idir an Aetóip agus an Eiritré de bharr dhíospóid teorann. Thit comhaontú as a chéile a shocraigh an Eagraíocht um Aontas na hAfraice (OAU) i 1999 agus tosaíodh ar an troid arís i mBealtaine 2000. De bharr comhaontú eile a thángthas air in Iúil 2000 bhí an dá thír tiomanta do dheireadh a chur le cogaíocht agus bhí an dá thír faoi ghealltanas iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe, i gcomhoibriú leis an OAU, oibríocht síochánaíochta a bhunú.

Thug UNSCR 1312 creathlach mhisean UNMEE (Misean na Náisiún Aontaithe san Aetóip agus san Eiritré) le 100 breathnóirí míleata. I ndiaidh turascála Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe i Lúnasa ritheadh Rún nua a leathnaigh an misean go 4,200 pearsanra míleata, 200 breathnóirí san áireamh.

Chuir Óglaigh na hÉireann 200 de líon slua comhdhéanta de Eilimint Garda & Riaracháin leis an misean ó Samhain 2000 go dtí Meitheamh 2003.

Bhí an t-aonad freagrach as slándáil a chur ar fáil do CC Fhórsa UNMEE, Campa an Oifigigh Foirne, agus Bunáit na hÉireann, Campa de hÍde, chomh maith le  conbhuanna a chomhlíonadh agus taiscéalaíocht a dhéanamh.

Mionsonraí na hOibríochta
FadSamhain 2001 go Meitheamh 2003
Cineál OibríochtaOibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Trúpaí)
Tiomantas630 Misean Carnach

Oibríocht Artemis

ARTEMIS - Meitheamh 2003 - Meán Fómhair 2003
Nuair a bhris an troid amach arís sa Chongó i mBealtaine 2003 de bharr imeacht trúpaí Uganda ó chúige Ituri, cruthaíodh folús slándála nach raibh an misean MONUC in ann é a líonadh.

Mar fhreagra láithreach rith Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1484, ag údarú bunú an fhórsa ilnáisiúnta eatramhach éigeandála (IEMF) chun cúrsaí a chobhsú go dtí go hathneartaíodh misean MONUC.
Ligeadh an IEMF ar fochonradh don AE, rud a chiallaigh gurb é sin an chéad mhisean míleata uathrialach de chuid an AE a d'oibrigh lasmiugh den Eoraip. Buanaíodh an misean, air ar tugadh an códainm Oibríocht 'Artemis', de réir choincheap an AE 'Framework Nation', leis an ról ceannasach á ghlacadh ag an bhFrainc.

Cuireadh tús leis an imscaradh i Meitheamh agus tugadh an misean ar a lánlíon de 1,400 trúpa faoin 6 Iúil. Bhain Oibríocht 'Artemis' le baile Bunia amháin, príomhbhaile chúige Ituri agus tríd an oibríocht sin d'éirigh leo an ceantar a chobhsú. Tugadh sainordú an mhisin chun críche in am agus tugadh ar lámh do Bhriogáid Ituri MONUC é ar an 1 Meán Fómhair.

Chuir Óglaigh na hÉireann beirt oifigeach foirne ag leibhéal HQ ar fáil d'Oibríocht 'Artemis.

Mionsonraí na hOibríochta
FadMeitheamh 2003 - Meán Fómhair 2003
Cineál OibríochtaEU Oibríocht Bainistithe Géarchéime faoi cheannas an AE 
Tiomantas2 cheann de Mhisin Carnach

Misean na Náisiún Aontaithe i gCósta Eabhair

MINUCI - 2003 - 2004
I mBealtaine 2003, bhunaigh UNSCR 1479 misin MINUCI chuig an Chósta Eabhair i ndiaidh do na Náisiún Aontaithe a chinneadh go raibh  slándáil agus síocháin idirnáisiúnta sa réigiún i mbaol de bharr cursaí sa tír. Bhí an misin, ar a raibh comhpháirt mhíleata san áireamh, faoi dhualgas cabhrú le cur i bhfeidhm comhaontú a bhí idir na páirtithe a bhí i gcoimhlint agus cur le hoibríochtaí an fhórsa síochánaíochta sa tír a bhí á sholáthar ag Stáit de chuid na hAfraice Thiar agus na Fraince.

In Aibreán 2004, chinn na Náisiúin Aontaithe go raibh cursaí sa Chósta Eabhair fós ag cur síocháin idirnáisiúnta i mbaol agus i Réiteach 1528 tháinig oibríocht síochánaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe in áit an mhisin MINUCI.  Bhí sainordú nua an fhórsa nua mar an sainordú a bhí ag MINUCI ach go raibh sé leathnaithe chun dí-armáil, díshlógadh, athimeascadh, athlonnú agus aisdúichiú, chomh maith le pearsanra de chuid na Náisiún Aontaithe a chosaint, a chur san áireamh.

Tá líon pearsanra míleata de 6,640 lena n-áirítear 200 breathnadóir míleata ag an bhfórsa.  Is mar chuid den ghrúpa breathnadóirí seo atá oifigigh ó Óglaigh na hÉireann fós ar fónamh. 

Mionsonraí na hOibríochta
Fad1 Bliain
Cineal Oibríochta     Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnadóir)
Tiomantas2

Saighdiúirí na Náisiún Aontaithe sa Libéir

Irish Troops in Liberia

UNMIL - Samhain 2003 - 31 Bealtaine 2007
Bhásaigh beagnach 150,000 duine, sibhialtaigh go príomha, sa chogadh cathartha sa Libéir, in Iarthar na hAfraice, ó 1989 go 1997. Theip ar dhlí agus ord go hiomlán sa tír dá bharr. Bhí baol ann go gcuirfí na tíortha in aice láimhe, Siarra Leon, an Ghuine agus Côte d'Ivoire trína chéile mar thoradh ar an gcogadh chomh maith. Bhris babhtaí troda amach sa tír go fóill, in ainneoin go ndearna na Náisiúin Aontaithe agus Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) iarrachtaí comhaontú síochána a chur ar bun sa tír. Toghadh Charles Taylor ón National Patriotic Party (NPP) ina uachtarán tar éis toghcháin sa bhliain 1997. Thosaigh coinbhleacht sa tír an athuair, áfach, de bharr gur lean an leatrom ar chearta an duine ar aghaidh, gur eisíodh agus go ndearnadh ciapadh ar chéilí comhraic pholaitiúla, nach ndearnadh athchóiriú ar na seirbhísí slándála, agus de bharr na ndifríochtaí leanúnacha idir na grúpaí freasúracha.

Ba ón ngrúpa Liberians United for Reconciliation and Democracy (LURD), a bhí lonnaithe sa réigiún Lofa in iarthuaisceart na tíre, a tháinig an bhagairt ba mhó ar rialtas Taylor.

Chuir fórsaí LURD tús le hionsaí ollmhór in 2001 agus fógraíodh staid éigeandála in 2002 nuair a bhí lucht troda LURD imithe chomh fada le 50km ón bpríomhchathair, Monrovia. Faoi thús 2003 bhain LURD an cósta amach agus ní raibh siad ach 20km ó Monrovia. Chuir Movement for Democracy and Elections in Liberia (MODEL) tús le hionsaí i ndeisceart na tíre an t-am céanna. Bhí péire as trí cinn de chalafoirt Monrovia gafa ag LURD faoi Iúil 2003 agus bhí an tríú ceann gafa ag MODEL. I mí Lúnasa, rith Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1497, a thug cead d’fhórsa síochánaíochta ilnáisiúnta ó ECOWAS idirghabháil a dhéanamh, go dtí go mbunófaí Fórsa Cobhsaíochta na Náisiún Aontaithe. Cuireadh an fórsa idirghabhála, ar a tugadh ECOMIL, go dtí an Libéir agus shínigh gach páirtí le coinbhleacht na Libéire comhaontú síochána in Accra, Gána an 27 Lúnasa.

An mhí ina dhiaidh sin ritheadh UNSCR 1509, a bhunaigh UNMIL, a raibh sainordú aige tacú le cur i bhfeidhm chomhaontú an tsosa comhraic agus an phrósis síochána; foireann na Náisiún Aontaithe a chosaint; tacú le gníomhaíochtaí daonnúla; agus cabhrú leo maidir le hathchóirithe slándála náisiúnta, bunú arm athstruchtúrtha san áireamh. Chuaigh 1ú UNMIL i mbun dualgas síochánaíochta an 1 Deireadh Fómhair, agus corpraíodh 3,500 trúpaí ECOMIL isteach san fhórsa nua. I mí na Samhna 2003 a thosaigh Éire a bheith páirteach sa mhisean ina raibh 15,000-duine. Chomh maith leis an 90 Cathlán Coisithe, a bhí comhdhéanta de Chomplacht Riaracháin Lóistíochta, Complacht APC, agus Complacht Tacaíochta, imscaradh comhaltaí de Sciathán Fiannóglaigh an Airm (ARW) chuig láthair an mhisin. Ainmníodh an ARW ina Thascghrúpa Oibríochtaí Speisialta (SOTG) agus bhí sé faoi cheannas díreach Cheannasaí Fórsa UNMIL. An fheidhm a bhí ag an SOTG ná acmhainní a chur ar fáil don Cheannasaí Fórsa maidir le taiscéalaíocht speisialta, faisnéis daonnúil, liaison, agus gialla a tharrtháil agus a thabhairt slán.

Cuireadh go leor de mhisean an ARW leis an SOTG i gcrích trí phatróil fadraoin, go leor acu a mhair breis agus naoi lá, sna háiteanna níos iargúlta sa Libéir nach raibh faoi rialú UNMIL nó ar thug iar-chomhraiceoirí tuairiscí go raibh gníomhaíocht ar bun iontu. Le linn oibríochtaí SOTG chuathas isteach san áit ar tír, ar muir agus d’aer, an ceann deireadh le Mi26anna ón íšcráin, a bhí ábalta feithiclí taiscéalaíochta sainoiriúnaithe an aonaid a iompar.

Cé nach tasc díreach an SOTG a bhí ann cúnamh daonnúil a chur ar fáil, ba ghné rialta a bhí ann ar deireadh, go príomha trí MO agus dochtúirí an aonaid ag cur cúnaimh liachta ar fáil don phobal áitiúil.

I measc an iliomad oibríochtaí a rinneadh le linn a n-imscartha, thug na meáin go leor airde ar phearsanra an ARW nuair a scaoil siad 37 sibhialtach saor ó lucht armtha a bhí a gcoinneáil i gcoimeádán 20 troigh in Yekepa. Gabhadh deichniúr ón lucht armtha mar thoradh ar an oibríocht áirithe sin. Chomh maith leis sin, thug an 90 Cathlán Coisithe, ina raibh 450 saighdiúr ón 4 Briogáid an Iarthair, faoi Fhórsa Frithghnímh Mhear (QRF) UNMIL a chur ar fáil. An Complacht APC, atá feistithe le 22 Mowag, atá ag croílár an QRF. Tugann na buíonta seo a leanas tacaíocht dóibh: An Complacht Riaracháin Lóistíochta (comhdhéanta de bhuíonta iompair, CIS, Riaracháin/Lóistíochta agus Liachta, rannóga MP agus Ordanáis, agus Gné Tacaíochta Náisiúnta) agus Complacht Tacaíochta (comhdhéanta de bhuíon Innealtóireachta, buíon Moirtéir 81mm, agus buíon Marcra, atá feistithe le AML 20 agus AML 90).

Bunaíodh Ceanncheathrú mheitheal na hÉireann ar thailte óstán tréigthe 10km ar an taobh ó thuaidh de Monrovia agus tugadh Campa Clara air.

Go luath tar éis bhunú an QRF chuaigh complacht meicnithe ón tSualainn isteach leis, complacht ina raibh 230 duine agus a raibh feithiclí comhraic cathláin CV90, feithicil armúrtha troda BV309, agus iompróirí armúrtha pearsanra (APC) Patria. Is é QRF na hÉireann/na Sualainne a chuireann formhór na n-acmhainní soghluaisteachta agus lámhaigh ar fáil do UNMIL. Is iad an t-aon QRF Eorpach iad a oibríonn ar an talamh leis an misean 15,000 saighdiúir chomh maith. An íšcráin a chuireann cumas aerardaithe UNMIL ar fáil, go príomha trí héileacaptair Mi8 a oibriú mar iompróirí trúpaí, agus aerárthaigh ghunna, héileacaptair Mi24, a oibriú mar chosaint do na fórsaí. Tá pearsanra ó roinnt tíortha Eorpacha eile ag fónamh i gCeanncheathrú UNMIL sa Star Building in Monrovia. Tá misean an QRF comhdhéanta go príomha de phatróil ‘reicí le fórsa’ fadraoin a chuireann frithghníomh mear ar fáil d’eachtra éigeandála ar bith a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gceann ar bith de na ceithre earnáil mhíleata atá ag UNMIL.

Méid an chomplachta a bhíonn sna patróil fadraoin, a mhaireann 3 lá nó 10 lá, de ghnáth. Cuirtear i gcrích iad i bhfeithiclí agus de chois. Déantar patrólú ar fud na tíre ach tarlaíonn go leor dó in Monrovia agus feadh na dteorainneacha le Siarra Leon agus Cí´te d’Ivoire. Is minic a chuirtear patróil isteach san áit d’aer agus uaireanta ón muir, in áiteanna iargúlta. Bíonn complacht ar fuireachas i gcónaí ag an QRF le go mbeidh sé ábalta a thasc frithghnímh mhear a chur i gcrích. Bíonn sé réidh le himeacht tar éis fógra 30 nóiméad.

Imscaradh an QRF nuair a bhris círéibeacha tromchúiseacha amach in Monrovia i mí na Samhna 2004 agus bhí ról suntasach aige an foréigean a chur faoi chois. Chomh maith lena dtascanna míleata bíonn baint mhór ag meithle na hÉireann go léir atá ar fónamh le UNMIL le tograí daonnúla agus CIMIC (comhoibriú sibhialta míleata). Tugadh faoi go leor tograí ar an talamh a bhuíochas do mhaoiniú ón Roinn Cosanta agus ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus a bhuíochas d’iarrachtaí bailithe airgid a rinne na daoine ar an talamh. Ina measc siúd bhí síneadh ollmhór a cuireadh le hoispís HIV/AIDS in Monrovia arna reáchtáil ag Siúracha na Carthanachta, agus tacaíocht a tugadh d’ionaid lobhra agus polaimiailítis agus do go leor scoileanna.

Mionsonraí na hOibríochta
Fad:Samhain 2003 - 31 Bealtaine 2007 
Cineál Oibríochta:   Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Trúpaí) 
Tiomantas: 2745 Misean Carnach

Misean na Náisiún Aontaithe i bPoblacht na hAfraice Láir agus Sead, EUFOR Chad/CAR

Past Mission in Chad

MINURCAT - 15 Márta 2009 - 28 Nollaig 2010
An 21 Feabhra 2008 a cuireadh tús le rannchuidiú trúpaí Óglaigh na hÉireann leis an misean síochánaíochta faoi cheannas an AE chuig Sead agus Poblacht na hAifrice Láir (CAR), a raibh sainordú ó na Náisiúin Aontaithe aige. Bhí an fórsa faoi cheannas an AE ar dtús agus tugadh EUFOR Chad/CAR air, ach d’aistrigh an fórsa go dtí ceannas na Náisiún Aontaithe an 15 Márta 2009 agus tugtar MINURCAT air anois. Bhí an Fórsa AE Céad-Iontrála comhdhéanta de thrúpaí Fórsaí Speisialta as an Ostair, as an mBeilg, as an Fhrainc, as Éirinn agus as an tSualainn.

An Ceanncheathrú Oibriúcháin i bPáras, faoin Leifteanantghinearál Pat Nash, a bhí i gceannas foriomlán ar an misean AE. Ceapadh an Leifteanantghinearál Nash de bhun chomhghníomh an AE an 15 Deireadh Fómhair, tar éis cheadú ón Rialtas an 02 Deireadh Fómhair 2007. Eisean a rialaigh an misean de 3,700 duine ar an láthair trí Cheanncheathrú Fórsa faoin mBriogáidireghinearál as an Fhrainc, Jean Philippe Ganacia.

Tugadh sainordú don mhisean AE seo faoi Rún 1778 de chuid Chomhairle Slándála ns Náisiún Aontaithe (25 Meán Fómhair 2007), le hoibriú in oirthear Sead agus le bheith ag obair i gcomhar le misean sibhialach na Náisiún Aontaithe sa réigiún (ar a tugadh MINURCAT).

Tá an fórsa míleata údaraithe cosaint a thabhairt do theifigh, do dhaoine a cuireadh as a n-áit féin laistigh den tír (IDP's), d’eagraíochtaí daonnúla agus do shibhialaigh atá i mbaol. Cruthóidh an fórsa seo timpeallacht slán agus sábháilte inar féidir cúnamh daonnúil a sheachadadh go sábháilte agus inar féidir leis an bpobal áitiúil dul i mbun a saol laethúil go sábháilte. Tá misean MINURCAT thar a bheith cosúil faoi Rún 1861 de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Tá Poblacht na hAifrice Láir agus Sead ar roinnt de na tíortha is boichte ar domhan i dtéarmaí ionchais saoil, litearthachta dhaoine fásta, oideachas, ioncaim in aghaidh an duine agus sláinte foriomlán na ndaoine. Tá fíor-ghéarchéim ann sa réigiún, mar gheall ar theacht isteach na mílte teifeach atá ag éalú ó ghéarleanúint in Darfur in aice láimhe, ar achrann sa tír féin agus ar éifeachtaí fairsingithe fásaigh. Chomh maith leis sin, is iomaí caismirte a tharla idir an Rialtas agus na fórsaí reibiliúnach i Sead le blianta beaga anuas. Fuair Óglaigh na hÉireann sainordú ón Rialtas imscaradh ar feadh tréimhse 12 mí a dhéanamh ón 15 Márta 2009. Cuireadh tús lenár dtiomantas AE leis an bhfoireann Cheanncheathrú agus leis an bhFórsa Céad-Iontrála. Chuaigh an réamh-mheitheal ina raibh 147 duine go Sead an 24 Aibreán 2008, tús a chur le tógáil an bhonneagair bhunúsaigh do Champa Ciara, as a n-oibríonn cathlán na hÉireann in Goz Beida, in oirthear Sead.

Imscaradh an 97ú Cathlán Coisithe chuig an misean i mBealtaine/Meitheamh 2008 agus ba é an chéad chathlán as Éirinn a bhí ag feidhmiú i gCampa Ciara. Thosaigh sé ag patrólú laistigh dá limistéar mór oibríochtaí ar feadh theorainn Sead/na Súdáine i nDeisceart Sead. Cuireadh oibríocht mhór lóistíochúil i gcrích chun an 3,700 tonna trealamh a imscaradh ann (100 feithicil san áireamh), a ligfeadh don aonad é féin a bhunú agus a bheith neamhspleách sa champa. Ghlac misean na Naisiún Aontaithe MINURCAT ceannas an 15 Márta 2009 agus d’fhan roinnt náisiún, Éire san áireamh, i Sead agus bairéad na Náisiún Aontaithe á chaitheamh acu. Tháinig siad i gcomharbacht ar ár n-imscaradh le EUFOR Sead/CAR agus thug siad aghaidh ar na dúshláin a bhain leis. Chomh maith leis na hÉireannaigh i gCampa Ciara, bhí trúpaí Taiscéalaíochta na Fionlainne ann freisin, ag obair le Cathlán na hÉireann. Bhí na 400 trúpa as Éirinn den 99ú Cathlán Coisithe faoi rialú díreach Cheannasaí Fórsa MINURCAT agus a Leas-Cheannasaí as Éirinn, an Briogáidireghinearál Gerald Aherne.

Bhí sé i gceist i gcónaí gur misean eatramhach a bheadh sa mhisean AE fad a bhí fórsa á chur le chéile do na Náisiúin Aontaithe. D’imigh Cathlán na hÉireann as an áit in Aibreán 2010 tar éis d’Uachtarán Cheanada cinneadh a dhéanamh tacaíocht don mhisean míleata MINURCAT a tharraingt siar. D’fhan oifigigh foirne as Éirinn sa FHQ go dtí gur cuireadh deireadh leis an misean an 28 Nollaig 2010.

Mionsonraí na hOibríochta
Fad:Feabhra 2008 — Nollaig 2010
Cineál Oibríochta:Oibríocht Forfheidhmithe Síochána na Náisiún Aontaithe
Tiomantas is deanaí:2,800

Misean Traenála an Aontais Eorpaigh

Irish Troops with EUTM Somalia

EUTM (an tSomáil) - Aibreán 2010 go dtí Aibreán 2014
An 25 Eanáir 2010, chomhaontaigh an Chomhairle misean míleata a bhunú, chun cur le traenáil fhórsaí slándála na Somáile.

Thosaigh traenáil fhórsaí slándála na Somáile ag tús na Bealtaine 2010. Tá an misean seo ar siúl in Uganda, a éascaíonn freisin dlúth-chomhordú le  páirtnéirí AE, lena n-áirítear TFG na Somáile, Uganda, Aontas na hAfraice, na Náisiúin Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá cúigear pearsanra imscartha ag Óglaigh na hÉireann go dtí EUTM sa tSomáil. Tá triúr Oifigeach Foirne curtha go dtí CC an Mhisin in Kampala, agus tá Oifigeach agus beirt ONC imscartha go dtí Campa Traenála Bihanga, áit a oibríonn siad mar fhoireann le triúr comhaltaí d'Fhorsaí Armtha Mhálta.
Ó seoladh an misean EUTM in Aibreán 2010, ba chuid den mhisean é na háiseanna traenála ag Campa Traenála Bihanga a fheabhsú.

I measc na saoráidí nua tá suanliosanna dóibh siúd atá faoi oiliúint, raon lámhaigh, saoráid traenála um troid i líomatáiste foirgneamh, láthair paráide agus aerstráice.

Mionsonraí na hOibríochta
Fad Aibreán 2010 go dtí Aibreán 2014
Cineál OibríochtaMisean Traenála faoi cheannas an AE
Tiomantas10 Pearsanra