Skip to main content

Ceannasaíocht Tacaíochta

Tá sé de dhualgas ar Cheannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh tacú leis an tSeirbhis Chabhlaigh ar uisce agus ar tír. An tOifigeach i gCeannas Cheannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh (OCNOC), ag tuairisciú don FOCNS, a bhíonn i gceannas an Phearsanra, na Lóistíochta agus na n-acmhainní tacaíochta Teicniúla sa Bhunáit Chabhlaigh, chun a chur ar chumas na Seirbhíse Cabhlaigh a dualgais Oibríochta agus Traenála a chur i gcrích. Tá ceithre rannóg phríomha laistigh den Cheannasaíocht Tacaíochta. Orthu sin tá:

  • Ceann Ceathrú na Ceannasaíochta Tacaíochta
  • Aonad na hInnealtóireachta Meicniúla agus na Longlainne Cabhlaigh
  • Rannóg Lóistíochta na Bunáite
  • An tAonad Leictreachais le haghaidh Armán

Ceanncheathrú na Ceannasaíochta Tacaíochta

Feidhmíonn OCNOC ó HQ na Ceannasaíochta Tacaíochta. Faoi CC na Ceannasaíochta Tacaíochta tá an Rannóg Bainistíochta Pearsanra agus na Rannóga Bainistíochta Cothábhala/Pleanála agus Cigireachta.

Aonad na hInnealtóireachta Meicniúla agus na Longlainne Cabhlaigh

Tá an tAonad seo freagrach as tacaíocht theicniúil agus as tacaíocht throm dara líne a chur ar fáil do longa agus do bháid na Seirbhíse Cabhlaigh. Laistigh den rannóg tá:

  • An Rannóg um Ghléasra agus Innealra
  • An Longlann Chabhlaigh

Rannóg Lóistíochta na Bunáite

Déanann an Rannóg Lóistíochta pleanáil iomlán lóistíochta na Seirbhíse Cabhlaigh agus soláthraíonn siad seirbhísí tacaíochta lóistíochta don tSeirbhís Chabhlaigh, ar tír agus ar muir araon. Tá roinnt fo-rannóg a thagann faoin Rannóg Lóistíochta:

  • Stórais Theicniúla an Chabhlaigh
  • An Láraonad Soláthair
  • An Rannóg Chóiríochta agus Bialanna
  • Rannóg Cothabhála Innealtóireachta na Bunáite
  • An Rannóg Iompair ar Bóthar

An tAonad Leictreachais le haghaidh Armán

Déanann an rannóg seo comhordú agus rialú ar obair na dtrí rannóg chomhpháirte seo a leanas agus aird ar leith á thabhairt ar threalamh nuair a d’fhéadfadh na rannóga a bheith ag trasnaíl a chéile.

  • An Rannóg Theicniúil Chumarsáide
  • An Rannóg Leictreachais/Leictreonaice
  • An Rannóg Ordanáise