Skip to main content

Armáin ag Leibhéal Buíne

Armáin ag Leibhéal Buíne

In Airm na hÉireann is éard is buíon ann ná aonad coisithe ar a dtugtar Buíon Mhuscaed uaireanta. Tá an Bhuíon Mhuscaed comhdhéanta de 3 rannóg de 9 saighdiúir, a bhfuil gach ceann faoi cheannas ag Ceannaire. Tá an bhuíon faoi cheannas Leifteanaint (nó Dara Leifteanaint) le Sáirsint Buíne ag feidhmiú mar Leascheannasaí (2I/C).

Steyr AUG

Tugadh Steyr Armee Universal Gewehr AUG A1 (a chiallaíonn "Muscaed Uilíoch Airm") isteach i mbun seirbhíse ag Óglaigh na hÉireann i 1988. Calibre 5.56mm atá ag an armán sin, rud a ligeann don saighdiúir dhá oiread armlóin a iompar seachas roimhe sin, agus úsáideann sé dearadh "Bullpup", ina bhfuil an mheicníocht agus an philéarlann suite taobh thiar den truicear. Is dearadh é a chuireann fad leis an mbairille a bhaineann le fad iomlán an armáin, rud a chruthaíonn armáin níos giorra do bhairillí den fhad chéanna. Bhí éileamh ar an gcartús le cailibire 5.56mm nuair a léirigh staidéir idirnáisiúnta gur annamh a dtéann saighdiúirí i ngleic lena chéile le mionarmáin nuair a bhíonn achar slí níos mó ná 300 méadar eatarthu. Laghdaigh sé sin an gá a bhí le cartúis níos cumhachtaí. Táirge de chuid Steyr Daimler Puch na hOstaire is ea an Steyr AUG A1, agus is é muscaed seirbhíse na coitiantachta san Ostair, san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus i Lucsamburg. Déantar é a eisiúint, chomh maith, do Sheirbhís Custam SAM agus do scoth-Fhiannóglaigh na Filipíne, i measc daoine eile..

Staitisticí an Steyr AUG A1
DéantóirSteyr Daimler Puch
Cineál ArmáinMuscaed Lingthe Leathuathoibríocht
Tír a DhéantarAn Ostair
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse1988
Calibre5.56mm
Cothú LónlámhachCothú le Piléarlann
Meáchan3.6kg
Modh LámhaighUrchar Aonair agus Lámhach Uathoibríoch
Raon600m
Ráta Lámhaigh600 - 800 urchar sa nóiméad
Fad790mm
TreoirRadharcach - formhéadú x1.5

Heckler & Koch USP

Is é piostail leath-uathoibríoch an USP (Universelle Selbstladepistole nó "pistol féin-luchtú uilíoch") a fhorbraíodh sa Ghearmáin ag Heckler & Koch GmbH (H & K) Is piostail leath-uathoibríoch é an le sreabhadh faoi ghlas meicniúil ag baint úsáide as an modh gearr athchúrsála oibriú.

Heckler & Koch USP Statistics
DéantóirHeckler & Koch GmbH (H&K)
Cineál ArmáinSemi- Automatic Pistol
Tír a DhéantarGermany
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse2007
Calibre9mm
Raon Leath-Uathoibríoch50m

Lansaire Gránáide M203

Tá sé mar phríomhról ag an M203 tacú leis an rannóg coisithe. Córas fochrochta armán gránáidí 40mm ar luas íseal atá ann, nasctha go buan le Muscaed Steyr, le meicníocht amharcaimsithe agus truiceartha ar leithligh. Is féidir réimse leathan armlóin éagsúla a scaoileadh leis an armán seo, ar a n-áirítear Tréanphléascán, Deatach agus Soilsiú. Tá an M203 in ann lámhach éifeachtach suas le 350 méadar a sholáthar. Is féidir an M203 a úsáid chun tabhairt faoi fheithiclí bogchraicneacha agus faoi fhoirgintí daingnithe agus trúpaí namhad faoin aer. Tá ar a chumas dul trí 90 mm armúir rollaithe aonchineálaigh agus is féidir leis tabhairt faoi armúr éadtrom.

Staitisticí an Lansaire Gránáidí M203
DéantóirDiemaco
Cineál ArmáinLansaire Gránáidí
Tír a DhéantarCeanada
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse
Calibre40mm
Cothú LónlámhachCrioslódáilte
Meáchan2.15kg
Modh LámhaighUrchar Aonair
Raon400m
Ráta Lámhaigh5 go dtí 7 urchar sa nóiméad
Fad305mm
TreoirTreoir Iarann

Inneallghunna Úsáide Coitianta

Sa lá atá inniu ann, úsáideann Óglaigh na hÉireann an FN MAG (Fabrique Nationale Mitrailleuses D'Appui General nó Inneallghuna Usáide Coitianta) 58 i ról Inneallghunna Usáide Coitianta.  Calibre 7.62mm atá aige, le raon éifeachtach 200 - 1800 méadar. Inneallghuna éadtrom, criosfhothaithe, gásoibrithe is ea an MAG. Tá córas fuaraithe aeir aige agus bairille saindeartha i gcomhair a athraithe go tapaidh ag criú beirte. Buntáiste tábhachtach amháin a bhaineann le MAG a úsáid na go bhfuil sé fíoréasca é a chothabháil. Go deimhin, is féidir le saighdiúir a bhfuil taithÁ aige/aici é a bhaint as a chéile laistigh de 10 soicind.  Fágann sin gur féidir brath go mór air sa mhachaire. Is gnách go ndéantar an tInneallghunna Úsáide (GPMG) a chur suas ar sheastán déchosach, ach is féidir é a úsáid i ról leanúnach lámhaigh ach é a chur suas ar sheastán tríchosach.  Is féidir GPMG a chur suas ar iompróir armúrtha pearsanra MOWAG agus ar fheithiclÁ armúrtha eile chomh maith. Tá an MAG in úsáid ag go leor náisiún ar fud an domhain agus úsáideadh é i gcoimhlintí éagsúla, Cath na Murascaille agus Oileáin Fháclainne san áireamh.

Staitisticí an Innealghunna Uilefhóinteach FN MAG
DéantóirFN Herstal
Cineál ArmáinInnealghunna Éadrom
Tír a DhéantarAn Bheilg
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse1964
Calibre7.62mm
Cothú LónlámhachCrioschothaithe
Meáchan10.9kg
Modh LámhaighLámhach Uathoibríoch
Raon1800m
Ráta Lámhaigh650 - 1000 urchar/nóim
Fad1260mm
TreoirCinéal Cúltreorach

AT4 SRAAW

Ghlac Óglaigh na hÉireann leis an armán Gearr-raon Fritharmúrtha AT-4 (SRAAW) i 1997. Armán réamhlódáilte, indiúscartha gan athchasadh is ea an SRAAW, a bhfuil meicníocht shábháilte ann ar féidir brath uirthi. Rinneadh a dhearadh chun an fód a sheasamh in aghaidh choinníollacha diana mhachaire an chatha, is beag de chothabháil a theastaíonn uaidh, agus baineann saolré fada ar an tseilf leis. Is féidir a úsáid i ngach saghas talún agus faoi choinníollacha aeráide ar bith gan baint dá éifeacht. Scaoileann an SRAAW urchar Fritanc Tréanphléascach (HEAT) atá oiriúnach chun Feithicil Armúrtha Troda (AFVanna) agus suíomhanna buncair namhad a scriosadh.

Staitisticí SRAAW AT4
DeantóirOrdanáis FFV
Cineál ArmáinArmáin Gearr-raon Fritharmurtha
Tír a DhéantarAn tSualainn
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse1997
Calibre84mm
Cothú LónlámhachUrchar Aonair Réamhlódáilte
Meáchan6.7Kg
Modh LámhaighUrchar Aonair
Raon400m
Ráta LámhaighUsáid Aonair
Fad1010mm
TreoirTreoracha Dúbailte Plaisteacha a Shacann Aníos