Skip to main content

An Cór Coisithe

The Infantry Corps

Ról

Is é ról na gCoisithe an namhaid a scriosadh agus talamh a choinneáil lá agus oíche ar chineál tír-raoin ar bith.

Cór na gCoisithe – An tArm Comhraic

Is iad na Coisithe na saighdiúirí comhraic le hÓglaigh na hÉireann. Agus iad ag bogadh timpeall suite agus neamhshuite ar fud láthair an chatha, is féidir na Coisithe a imscaradh ar fud speictream iomlán na n-oibríochtaí chun tacú le cuspóirí straitéiseacha. Is uathúil iad na Coisithe sa mhéid gur féidir tasc a shannadh dóibh chun druidim leis an namhaid agus chun iad a scriosadh, cuspóirí a ghabháil, agus talamh a choinneáil. Is éard is brí le ról na gCoisithe nach foláir dóibh tacar éagsúil gnáthchumas, gnáth-oirbheartaíochtaí, gnáth-theicnící agus gnáthnósanna imeachta a chothabháil, d’fhonn a bheith ag oibriú thar gach céim den chogaíocht. Caithfidh siad a bheith lúfar freisin chun oibriú i dtimpeallachtaí níos casta agus iad imscartha mar thacaíocht síochána le hoibríochtaí bainistiú géarchéime.

Agus iad mar arm comhraic d’Óglaigh na hÉireann, caithfidh na Coisithe fanacht solúbtha, in-imscartha, inbhuanaithe, idir-inoibrithe, agus inoiriúnaithe; réidh chun aghaidh a thabhairt ar oibríochtaí ar fud speictream iomlán an chomhraic. Ní foláir don saighdiúir is coisí dá réir leibhéal ard aclaíochta colanda agus teacht aniar meabhrach a ghnóthachtáil agus a chothabháil, agus féachaint i gcónaí chun é/í féin a fheabhsú.

Is féidir Cór Coisithe d’Óglaigh na hÉireann a chatagóiriú mar choisithe éadroma agus mar choisithe meicnithte. Oibríonn na coisithe éadroma ar chois, agus go minic i dtimpeallachtaí casta le saintréithe de thír-raon deacair nó dlúth; agus oibríonn na coisithe meicnithe in iompróirí armúrtha pearsanra (APC) faoi roth, rud a thugann soghluaisteacht faoi chosaint do shaighdiúirí ar fud láthair an chatha agus lón cogaidh, lóistíocht agus cumais chumarsáide níos mó acu.  Cé gur coisithe éadroma atá i ngach seacht gceann de chathláin choisithe an Airm, faigheann saighdiúirí oiliúint sna hoirbheartaíochtaí, teicnící agus nósanna imeachta do choisithe meicnithe (TTPanna) a theastaíonn go minic ar imscaradh oibriúcháin thar sáile. Oibríonn an tArm 65 MOWAG Piranha APC faoi láthair. Seachas a n-úsáid sa bhaile, rinne an MOWAG seirbhís thar sáile san Eiritré (UNMEE), sa Chosaiv (KFOR), sa Libéir (UNMIL) agus i Sead (EUFOR/MINURCAT), sa Liobáin (UNIFIL) agus sna hArda Golan (UNDOF). Tá 1 Chomplacht Coisithe Meicnithe amháin (1 MIC) bunaithe in ATÓÉ Champa an Churraigh ina haonad buanmheicnithe. I dteannta lena ról mar chomplacht coisithe meicnithe, is iadsan a bhíonn freagrach freisin as oiliúint a chur ar chriúnna APC, ceannasaithe, agus saighdiúirí sna TTPanna éagsúla a bhaineann le hoibríochtaí meicnithe.

Fís Straitéiseach

Leanfaidh an Cór Coisithe ar aghaidh ag forbairt, ag buanú agus ag seachadadh acmhainní comhraic éifeachtacha solúbtha agus iomchuí faoi chomhair Óglaigh na hÉireann chun a chinntiú go mbíonn dóthain acmhainní coisithe éadroma agus meicnithe acu le cur ar a gcumas a ngealltanais do shlándáil oileánda agus don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

Comhairle agus Beartas an Chóir Choisithe

Is é Ceannfort Scoile na Scoile Coisithe agus an Stiúrthóir Coisithe a thugann comhairle don Fhoireann Ghinearálta maidir le rólanna coisithe agus imscaradh Coisithe in Óglaigh na hÉireann (ÓÉ). Áirítear leis sin soláthar Trealaimh Chosanta Aonair (IPE), mionarm do choisithe agus riachtanais arm tacaíochta in ÓÉ. Is é an Stiúrthóir Coisithe a bhíonn freagrach as forbairt agus forfheidhmiú theagasc coisithe in ÓÉ. Is é an Cór Coisithe a bhíonn freagrach as oiliúint a chur ar chriúnna Iompróirí Armúrtha Pearsanra (APC) in ÓÉ.

Áirithíonn an Cór Coisithe go mbíonn pearsanra agus feithiclí an Chóir faoi réir dá n-imscaradh ar Oibríochtaí Tacaíocht Síochána (PSO) faoi shainordú NA thar sáile.

Gníomhaíochtaí an Chóir

Soláthraíonn an Cór Coisithe dóthain fórsaí leis na cumais riachtanacha chun rannchuidiú suntasach le tacaíocht síochána, bainistiú géarchéime agus oibríochtaí daonnúla ilnáisiúnta a bhuanú. Feabhsaíonn an Cór go leanúnach a chumais oibríochtúla d’fhonn soláthar a dhéanamh do chosaint mhíleata ar shláine críche an Stáit.

Coinníonn an Cór air ag cur oideachais, oiliúna agus cleachtaidh ar a chuid Oifigeach, Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe agus Saighdiúirí Singile chun cumas daoine aonair, comhullmhacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht oibriúcháin a uasmhéadú.

Gnóthaíonn an Cór na cumais riachtanacha trí:

  • Chúrsaí a reáchtáil i gcomhréir leis an Treoir Traenála Bhliantúil (ATED) DFHQ
  • Na cúrsaí riachtanacha a chomhlíonadh do Ghairmréim agus Teagascóir sa Chór
  • Oiliúint Oirbheartaíoch Chomhghnásach a reáchtáil do gach céim
  • Oiliúint a reáchtáil don speictream iomlán d’Oibríochtaí Tacaíocht Síochána (PSO)
  • Gach oiliúint sna hairm de leibhéal tacaíochta ag gach teagascóir a reáchtáil agus a bhailíochtú
  • Oiliúint d’aonad tacaíochta, agus comhoiliúint chomhtháite agus neamh-chomhtháite RDF

An Cathlán Coisithe

Is iad na haonaid oibriúcháin - na Cathláin Choisithe - atá ag croílár an Chóir Choisithe.  Tá seacht gCathlán Coisithe ann atá roinnte in dhá bhriogáid gach arm, le ceann amháin bunaithe ag MIC san ATÓE. Is iad na Coisithe na saighdiúirí comhraic le briogáidí an Airm, leis na cóir eile ag soláthar na tacaíochta comhraic riachtanaí agus na sócmhainní tacaíochta seirbhíse comhraic chun cur ar chumas na gCoisithe oibriú. Tá trí chomplacht raidhfilí, complacht tacaíochta amháin agus complacht ceanncheathrún amháin ann a bhaineann le gach cathlán. Faightear trí bhuíon raidhfilí i ngach complacht raidhfilí 133 saighdiúir le 31 shaighdiúir agus buíon arm amháin le fritharmúr (gunna fritancanna 84mm) meaisínghunna meánach (GPMG SF) agus codanna moirtéir (moirtéar 60mm). Faightear buíon fritharmúir (Sleá), buíon Meaisínghunna Throim (HMG Meaisínghunna Trom 12.7mm), buíon taiscéalaíochta lena n-áirítear naoscairí agus Buíon Moirtéar 81mm sa Chomplacht Tacaíochta, a sholáthraíonn tacaíocht lámhaigh indírigh leis na complachtaí raidhfilí.  Is i gComplacht Ceanncheathrún a fhaightear na buíonta riaracháin, lóistíochta, cumarsáide agus iompair.

Éiteas Coisithe

Is iad na Coisithe an chomhpháirt is mó d’Óglaigh na hÉireann, agus baineann a gcultúr agus a n-éiteas uathúil féin leo dá réir. Cé go mbraitheann cóir eile d’Óglaigh na hÉireann ar shaintrealamh agus/nó ar fheithiclí eile, dírítear na coisithe den chuid is mó ar an saighdiúir aonair agus ar a c(h)uid foirne. Feictear ról uathúil agus saintréithe na gCoisithe i Leabhrán Éitis na gCoisithe. Tá an t-éiteas sin bunaithe timpeall ar ocht ‘bPrionsabal na Saighdiúirí Coisithe’

  • Glacadh leis an gcruatan
  • Seasmhacht cholanda agus Teacht aniar meabhrach a shealbhú
  • Ceannas misin a chur chun cinn
  • Dícheall a dhéanamh chun Feabhas gairmiúil a ghnóthú
  • Meitheal foirne a chothú
  • Comhshaothrú le hAirm thacaíochta
  • Mórtas a spreagadh
  • Dílseacht a chur chun cinn