Skip to main content

Misin sa Mheánoirthear

Grúpa Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Liobáin

UNOGIL - 28 Meitheamh 1958 — 18 Nollaig 1958
Cuireadh tús leis an méid a chuireann Óglaigh na hÉireann le Síochánaíocht na NA le glaoch ón Ard-Rúnaí ag iarraidh ar mheitheal as Éirinn dul ar fónamh le UNOGIL. De bharr easaontas inmheánach idir ghrúpaí cultúrtha éagsúla sa Liobáin agus mar gheall ar bhrú ó chumhachtaí seachtracha bhí clampar agus guagacht sa Liobáin agus bhí géarghá le breathnóirí neamhchlaonta dá dheasca sin. Chuaigh an freasúra Moslamach chun comhraic leis an Uachtarán Camille Chamoun, Críostaí Maronite a d'fhógair go raibh sé i gceist aige an bunreacht a athrú d'fhonn an Uachtaránacht a choinneáil.

Thug Poblacht Aontaithe na hAraibe (an Éigipt agus an tSiria), faoi cheannas Uachtarán Nasser na hÉigipte, tacaíocht do na reibiliúnacha. Rinne rialtas na Liobáine gearán leis na Náisiúin Aontaithe faoin insíothlú arm agus lóin lámhaigh thar teorainn na Siria. Mar fhreagra ar sin bhunaigh na NA misean UNOGIL, ina raibh breathnóirí míleata gan airm.

I rith an sé mhí a d'fhóin pearsanra as Éirinn leis an misean seo bhí siad lonnaithe feadh teorainn na Siria, ach bhí siad i mbun gníomhaíochtaí patróil i gceantair cosúil le Baalbek, Tyre agus Sidon. I measc na ndualgas a bhí acu bhí monatóireacht ar phointí trasnaithe teorann agus cuairteanna a thabhairt ar shráidbhailte áitiúla chun láithreacht idirnáisiúnta a thaispeáint agus chun dul i muinín an phobail. Bhí an fórsa comhdhéanta de 600 oifigeach ó 21 tír, agus meitheal na hÉireann, arbh é an ceathrú ceann is mó san fhórsa, le líon slua de 50.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNOGIL Ribbon
Fad28 Meitheamh 1958 — 18 Nollaig 1958
Cineál Oibríochta   Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir) 
Tiomantas50 Misean Carnach 

An Dara Fórsa Éigeandála de chuid na Náisiún Aontaithe

UNEF II - 30 Deireadh Fómhair 1973 - 6 Meán Fómhair 1974
Bhris Cogadh Yom Kippur amach an 6 Deireadh Fómhair 1973, nuair a d’ionsaigh na Siriaigh (le meithleacha ón Iaráic, ó Iordáin, ón Araib Shádach agus ó Mharacó) fórsaí Iosraelacha ag Golan Heights agus nuair a d’ionsaigh na hÉigiptigh iad feadh na Canála Suais.

I ndiaidh beagnach trí seachtainí de chomhrac fiachmhar, comhaontaíodh sos comhraic an 22 Deireadh Fómhair - cé gur lean fórsaí Iosraelacha an Ginearáil Sharon orthu i mbun ionsaithe go dtí an 24 Deireadh Fómhair.

An lá dar gcionn, ghlac Comhairle Slándála na NA le rún ag údarú fórsa síochánaíochta éigeandála - UNEF II.
 
Ba é an bealach ba thapúla chun fórsa de chuid na Náisiún Aontaithe a chur isteach sa réigiún ná meithleacha a bhí in UNFICYP cheana féin a aistriú ann. D'aontaigh Rialtas na hÉireann le hiarratas chun trúpaí a chur ar fáil agus tarraingíodh Grúpa Coisithe 25 amach as an Chipir, sula raibh sé socraithe síos fiú, agus seoladh é go Caireo.

Cuireadh 130 trúpa breise as Éireann le meitheal na hÉireann agus chuaigh siad i mbun dualgais i bhFásach Síonáí. Tar éis sé mhí, tháinig Grúpa Coisithe 26 in ionad Grúpa Coisithe 25 ar cuireadh tuilleadh trúpaí leis, agus nach raibh ach ag socrú síos nuair a bhí ar Rialtas na hÉireann beagnach gach duine dóibh a tharraingt amach i mBealtaine 1974, de bharr forbairtí tromchúiseacha sa bhaile.

Tháinig deireadh ar fad le tiomantas na hÉireann chuig an misean i Mean Fómhair na bliana sin.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNEF - Medal
Fad30 Deireadh Fómhair 1973 - 6 Meán Fómhair 1974
Cineál OibríochtaOibríochtaí Siochánaíochta faoi cheannas na NA (Trúpaí)
Tiomantas573 Misean Carnach

Grúpa Breathnóirí Míleata na Náisiún Aontaithe san Iaráin agus san Ioráic

UNIIMOG - 14 Lúnasa 1988 - 10 Márta 1991
Cuireadh tús le UNIIMOG seachtain roimh an sos comhraic foirmiúil a chuir deireadh le cogadh na hIaráine - na hIoráice a mhair beagnach deich mbliana. Imscaradh an misean, a bhí comhdhéanta de 350 breathnóir, feadh teorann na líne scortha lámhaigh a bhí 800km ar fhad. I Mí Deireadh Fómhair, cuireadh díorma pearsanra míleata Éireannach de 37 leis an misean, chomh maith le cúig oifigeach déag a bhí ag fónamh mar bhreathnóirí.

Bhí ar UNIIMOG línte scortha lámhaigh a chomhaontú, monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh, agus tarraingt siar na bhforsaí ar fad go dtí an teorainn idirnásiúnta aitheanta a mhaoirsiú, a fhíorú, agus a dhearbhú.

Faoin am a rinne an Iaráic ionraidh ar an gCúait an 1 Lúnasa 1990, bhí an chuid is mó de shainordú UNIIMOG bainte amach. Cuireadh deireadh le misean UNIIMOG de bharr an dul chun cinn leanúnach sa chaidreamh idir an Iaráin agus an Iaráic, lenar áiríodh bunú 'crioslach muiníne' feadh na teorann, chomh maith le cursaí sa Chúait dul chun donais.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNIIMOG Ribbon
Fad14 Lúnasa 1988 - 10 Márta 1991
Cineál OibríochtaOibríochtai Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas177 Misean Carnach

Misean Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe ar an Iaráic agus an Chuáit

UNIKOM - 18 Aibreán 1991 go Márta 2002
An 3 Aibreán 1991 glacadh le UNSCR 687 (1991), a leag amach tearmaí sonracha do shos comhraic foirmiúil idir an Iaráic agus an Chuáit agus a Comhghuaillithe a raibh tacaíocht na NA acu agus bunaíodh crios dímhíleataithe (DMZ) feadh an teorainn.  Bunaíodh UNIKOM le Rún (689) ina dhiaidh sin agus chuathas i mbun imscartha an 18 Aibreán.

Ar dtús, bhí 300 breathnóir míleata ag UNIKOM, chomh maith le beagnach 700 de choisithe, a tógadh ó UNIFIL (Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin) (daoine as Neipeal, Fidsí agus Gána) agus ó UNFICYYP (Fórsa na Náisiún Aontaithe sa Chipir) (daoine as an Ostair agus an Danmhairg). Ba iad na dualgais a bhí ar UNIKOM ná monatóireacht a dhéanamh ar uiscebhealach Khar Abdullah agus an DMZ (thart ar 200km ar fhad agus 15km ar leithead); cosc a chur ar sháruithe teorann; agus breathnóireacht a dhéanamh ar aon beart naimhdeach a d’fhéadfadh teacht ó críoch stát amháin go dtí ceann eile.

Cuireadh an misean i gcrích trí phoist breathnóireachta a bhunú, patróil a dhéanamh agus fiosrúcháin a dhéanamh ar fud an DMZ.  An 17ú Márta 2003, sula ndeachaigh an comhfhórsa faoi cheannas na Stát Aontaithe i mbun feachtais míleataigh in aghaidh na hIaráice, chuir an tArd Runaí oibríochtaí UNIKOM ar fionraí agus tharraing siar na trúpaí ar fad beagnach, gan ach ceanncheathrú beag a fhágáil i gCathair Chuáit.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNIKOM - Ribbon
Fad18 Aibreán 1991 go Márta 2002
Cineál OibríochtaOibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas69 Misean Carnach

Coimisiún Speisialta na Náisiún Aontaithe

UNSCOM - 21 Meán Fómhair 1996 - Márta 2003
UNSCR 687 a bhunaigh UNSCOM sa bhliain 1991 i ndiaidh an chéad Cogadh Murascaille. Ba é an sainordú a bhí aige ná maoirsiú a dhéanamh ar scriosadh, aistriú amach as an áit nó an dochar a bhaint as airm ollscriosta na hIaráice, diúracáin bhailistíochta le raon os cionn 150 km, agus trealaimh agus saoráidí táirgthe lena mbaineann.  Rinne sé soláthar freisin do chorás leanúnach fíorúcháin agus monatóireachta a bhunú maidir le comhlíonadh na hIaráice leis an gcosc ar na h-armáin sin.

Bhí blianta de chonstaicí móra ag maoirseoirí UNSCOM chun a misean a chur i gcrích mar gheall ar chiapadh leanúnach, calaois, agus easpa comhoibrithe ó údaráis na hIaráice.

I Meitheamh 1993, rinne na Stáit Aontaithe agus a gComhghuaillithe aer-ruathair de bharr an bac a chuir an Iaráic ar ghníomhaíochtaí UNSCOM. I Nollaig 1998, tarraingíodh foireann UNSCOM amach as an Iaráic agus i Nollaig 1999 tháinig UNMOVIC i gcomharbacht ar an misean sin.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNSCOM Ribbon
Fad21 Meán Fómhair 1996 - Márta 2003
Cineál OibríochtaOibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas5 Misean Carnach