Skip to main content

Scoil Traenála Oibríochta Míleata & Cabhlaigh

SCOIL TRAENÁLA OIBRÍOCHTA MÍLEATA & CABHLAIGH

Traenáil Earcach

16 seachtainí a mhaireann an traenáil earcach sa tSeirbhís Chabhlaigh. Le linn na réamhthréimhse traenála seo bíonn na hearcaigh lonnaithe i gColáiste na Seirbhíse Cabhlaigh sa Bhunáit Chabhlaigh. Tréimhse bhríomhar agus dhian traenála í seo agus é mar aidhm na hearcaigh nua sa tSeirbhís Chabhlaigh a thraenáil sna bunscileanna Cabhlaigh agus Míleata a theastóidh uathu sula rachaidh siad go dtí speisialtachtaí a mbrainsí.

Sa Traenáil Earcach beidh gnéithe traenála mar seo a leanas i gceist: Druil Coisithe agus Arm, Traenáil Armán agus Oibríochta, Traenáil Fhisiciúil agus réimse de chúrsaí scileanna a theastaíonn ó phearsanra a bhíonn ar dualgas ar muir ar nós Rialú Damáiste & Comhraic Dóiteáin (DCFF), Teicnící Marthanais Phearsanta (PST) agus Garchabhair.

Nuair a bhíonn an Traenáil Earcach críochnaithe cáilíonn na hearcaigh mar Ghnáthmhairnéalaigh agus sanntar iad do cheann de na ceithre bhrainse seo: Mairnéalaigh, Meicniceoirí, Cumarsáid nó Lóistíocht.

Traenáil Ghairme D’oifigigh Neamhchoimisiúnaithe (ONC)

Chun dul chun cinn trí na céimeanna éagsúla, caithfidh na hAicmigh Inniúla roinnt cúrsaí gairme a dhéanamh chun traenáil a fháil lena gcuid scileanna a fhorbairt i réimsí áirithe, m.sh. Ceannasaíocht agus Bainistíocht, Riarachán agus Scileanna Cabhlaigh/Míleata.

Is é Cúrsa ONC Féideartha na Seirbhíse Cabhlaigh an chéad cheann acu sin. Seo é an cúrsa gairme a thugann bunchloch an eolais do na hAicmigh Inniúil chun iad a ullmhú le bheith ina gceannasaithe sóisearacha sa tSeirbhís Chabhlaigh. Faigheann an ONC Féideartha traenáil i líon réimsí ar a n-áirítear: Modhanna Teagaisc, Ceannasaíocht agus Bainistíocht Pearsanra. Nuair a bheidh an cúrsa críochnaithe go sásúil beidh an ONC Féideartha cáilithe don chéim mar Aicmeach Ceannais ina mbrainsí éagsúla. Nuair a bheidh Cúrsa ONC Féideartha na Seirbhíse Cabhlaigh críochnaithe d’fhéadfadh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi a bheith incháilithe freisin don Ardteastas i gCeannasaíocht, Bainistíocht agus Staidéir Chabhlaigh i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Chorcaí.

Is é Cúrsa Caighdeánach ONC na Seirbhíse Cabhlaigh an chéad chúrsa gairme eile a bheidh le déanamh. Tugann an cúrsa seo cáilíocht d’Aicmeach Ceannais chun céim Mionoifigigh (agus Mionoifigeach Sinsearach sa Bhrainse Lóistíochta) a líonadh. Déanann an cúrsa seo nuashonrú ar na scileanna a fuarthas sa Chúrsa ONC Féideartha agus freisin tugann sé réamheolas do na hAicmigh Inniúil ar Theoiric agus Scileanna níos airde a chuideoidh leo an ról mar Mhionoifigeach a chomhlíonadh ar muir agus ar tír. Faoin am seo beidh deis ag na hiarrthóirí atá ar Chúrsa Caighdeánach ONC na Seirbhíse Cabhlaigh tabhairt faoi chéim Baitsiléara Ealaíon i gCeannasaíocht, Bainistíocht agus Staidéir Chabhlaigh, agus críochnófar é sin ina gcúrsa gairme deiridh, an Cúrsa Sinsearach ONC sa tSeirbhís Chabhlaigh.

Is é an Cúrsa Sinsearach ONC sa tSeirbhís Chabhlaigh an cúrsa gairme deiridh a dhéanfaidh ONC sa tSeirbhís Chabhlaigh. Cáilíonn an cúrsa seo na hiarrthóirí rathúla atá ar chéim Mhionoifigigh (nó Mhionoifigigh Shinsearaigh) chun an chéim mar Ard-Mhionoifigeach, agus as sin suas, a líonadh. Díríonn an cúrsa seo ar fhorbairt a dhéanamh ar an eolas reatha atá ag na hiarrthóirí agus dírítear ar na scileanna a theastóidh ón ONC chun dul ar aghaidh ina ngairm, nithe mar Bainistíocht Acmhainní Daonna agus Bainistíocht Traenála. Beidh deis ag na hiarrthóirí freisin céim a bhaint amach mar Bhaitsiléir Ealaíon i gCeannasaíocht, Bainistíocht agus Staidéir Chabhlaigh i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Chorcaí.

Traenáil Chumarsáide

Tá an traenáil chumarsáide leagtha amach chun oideachas agus traenáil a chur ar Ghnáthmhairnéalach mar Oibritheoir Cumarsáide (ComOp) do dhualgais ar bord loinge agus ar tír i lárionad cumarsáide na Bunáite Cabhlaigh (Comcen). 16 seachtainí a mhaireann an chéad tréimhse traenála ina mbíonn obair ranga ar a n-áirítear prionsabail an raidió, teoiric agus oibriú phraiticiúil ar chineálacha éagsúla airnéise. Tá trealamh cumarsáide nua-aimseartha den scoth a bhfuil réimse domhanda acu ar na longa tSeirbhís Chabhlaigh, agus orthu sin tá córas Satailíte (Satcom), VHF, MF agus HF Oirbheartaíochta, agus VHF muirí. Foghlaimeoidh siad freisin conas cumarsáid a dhéanamh le Cód Morse agus cumarsáid a dhéanamh ó amharc le bratacha cabhlaigh agus lampa comharthaíochta.

Mar chuid dá dtraenáil caithfidh siad foghlaim cé mar a oibríonn minicíochtaí agus cé mar a oibríonn gach píosa trealaimh. Chuige sin bainfear úsáid as foireann thraenála a bhfuil taithí agus tiomantas acu chun cuidiú leis na mic léinn i dtimpeallacht rialaithe trí thraenáil céim ar chéim. Chun cuidiú leo tá ionsamhlóirí i gColáiste na Seirbhíse Cabhlaigh a cheadaíonn traenáil leanúna suas go dtí freachnaimh iomlána. Cuidíonn an cineál seo traenála leis na mic léinn chun forbairt a dhéanamh ar a muinín in oibriú an trealaimh sula dtéitear chuig an gcéad chéim eile.

Tar éis tréimhse a chaitheamh ar an bhfarraige agus an caighdeán riachtanach a bhaint amach go sásúil ina dtascleabhar, fillfidh na Gnáthoibritheoirí Cumarsáide (O/ComOp) ar Choláiste na Seirbhíse Cabhlaigh do thraenáil bhreise ar chúrsa foráis 6 seachtainí. Déanfaidh an cúrsa seo tástáil ar a bhfuil foghlamtha ag na mic léinn ar muir ach beidh siad ag foghlaim freisin faoi na dualgais éagsúla a chaithfidís a dhéanamh in Comcen. Rud tábhachtach sa tréimhse seo go mbronntar teastas Oibritheora Ginearálta GMDSS ar na mic léinn ar éirigh leo, tar éis dianchúrsa trí seachtainí a chur isteach. Tugtar aitheantas don teastas sibhialach seo mar chaighdeán d’oibritheoirí raidió sa tionscal muirí ar fud an domhain agus é dírithe ar theicnící agus ar ghnáthaimh chumarsáide do Chuardach agus Tarrtháil (SAR).

Fillfidh na hOibritheoirí Cumarsáide Inniúla (A/Comop) ar an gColáiste Cabhlaigh tamall ina dhiaidh sin chun a gcéad chúrsa gairmiúil a dhéanamh sula roghnófar iad d’ardú céime go dtí Oibritheoirí Cumarsáide Ceannais. Ullmhóidh an cúrsa ceithre seachtainí seo na mic léinn do na gnéithe éagsúla a bhaineann le bainistíocht shóisearach ina réimse saineolais féin. Ar na hábhair a bheidh sa chúrsa seo tá gnáthaimh Comcen, modhanna teagaisc agus slándáil inmheánach ar a n-áirítear oibriú rúnscripte. Nuair a bheidh siad críochnaithe leis sin beidh na mic léinn réidh le roghnú do chúrsa ardaithe céime.

Is é an cúrsa gairmiúil deiridh a dhéanfar le linn na traenála Comop ná an ceann a thabharfaidh ardú céime ó Comop Ceannais go dtí Mionoifigeach. Tá an cúrsa seo leagtha amach chun mic léinn a ullmhú do roghnúchán sa mheán-bhainistíocht. Tá an cúrsa traenála seacht seachtainí seo dírithe ar bhainistíocht agus ar fhorbairt an eolais atá ag na foghlaimeoirí trí úsáid a bhaint as a dtaithí i gcomhar le gnáthaimh nua agus foirceadal traenála. Tugann an cúrsa seo réamheolas do na mic léinn faoi ghnáthaimh raidió idirghníomhaireachta sa réimse muirí agus tá oiliúint bunaithe ar chás san áireamh leis sin. Clúdaíonn sé freisin an ról na Seirbhíse Cabhlaigh i bhfreachnaimh chabhlaigh Chomhpháirtíocht na Síochána (PfP) agus na gnáthaimh éagsúla atá ceadaithe do na haonaid fhreachnaimh mar aon leis an tábhacht a bhaineann le Feasacht ar Shuíomh Muirí (MSA).

Traenáil Mhairnéalachta

Reáchtáileann Scoil Mairnéalachta Chabhlach traenáil ghairme agus fheasachta do gach gné den mhairnéalacht ar a n-áirítear sábháilteacht agus oibríochtaí ar an deic uachtair, athsholáthar ar muir, agus airnéis tharrthála. Múintear gnáthaimh do na mic léinn chun long a athsholáthar le stórais ar muir, long a chur i mbeart agus a thabhairt as beart agus duine i bhfarraige a thabhairt ar bord. Freisin, foghlaimíonn siad snaidhmeanna, cora agus heitseanna bunúsacha, conas airnéis sábháilteachta agus mharthanais a aithint agus a chaitheamh agus foghlaimíonn siad téarmaíocht bhunúsach na mairnéalachta. Tugtar traenáil bhreise mairnéalachta, teoiriciúil agus praiticiúla araon, d’oiliúnaithe an Bhrainse Oibríochtaí chun cur lena dtraenáil bhunúsach sábháilteachta.

Is í an Scoil Traenála Mairnéalachta an láthair do gach saghas traenála i ngairm na mairnéalachta don an brainse mhairnéalacht . Cuirtear traenáil ar fáil freisin do na hOifigigh agus do na hAicmigh Sóisearacha ar fad atá ag tabhairt faoina gcéad cheapachán ar muir agus beidh an pearsanra in ann cúrsa a dhéanamh mar Mhairnéalach Boird Eifeachtach (EDH) agus Teastas Inniúlachta i mBáid Tharrthála (SPSC) a fháil.

Lena chois sin, cuireann an Fhoireann Traenála Mairnéalachta traenáil liagóra agus criú ar fáil sna báid chabhail dochta inséidte na Seirbhíse Cabhlaigh. Beidh deis ag na mic léinn gach leibhéal deimhnithe den Cumann Seoltóireachta na hÉireann a dhéanamh.

Teicnící Marthanais Phearsanta

Cúrsa aon lae atá i gceist sa traenáil Marthanais Pearsanta Teicníocht agus tá aitheantas idirnáisiúnta aige. Déantar an traenáil i linn timpeallachta 20 méadar, san NMCI, inar féidir coinníollacha stoirme ar muir a chruthú.

Iompú RHIB

Tugtar traenáil in iompú BíD DOCHT CHABHAIL INSÉIDTE do phearsanra a bhíonn ag taisteal i mbáid bheaga Óglaigh na hÉireann nó ag déanamh oibríochtaí iontu, agus faigheann an pearsanra treoir faoi na bearta atá le déanamh i gcás go n-iompaíonn an bád ar an bhfarraige.

Traenáil RHIB

Tugtar traenáil in iompú BíD DOCHT CHABHAIL INSÉIDTE (RIB) do phearsanra ag déanamh oibríochtaí i mbáid bheaga Óglaigh na hÉireann. Tugtar aitheantas idirnáisiúnta don traenáil seo trí Chumann Seoltóireachta na hÉireann (ISA) agus clúdaítear gach gné a bhaineann le loingseoireacht, aimsiú áite, Tuar íite Chun Cinn, ródúchán, seachaint imbhuailte agus Teicnící Cuardaigh & Tarrthála (SAR).

HUET

Tugtar Traenáil Héileacaptair Faoi Uisce (HUET) do gach ball d’Óglaigh na hÉireann a bhíonn ag obair os cionn uisce, agus tugann sin traenáil dóibh a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aici le héalú as aerárthaigh éagsúla i gcás go gcaithfidh an t-aerárthach tuirlingt éigeandála a dhéanamh i bhfarraige.

PSSR

Cúrsa STCW 95 is ea SíBHíILTEACHT PHEARSANRA AGUS CíšRAIMí SÓISIALTA (PSSR) a chuireann an tSeirbhís Chabhlaigh ar fáil d’iontrálaithe nua chun réamheolas bunúsach a thabhairt dóibh faoi shábháilteacht loinge, ar a n-áirítear Sláinte agus Sábháilteacht Bhunúsach, gluaiseacht ar bord loinge, sábháilteacht bhunúsach dóiteáin, traenáil láimhsithe, idirghníomhaíocht le pears