Skip to main content

CASA CN 235

CASA CN 235

Dhá Aerárthach Patróil Mhuirí Casa CN 235 atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaí sin i mbun seirbhíse sa bhliain 1994 agus oibríonn siad seacht lá na seachtaine, sa phatrólú muirí amach ón gcósta de ghnáth.

Oibríonn an dá Casa CN 235, Aerárthaí Patróil Mhuirí Scuadrún 101, i ndlúthpháirt leis an tSeirbhís Chabhlaigh, agus feidhmíonn siad mar aerléibheann i bpatrólú Chrios Eacnamaíoch na hÉireann, limistéar timpeall 132,000 míle cearnach nó 16% d’iascaigh mhara iomlán an AE. Breis agus cúig oiread réimse talún na hÉireann atá sa limistéar sin agus tá ceann de na hiascaigh is táirgiúla ar domhan ann.

Rólanna:

  • Patrólú muirí amach ón gcósta
  • Patrólú muirí cois cladaigh
  • Aerárthach othar
  • Iompar míleata
  • Barrchumhdach le linn Cuardach agus Tarrtháil
  • Oibríochtaí paraisiútála

Staitisticí CASA
Cineál AerárthaighCasa CN235-100 MPA
Ról(anna)Patrólú muirí, aerárthach othar, iompar míleata, barrchumhdach sa Chuardach agus Tarrtháil & Oibríochtaí Paraisiútála
Criú2 Phíolóta, 2 Oibreoir Braiteoirí agus Radair, 1 Ghrianghrafadóir
Córas Tiomána2 x inneall turba-liáin General Electric CT7-9C
Réise Sciathán25.81 méadar (84 troigh 8 n-orlach)
Airde8.12 méadar. (26 troigh, 8 n-orlach)
Fad21.4 méadar (70 troigh, 3 orlach)
ArmáilNeamhbhainteach
Chuaigh i mbun Seirbhíse1994

Feidhmíocht CASA
Uas T/O Meáchan15,800 cileagram (34,800 punt)
Síleáil Seirbhíse25,000 troigh
Luas Cúrsála180 cnota (Cúrsáil phatrólaithe)
Uasluas240 cnota
Seasmhacht8 n-uair an chloig (Móide cúltaca)
Raon1,440 muirmhíle (Oibríochtaí patrólaithe)