Skip to main content

Eolas faoin ARW

Sciathán Fiannóglaigh an Airm (SFA) a thugtar ar an aonad seo go hoifigiúil. Níl aon aistriúchán díreach Béarla ar an dtéarma 'Fiannóglach' agus glactar leis an leagan ‘Ranger’ sa Bhéarla. Déanann an focal ‘Fiannóglach’ ceangal idir na traidisiúin a bhí ag Na Fianna fadó agus na traidisiúin atá ag Óglaigh na hÉireann sa lá atá inniu ann. Caitheann baill cháilithe an aonaid fleasc ghualainne na bhFiannóglach.

Ní mór duit a bheith i do bhall ar fónamh d’Óglaigh na hÉireann le bheith i dteideal an chúrsa roghnúcháin.

Mana Sciathán Fiannóglaigh an Airm

Tógadh mana an Aonaid as seandán de chuid Fhianna Éireann agus daingníonn sé sin an nasc leis an ainm atá tugtha ar an Aonad. Is i nGaeilge atá an mana;

Glaine ár gcroí, Neart ár ngéag, Agus beart de réir ár mbriathar

Éiteas Sciathán Fiannóglaigh an Airm

De thoradh na forbartha ar an nua-theicneolaíocht, agus an méadú ar ilghnéitheacht na dtascanna póitéinsiúla, bhí gá le pleanáil loighiciúil teagmhais. Buntréith de mhisean an Aonaid a bheith ar ardleibhéal ullmhúcháin chun déileáil le haon iarratas ar oibríochtaí d'aon chineál. Ó bunaíodh é bhí sé de dhualgas ar an SFA a chinntiú gurb é an caighdeán ab airde a bheadh i bhfeidhm ag gach leibhéal den Aonad. Tá an spreagthacht, an traenáil, agus an tsolúbthacht oibríochta thar a bheith riachtanach chun a bheith rathúil. Cinntítear é sin trí gach ball aonair a bheith i mbarr a réime, agus Ceannasaíocht, Stiúradh agus Cumarsáid a bheith i bhfeidhm. Nuair a bhíonn sin ar fad fuinte ina chéile bíonn foireann mhíleata chomhtháite agat.