Skip to main content

GOC 2 Briogáid

GOC_2_large_GA_2019

An Briogáidire Tony Cudmore

Is as Corcaigh don Bhriogáidire-Ghinearál Cudmore ó dhúchas, agus d'fhreastail sé ar Choláiste na mBráithre Críostaí (a bhfuil an mana atá acu ‘Certa Bonum Certamen’ - Fight the Good Fight, glactha go smior aige!). Nuair a bhí sé ag freastal ar an scoil sin,  d'oibrigh sé ina oibrí deonach le seirbhís Cosanta Sibhialta Chathair Chorcaí, sula ndearna sé iarratas ar choimisiún seasta in Óglaigh na hÉireann i 1981.

Oideachas

Tá roinnt cáilíochtaí acadúla bainte amach ag an mBriogáidire-Ghinearál Cudmore, lena n-áirítear: MSc i Rialachas UCD 2018, MA i gCeannaireacht,  Bainistíocht agus Léann Cosanta ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad 2006, MA i gCaidrimh Idirnáisiúnta DCU 2002, BA (Onór.) Socheolaíocht & Polaitíocht agus Seandálaíocht UCG 1986. Chríochnaigh sé ‘Academia Diplomatica Europaea’ sa Bhruiséil in 2009 agus an ‘International Visitor Leadership Program’ i SAM in 2011.

Chomh maith le roinnt bonn a bheith bronnta air mar gheall ar sheirbhís thar lear, bhronn NATO an Bonn Seirbhíse Inmholta air agus bhronn an Iodáil an Bonn Cuimhneacháin air. Bronnadh 'sciatháin' air sa Ghearmáin agus i Meiriceá i  ndiaidh dó gníomhaíochtaí paraisiútála a chur i gcrích in éineacht leis an dá arm.

Taithí Mhíleata

Chuaigh sé isteach sa 58ú Rang Daltaí i 1981 agus coimisiúnaíodh é isteach sa 3ú Cathlán Coisithe i 1983. D'fhóin sé ina dhiaidh sin ina theagascóir i Scoil na nDaltaí agus ina Oifigeach i gCeannas ar an 68ú Rang Daltaí. Ina dhiaidh sin, rinne sé seirbhís i Sciathán Fiannóglaigh an Airm, áit ar cháiligh sé ina thumadóir comhraic agus ina pharaisiútaí. D'fhóin sé ina dhiaidh sin ina Oifigeach i gCeannas ar Sciathán Fiannóglaigh an Airm idir 2003 agus 2006.

I ndiaidh dó filleadh ón mBruiséil in 2010, cuireadh chuig Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann é, áit a raibh réimse post aige laistigh de Rannóg an Chinn Foirne, lena n-áirítear ina Oifigeach Sinsearach Foirne i gCraobh na Pleanála Straitéisí agus ina Chúntóir Míleata don Cheann Foirne.

In 2016 cuireadh chuig an Scoil Mhíleata é, áit a raibh sé ina Cheannasaí ar an Scoil Mhíleata agus ó 2017 go 2019 bhí sé ag obair ina Stiúrthóir Comh-Lóistíochta agus ina Riarthóir Armchúirte i gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann.

Seirbhís Thar Lear

D'fhóin an Briogáidire-Ghinearál Cudmore thar lear i misin síochánaíochta leis na Náisiúin Aontaithe agus le NATO araon. In 2003 bhí sé i gceannas ar Thascghrúpa Oibríochta Speisialta Éireannach chuig an Libéir mar chuid de Mhisean na Náisiún Aontaithe sa Libéir. Bhí sé lonnaithe sa Bhruiséil in éineacht le comhghleacaithe ón Roinn Gnóthaí Eachtracha in Ionadaíocht Mhíleata na hÉireann san Aontas Eorpach ó 2007 go 2010.

Nuair a bhain sé ardú céime go Coirnéal amach, roghnaíodh é le bheith i gceannas ar Ghrúpa Tacaíochta Cheanncheathrú NATO sa Chosaiv ó 2015 go 2016.

Eolas Pearsanta

Tá sé ina bhall de Chomhairle Chumann Staire Míleata na hÉireann agus tá an-suim i gcónaí aige i ngníomhaíochtaí allamuigh.

Tá sé pósta agus tá triúir clainne atá fásta suas aige.