Skip to main content

Scoil Traenála Míleata & Marthanais

Hero-AC-miltrg_

Is é misean na Scoile Traenála Míleata agus Marthana (MTSS) traenáil mhíleata den scoth a sholáthar chun freastal ar riachtanais oibríochtúla an Aerchóir. Tá an MTSS freagrach as traenáil mhíleata na n earcach agus na bprintíseach nua uile agus as cúrsaí gairme a reáchtáil.

Múintear

  • Traenáil Earcach
  • Traenáil Bhunata Comhraic
  • Traenáil láraithe Phearsanra an Aerchóir ar fad
  • Cúrsa ONC Féideartha agus Cúrsa Caighdeánach ONC
  • Traenáil Bhainistíocht Raon Lámhaigh
  • Traenáil SERE (Marthanas, Seachaint Ghabhála, Cur in Aghaidh Ceistiúcháin, Éalú)
  • SIC (Cúrsa Teagascóra Marthanais)
  • Marthanas Aerchriú (Daltaí, ONCanna agus Píolótaí san áireamh)
  • Tástáil Bhliantúil Aclaíochta ar Phearsanra an Aerchóir ar fad
  • Ranganna Laethúla Corpoiliúna

Foghlaimeoidh tú

  • Scileanna Láimhsithe Armán
  • Aimsitheoireacht
  • Druil Mhíleata
  • Ceannasaíocht ar Thraenáil Fhisiciúil
  • Scileanna Comhraic
  • Traenáil Bhainistíocht Raon Lámhaigh
  • Traenáil SERE (Marthanas, Seachaint Ghabhála, Cur in Aghaidh Ceistiúcháin, Éalú)
  • Traenáil Teagascóra Marthanais
  • Marthanas Aerchriú (Talamh)
  • Marthanas Aerchriú (Farraige)
  • Scileanna Ceannais Chomhraic
  • Scileanna Bainistíochta Comhraic
  • Scileanna um Bainistíocht ar Ord Poiblí

Hero-AC-miltrg_1

Foireann an MTSS

Tá sé de dhualgas ar fhoireann an MTSS an cuspóir atá le reáchtáil agus riarachán na gcúrsaí ar fad sa scoil a chur i bhfeidhm. Déanann an Teagascóir Sinsearach Míleata riarachán ar sholáthar na traenála mar aon le maoirseacht ar na foirne Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe san MTSS. Leis an leibhéal ard saineolais atá san MTSS cuirtear bunaíocht ghairmiúil thraenála ar fáil d’Óglaigh na hÉireann (ÓÉ) a thugann traenáil chruthaithe in araíonachtaí criticiúla ar nós marthanas agus astarraingt.

Corpacmhainn san Aerchór

San MTSS freisin tá foireann Ghiomnáisiam an Aerchóir faoi stiúir an Phríomhoifigigh Chorpoideachais. Tá leibhéal ard traenála agus taithí ag an ngrúpa diongbháilte teagascóirí corpacmhainne seo, rud a chuireann ar chumas na scoile réimse leathan disciplíní corpacmhainne a chur chun cinn. Paraimhíochaineoirí oilte is ea na baill foirne, rud a chinntíonn timpeallacht shábháilte traenála do na mic léinn ar fad.