Skip to main content

Leas-Cheann Foirne Oibríochtaí

Leas-Cheann Foirne, Oibríochtaí

Maorghinearál Kieran Brennan an Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí) i bhfeidhm ó 16 Meitheamh, 2015. Rugadh an Maorghinearál-Ghinearál Brennan in 1957, agus chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann mar dhalta airm in 1975.

Seirbhís Míleata

Ar a choimisiúnú in1977, sannadh an Maorghinearál-Ghinearál Brennan don Chór Coisithe agus chuir sé tús lena sheirbhís mhíleata sa 12ú Cathlán Coisithe i Luimneach. Le linn a thréimhse sheirbhíse, thug sé seirbhís i gceapacháin cheannais agus foirne thábhachtacha ag leibhéal Cathláin, Briogáide agus ag leibhéal Cheanncheathrú Óglaigh na hÉireann.

I measc na bpríomhcheapachán sin áirítear: Teagascóir, Scoil na nDaltaí, an Coláiste Míleata, Príomhtheagascóir ag Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe in Éirinn, Oifigeach Ceannais ar an 3ú Cathlán Coisithe, Dún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh agus Stiúrthóir Bainistíochta Acmhainní Daonna d’Óglaigh na hÉireann. Ceapadh an Maorghinearál-Ghinearál Brennan mar Ginearál-Oifigeach i gCeannas 1 Briogáid le deireanaí.

Seirbhís thar Lear

Tá taithí mhíleata thar cuimse ag an Maorghinearál-Ghinearál Brennan ar chúrsaí míleata thar lear. Tá dhá sheal dualgais déanta aige le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL), in 1982 agus in 1997.

Chaith sé seal mar Cheannasaí Complachta ar an 28ú Grúpa Coisithe de chuid na hÉireann (KFOR) mar chuid de Chathghrúpa Idirnáisiúnta sa Chosaiv in 2004.

In 2008, bhí an Maorghinearál-Ghinearál i gceannas ar an 98ú Cathlán Coisithe le Misean EUFOR i Sead, agus in 2010, roghnaíodh an Maorghinearál-Ghinearál Brennan mar Leas-Chomhairleoir Míleata ar Mhisean Seasta na hÉireann chuig an Eagraíocht Slándála agus Comhair san Eoraip i Vín

Oideachas

Is céimí é an Maorghinearál-Ghinearál Brennan de Choláiste Míleata Óglaigh na hÉireann, inar fhreastal sé ar na Cúrsaí Ceannais agus Foirne Sinsearacha agus Sóisearacha araon. Rinne sé staidéar ar an Eacnamaíocht, Airgeadas agus Cuntasaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar ar bhain sé BA sa Tráchtáil amach.

Ábhair Spéise

Is as Corclach, Co. Chill Chainnigh an Maorghinearál-Ghinearál Brennan, agus tá an-suim sa spóirt aige. Bhuaigh sé dhá bhonn i gCraobhchomórtas Sinsear na hÉireann san iománaíocht in 1982 agus in 1983, agus bhain sé Gradam All Star an Chumainn Lúthchleas Gael amach in 1984.

Tá an Maorghinearál-Ghinearál Brennan pósta le Maria agus tá triúr clainne orthu; is múinteoir Bunscoile í Karen, agus is Captaen agus Leifteanant iad Kieran agus Shane in Óglaigh na hÉireann.