Skip to main content

Músaem Dhún uí Choileáin

An Dún

Mar gheall ar an mbagairt ar an mBreatain agus ar Éirinn ón bhFrainc tráth na Réabhlóide a bunaíodh Dún Uí Choileáin. Mar fhreagra, chinn Rialtas na Breataine an líon dún ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire a ardú.

Roghnaíodh baile fearainn Rath Mór i gCorcaigh mar láithreán do dhún nua a mbeadh radharc ar an gcathair aige. Tosaíodh ag tógáil an dúin in 1801. Tugadh chun críche é in 1806 agus chuaigh trúpaí na Breataine isteach ann.

Ó tógadh é, bhí ról suntasach ag an dún mar bhunáit lárnach le linn roinnt coimhlintí móra, mar shampla Cogadh Napoléon, Cogadh na Críme, Cogadh na Súlú, Cogadh na mBórach agus an Chéad Chogadh Domhanda.

An 18ú Bealtaine 1922, d’fhág trúpaí na Breataine Dún Victoria agus tugadh ar láimh é don Cheannfort Sean Murray as 1 Briogáid Chorcaí, an IRA. Bhí an Maor Bernard L. Montgomery ar cheann de na hoifigigh deiridh de chuid na Breataine a d’fhóin anseo. Fógraíodh Staid Éigeandála mar fhreagra ar an Dara Cogadh Domhanda. Choinnigh Éire stádas neodrach. Mar sin féin, i ndiaidh “Gairm Slua” an Taoisigh, Eamon de Valera, tháinig ardú go dtí 41,000 ar an líon trúpaí in Arm na hÉireann agus 106,000 ar an líon trúpaí san Fhórsa Cosanta íitiúil.

Ó baineadh neamhspleáchas amach, tá ról tábhachtach ag an ngarastún maidir le cuidiú leis na Cumhachtaí Sibhialta nuair a iarrtar sin.

An 28ú Meitheamh 1963, thug an tUachtarán John F Kennedy cuairt ar Dhún Uí Choileáin le linn a chuairte ar Chorcaigh.

An Músaem

Osclaíodh an Músaem Míleata, Dún Uí Choileáin, Corcaigh, i 1985 agus bhí se lonnaithe i mBloc an Túir Cloig. In 2005 aistríodh an Músaem go dtí an Sean-Seomra Garda, ceann de na foirgnimh is sine sa dún, atá lonnaithe díreach laistigh den Sean-Phríomhgheata. An aidhm atá leis ná stair an dúin, stair agus traidisiúin Óglaigh na hÉireann agus scéal an Ghinearáil Mhichíl Uí Choileáin a insint.

Tá déantúsáin suntasacha a bhaineann le príomhthréimhsí na staire sin i mBailiúchán an Mhúsaeim. Tá roinnt éidí míleata íocónacha sa Bhailiúchán, ó na 1800-idí go dtí an lá atá inniu ann.

Bailiúchán Mhichíl Uí Choileáin

Ceann de na rudaí is tarraingtí sa mhúsaem ná an bailiúchán déantúsán ar leis an nGinearál Mícheál Ó Coileáin iad. A nia, Micheal Collins, a bhronn an chuid is mó díobh ar an músaem i 1933. íirítear orthu nithe mar a chóta mór, dhá ceann dá chuid gunnán, a bhonn ó Chogadh na Saoirse, paidrín agus an dialann phearsanta a bhí ar iompar aige an lá ar maraíodh é, an 22ú Lúnasa 1922.

De bharr an nasc a bhí ag Mícheál Ó Coileáin le hÓglaigh na hÉireann, gur as Contae Chorcaí dó agus gur ainmníodh an dún ina chuimhne, táimid an-bhródúil an bailiúchán déantúsán a bheith ar taispeáint anseo sa mhúsaem.

Ar Dualgas na Síochána

Chuaigh Éire isteach sna Náisiúin Aontaithe i 1955. An 32ú Cathlán an chéad aonad as Óglaigh na hÉireann a d’fhóin thar lear leis na Náisiúin Aontaithe nuair a cuireadh go dtí an Congó é i 1960.

Bíonn comhaltaí an gharastúin ó Dhún Uí Choileáin fós ar fónamh thar lear ar mhisin tacaíochta síochána sa lá atá inniu ann.

Eolas Ginearálta

Coimeádaí: Sair Jim McGarry

Teil: 00 353 (0)21 451 4252

Uaire Oscailte:

Dúnta Dé Luain

10 am to 1 pm, Dé Ceadaoin agus Dé hAoine.

Nó uaire eile ach iarratas a dhéanamh ar an Oifigeach i gCeannas, Dún Uí Choileáin, Corcaigh.