- Anseo atá tú:
- Thar Lear >
- Misin Reatha
Misin Reatha
Tá Óglaigh na hÉireann rannpháirteach faoi láthair i roinnt misean ar fud an domhain lena mbaineann thart ar céad Pearsanra ó gach brainse. Tiocfaidh athrú ar an uimhir sin chun 440 pearsanra a mbeidh rannpháirteach sa mhisean nua chun na Liobáine a dheimhnigh an tAire Cosanta ag an am sin a chur san áireamh.
An Afraic
MINURSO - Meán Fómhair 1991 - go dtí seo
Tagann imscaradh MINURSO ó dhíospóid a bhain le Sahára na Spáinne, tráth dá raibh, atá suite ar Chósta Thiar Thuaidh na hAfraice, idir Maracó, an Ailgéir, an Mháratáin agus an tAigéan Atlantach.
Léigh tuilleadh faoi MINURSO
MONUC - Meitheamh 2001 go dtí seo
Shínigh Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus cúig stát réigiúnach Comhaontú Scortha Lámhaigh Lusaka in Iúil 1999. Mar fhreagra ar sin rith Comhairle Slándála na NA Rún 1279, lena n-áirítear bunú Mhisean Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Chongó (MONUC).
Léigh tuilleadh faoi MONUC
EUTM - Aibreán 2010 go dtí seo
An 25 Eanáir 2010, chomhaontaigh an Chomhairle misean mhíleata a bhunú, sé sin Misean Traenála an Aontais Eorpaigh, an tSomáil (EUTM), chun cur le traenáil fhórsaí cosanta na Somáile.
Léigh tuilleadh faoi EUTM
An Áise
ISAF - Nollaig 2001 go dtí seo
An 5 Nollaig, 2001, shínigh príomhphearsaí polaitíochta na hAfganastáine agus ionadaithe phríomhchumhachtaí an domhain Comhaontú Bonn. Mar thoradh ar an gcomhaontú sin bunaíodh an fórsa idirnáisiúnta ISAF chun síocháin agus cobhsaíocht a bhunú san Afganastáin.
Léigh tuilleadh faoi ISAF
An Eoraip
EUFOR/SFOR - Bealtaine 1997 go dtí seo
Faoi UNSCR 1030 tugadh sainordú do NATO gnéithe míleata na gComhaontaithe Síochána Dayton a chur i bhfeidhm i ndiaidh dheireadh an chogaidh i mBoisnia-Heirseagaivéin i 1995. Mar thoradh ar sin imscaradh IFOR (Fórsa Feidhmithe) agus bhí an misean tugtha chun críche faoi mhí na Nollag 1996 agus tháinig SFOR ina áit ina dhiaidh sin.
Léigh tuilleadh faoi SFOR/EUFOR
KFOR - Lúnasa 1999 go dtí seo
I Meán Fómhair 1997 leag Rún UNSC 1199 béim ar an gcatastróf daonna a bhí le teacht sa Chosaiv agus d’éiligh siad scor lámhaigh. I mí an Mheithimh 1999 chomhaontaigh an tSeirbia le Prionsabail Síochána G8 agus thosaigh sí ag tarraingt a bhfórsaí siar. Chur NATO deireadh lena aerbhuillí agus chuaigh KFOR, faoi údarás UNSCR 1244, isteach sa Chosaiv.
Léigh tuilleadh faoi KFOR
An Meán-Oirthir
UNTSO - 18 Nollaig 1958 go dtí seo
Is é UNTSO, a bunaíodh i 1948, an oibríocht síochánaíochta leanúnach is sine de chuid na Náisiún Aontaite. Feidhmíonn sí sa Siria, san Iordáin, sa Liobáin agus san Iosrael - a bhí ina bpáirtithe i gComhaontuithe an tSosa Cogaidh a lean an troid sa Phalaistín i 1948.
Léigh tuilleadh faoi UNTSO
UNIFIL - Bealtaine 1978 - go dtí seo
I ndiaidh ionraidh na nIosraelach ar an Liobáin in 1978, bunaíodh Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) chun maoirsiú a dhéanamh ar tharraingt siar na bhfórsaí Iosraelach agus síocháin agus slándáil a athbhunú sa cheantair. I Meitheamh 2011 bhí imscaradh ar cathlán coisithe ar ais go dtí an Liobáin.
Léigh tuilleadh faoi UNIFIL
UNNY - 27 Samhain 1978 - go dtí seo
Ó 1978 i leith, tá roinnt oifigeach de chuid Óglaigh na hÉireann i ndiaidh a bheith ag fónamh i bpoist éagsúla i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe, Nua Eabhrac (UNNY). Faoi láthair soláthraíonn Óglaigh na hÉireann beirt oifigeach do Roinn Oibríochta Coimeádta Síochána na Náisiún Aontaithe (DPKO).
Tabhair cuairt ar shuíomh oifigiúil an DPKO



