CLOSEHIDE
60 Bliain Síochánaíochta1958 - 2018

Marcanna an blian seo an 60ú comóradh de chéad imscaradh síochánaíochta na hÉireann in  i 1958.

Ó shin i leith, choinnigh Éire an tseirbhís is faide gan bhriseadh ar líne-tosaigh na síochána le breis is 70,000 turas aonair de dhualgas, críochnaithe ag fir agus mná Óglaigh na hÉireann.

I mbliana, cuimhnímid ar na 87 ball den Oglaigh na hÉireann a rinne an íobairt dheireanach i seirbhís na síochána

Léigh tuilleadh faoinár Seirbhís Thar Lear >>

CLOSEHIDE
60 Bliain Síochánaíochta1958 - 2018> Léigh a Tuilleadh

17 Bealtaine 2018 -Trúpaí na hÉireann ag filleadh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Fillfidh 243 saighdiúir de chuid na hÉireann ón 111ú Cathlán Coisithe, Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) ar T1, Aerfort Bhaile Átha Cliath amárach an 17 Bealtaine ag 4.30pm, i ndiaidh seal sé mhí i nDeisceart na Liobáine.

Cuirfidh teaghlaigh agus cairde na dtrúpaí fáilte rompu ar theacht dóibh. Is ó 1 Bhriogáid an Airm formhór na dtrúpaí sa 111ú Grúpa Coisithe agus is as Oirdheisceart na tíre is mó iad.

Imscaradh 343 pearsanra ar fad de chuid Óglaigh na hÉireann leis an 111ú Cathlán Coisithe. Tá 100 pearsanra tagtha abhaile cheana féin tar éis malartú a dhéanamh le comhaltaí an 112ú Cathlán Coisithe.


Dáta an Phreasráitis: 17 Bealtaine 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach