Dé Déardaoin 5ú Iúil 2018 - Óglaigh na hÉireann ag cuidiú le Loscadh.

Tá sócmhainní héileacaptair an Aerchóir imscartha ag Óglaigh na hÉireann sé lá as a chéile chun loscadh sléibhe a stopadh ag scaipeadh i réigiúin iargúlta.

Ar iarratas ó na húdaráis shibhialta, d'fhreagair an tAerchór iarratais i mBaile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Luimneach, Corcaigh, Tiobraid Árann agus Uíbh Fhailí agus tá tuairim is 300,000 lítear spréite aige le saintrealamh.

Tá úsáid bainte as héileacaptair Agusta Westland AW139 mar gur féidir córas comhraic dóiteáin aeir bhuicéad ‘Bambi’ a fheistiú orthu atá ábalta 1,200 lítear uisce a scaipeadh gach uair a dtéitear thar bráid. Bíonn tionchar láithreach ag an méid sin uisce, agus é dírithe ar limistéar beag, ar loscadh sléibhe.

Chuir an tAerchór Eurocopter EC135 ar fáil freisin mar ardán ceannais agus comhordaithe agus Aerárthach Patróil Mara CASA CN235 atá feistithe le braiteoirí cumhachta agus radar chun ceantair eile faoi thine ar fud na tíre a aithint.

Is oibríochtaí leanúnacha iad na hoibríochtaí seo agus tá Óglaigh na hÉireann ullamh le leanúint i mbun oibríochtaí comhraic dóiteáin chun cuidiú leis an bpobal.


Dáta an Phreasráitis: Dé Déardaoin 5ú Iúil 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach