24 Iúil 2015 - 358 Inimirceach tarrthála ag an LÉ NIAMH.

Thug an LÉ NIAMH faoi obríocht Cuardaigh agus Tarrthála inniu 100 ciliméadar siar ó thuaidh de Tripoli sa Libia inniu agus thug slán 358 inimirceach as báirse adhmaid. Bhí an fharraige ciúin ag an am agus tugadh an oibríocht chun críche ag 12.30 pm.

Tá an 358 inimirceach a bhí ar bord an LÉ NIAMH (314 fear, 30 bean, 14 gasúr) á mbeathú faoi láthair agus cóir leighis á chur ar dhaoine a bhfuil sin ag teastáil uathu.

Tá an LÉ NIAMH faoi réir d’oibríochtaí eile agus ag fanacht le treoir ó Ionad Comhordúcháin Tarrthála Mara na hIodáile dá céad tasc eile. .

Figiúirí sealadacha iad figiúirí an lae inniu go ndeimhneoidh údaráis na hIodáile iad.

Tá 827 duine (672 fear, 123 bean and 32 leanbh) tugtha slán ag an LÉ NIAMH go dtí seo.

D'fhág an LÉ NIAMH Éire Dé hAoine an 10 Iúil. Tá criú de chaoga seacht pearsanra ar an árthach, lena n-áirítear beirt oibrithe leighis ón Arm agus tá sí faoi cheannas an Leifteanant-Cheannasaí Danial Wall. 

Léigh tuilleadh faoin LÉ NIAMH

An ról atá ag árthach Chabhlach na hÉireann ná acmhainn cuardaigh agus tarrthála a chur ar fáil agus oibríochtaí tarrthála daonnúla ar muir a dhéanamh sa Mheánmhuir.

De réir fhorálacha infheidhme na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta a rialaíonn oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a thabharfar cúnamh do dhaoine atá i dtrioblóid ar muir. Beidh árthach na Seirbhíse Cabhlaigh sa Mheánmhuir i rith tréimhse an tSamhraidh, faoi réir ag na riachtanais agus na héilimh oibríochta a eascróidh sa láthair oibríochtaí.

Féach ar íomhánna ó Oibríocht an Lae Inniu


Dáta an Phreasráitis: 24 Iúil 2015

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Seán Ó Fátharta

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach

Léigh a tuilleadh faoin tSeirbhÁ­s Chabhlaigh