Gairmeacha Míleata

Is é an tArm, an chuid is mó de Óglaigh na hÉireann, agus bíonn sé de shíor ag iarraidh na daoine is fearr a earcú. Tá trí leibhéal ag ar féidir dul isteach san arm, i.e. mar Dhalta, mar Earcach nó mar Phrintíseach. Cuireann gach leibhéal acu bealach gairme difriúil agus dúshláin dhifriúla ar fáil.

Cadetships

Is iad na hoifigigh na ceannairí, na cinnteoirí agus na bainisteoirí, in Óglaigh na hÉireann. Déanann Dalta Airm 15 mhí traenála sa Choláiste Míleata, Campa an Churraigh, ina gclúdaítear scileanna saighdiúir bunúsacha agus oiliúint mhíleata sula bhfaigheann siad ceapachán oibríochta mar Oifigigh san Arm. I measc na gcáilíochtaí a bhíonn ag Oifigeach maith tá cumas cinntí maithe a dhéanamh agus iad a chur in iúl faoi strus, suim in aclaíocht choirp agus eolas maith ar oirbheartaíochtaí míleata. Má cheapann tú go bhfuil sé de chumas ionat trúpaí Éireannacha a threorú ar mhisean NA, agus gur mhaith leat gairm mar Dhalta Airm...

Faigh breis eolais faoi Dhaltais Airm

Earcaigh

Sna Céimeanna Liostáilte atá formhór de chomhaltaí Arm na hÉireann. Beidh rud amháin i gcoitinne ag na fir agus na mná sin, Traenáil Earcach. Bíonn 17 seachtainí diantraenála i gceist do gach saighdiúir singil in Arm na hÉireann. San am sin, athraítear an tEarcach ó bheith ina (s)ibhialach go dtí saighdiúir gairmiúil in Arm na hÉireann. Bíonn dúshlán nua ann gach lá traenála de réir mar a fhaigheann an tEarcach oiliúint i ndruil coise agus arm, aimsitheoireacht mhuscaeid, bunscileanna oirbheartaíochta agus oibríochtaí míleata. Más spéis leat do lá oibre a chaitheamh ag déanamh rudaí a mbíonn daoine eile ag íoc astu, tabhair faoin dúshlán agus ...

Faigh tuilleadh eolais faoin Earcach Airm