[Translate to Irish:]

FREQUENTLY ASKED QUESTIONS

Show all / Hide all

fold faq Cén aois a chaithfidh mé a bheith i d'fhonn a ionduchtú isteach sna Buan-Óglaigh?

Ní mór d'iarratasóirí a bheith ar a laghad 18 mbliana d'aois d'fhonn a ionduchtú isteach sna Buan-Óglaigh.

fold faq Céard iad na difríochtaí idir liostáil mar Dhalta Oifigigh, mar Phrintíseach nó sa tSeirbhís Ghinearálta?

Dalta Oifigigh  – i ndiaidh a gcáilithe do na daoine seo tagann siad a bheith ina mBainisteoirí agus ina gCeannairí ar Óglaigh na hÉireann.

Printíseach  – i ndiaidh a gcáilithe do na daoine seo is ceardaithe lánchreidiúnaithe FAS iad a imscartar go Cóir theicniúla éagsúla.

Seirbhís Ghinearálta – i ndiaidh a gcáilithe do na daoine seo tugann siad seirbhís mar Shaighdiúirí, mar Mhairnéalaigh nó mar Eitleoirí.

fold faq An gá go mbeadh Ardteistiméireacht agam chun iarratas a dhéanamh ar Sheirbhís Ghinearálta?

Ní mór duit an Bord Agallaimh agus an tOifigeach Earcaíochta a shásamh go bhfuil caighdeán oideachais sách ard agat chun seirbhís a thabhairt i mBuan-Óglaigh na hÉireann.

fold faq Céard iad na cáilíochtaí oideachais a theastaíonn le haghaidh Dhaltas Oifigigh?

Ní mór do lucht fágála scoile Grád C3 ar a laghad a fháil ar 3 pháipéar Ardleibhéil agus Grád D3 a fháil ar 3 phaipéar Gnáthleibhéil/Ardleibhéil, in aon iarracht amháin ar an Scrúdú Ardteistiméireachta. Ní cháilíonn an Ardteistiméireacht Fheidhmeach don chomórtas seo.

Ní mór do gach iarrthóir ar an Arm (Líne) agus ar an Aerchór Grád D3 ar a laghad a fháil sna hábhair Ardleibhéil/Ghnáthleibhéil seo a leanas:

  1. Matamaitic
  2. Gaeilge (Bíonn feidhm le díolúintí Máithreánaigh NUI).
  3. Béarla (Ní mór d’iarrthóirí nach é Béarla a gcéad teanga na riachtanais ó thaobh an Bhéarla a shásamh de réir Rialacháin Mháithreánaigh an NUI.
  4. Tríú teanga (glactar leis chun críocha máithreánaigh NUI. Bíonn feidhm le díolúintí maithreánaigh NUI).
  5. Aon dá ábhar Máithreánaigh nár roghnaíodh cheana féin.

Ní mór do gach iarrthóir ar Dhaltais sa tSeirbhís Chabhlaigh Grád D3 ar a laghad a fháil sna hábhair Ardleibhéil/Ghnáthleibhéil seo a leanas:

  1. Matamaitic
  2. Gaeilge (Bíonn feidhm le díolúintí Máithreánaigh NUI).
  3. Béarla (Ní mór d’iarrthóirí nach é Béarla a gcéad teanga na riachtanais ó thaobh an Bhéarla a shásamh de réir Rialacháin Mháithreánaigh an NUI.
  4. Aon dá ábhar Máithreánaigh nár roghnaíodh cheana féin.

CéimitheNí mór céim aitheanta, i.e. Céim Tríú Leibhéal, a bronnadh suas le 2004 a bheith acu. Le héifeacht ó 2005 ní mór go mbeadh Céim Bhaitsiléara Onóracha bainte amach acu ag leibhéal pas nó onóracha (leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí),



Maidir le Daltais sa tSeirbhís Chabhlaigh, ní mór go mbeadh Dioplóma le tuillteanas nó gradam (ó institiúid aitheanta) san Eolaíocht Loingseoireachta nó san Innealtóireacht Muirí do Dhaltas sa Bhrainse Oibríochtaí agus sa Bhrainse Innealtóireachta faoi seach, mar a bronnadh go dtí deireadh 2004, nó le héifeacht ó 2005, ní mór go mbeadh cúrsa gnáthchéime (leibhéal 7 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) curtha i gcrích acu (ó institiúid aitheanta) san Eolaíocht Loingseoireachta nó san Innealtóireacht Muirí do Dhaltas sa Bhrainse Oibríochtaí agus sa Bhrainse Innealtóireachta faoi seach. Ní mór céim san innealtóireacht leictreach aitheanta, i.e. Céim Tríú Leibhéal, a bronnadh suas le 2004 a bheith acu. Le héifeacht ó 2005 ní mór go mbeadh Céim Bhaitsiléara Onóracha bainte amach acu ag leibhéal pas nó onóracha (leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí).
TABHAIR AR AIRD LE DO THOIL:  Iarrtar iarratais ar gach catagóir daltais ó dhaoine a bhfuil iarratas déanta acu scrúduithe a dhéanamh i mbliain an chomórtais, scrúduithe a chuirfeadh ar a gcumas na híoschritéir cáilíochta oideachais a shonraítear thuas in a, nó b a shásamh. 

fold faq Céard iad na cúinsí a chuirfeadh duine ó bheith intofa le haghaidh liostála?

ADuine a urscaoiltear ó Óglaigh na hÉireann (Buan nó Cúltaca) nó ó Arm, ó Phóilíní Cabhlaigh nó ó Sheirbhís Aeir aon tíre nó stáit eile mar gheall ar mhí-iompar nó de dheasca easláinte.

Duine leis an nGarda Síochána.

Duine a ciontaíodh i gcoir thromchúiseach sa chúirt shibhialta.

Duine a bhfuil pinsin míthreora á íoc leis.

Duine atá i mbun printíseachta.

fold faq Tá taifead coiriúil i mo leith. An féidir liom dul isteach in Óglaigh na hÉireann?

Bíonn Óglaigh na hÉireann ag braith go mór ar iontaoibh a bheith as daoine a bhíonn ag baint úsáide as trealamh teicniúil agus as armán agus mar sin daoine atá iontaofa agus ar féidir braith orthu a bhíonn á lorg sna hÓglaigh. Ar an gcúis sin déanann an Garda Síochána grinnfhiosrúchán slándála i leith gach iarratasóra agus déantar aon chiontú a mheasúnú ag braith ar thromchúis an chiona.

fold faq Cén sórt lá oibre a bheidh agam in Óglaigh na hÉireann?

Ceann de phríomhghnéithe an tsaoil san Arm ná go mbeidh éagsúlacht ag baint le do chuid oibre agus is iomaí gnó difriúil a bheith á dhéanamh agat. Fad a bhíonn tú i mbunáit bíonn do chuid oibre mórán mar a chéile le haon post eile ó 9 go 5. Ach caithfidh tú tréimhsí amuigh as an mbunáit i mbun traenála in áiteanna eile nó ar imscaradh thar lear.

fold faq An mbeidh mé in ann fanacht i dteagmháil le mo theaghlach agus mo chairde fad a bheidh mé ag déanamh an chúrsa traenála tosaigh?

Fad a bheidh tú i mbun traenála beidh neart ama agat le bheith i dteagmháil le do theaghlach agus do chairde.

fold faq Cé chomh fada agus is féidir fanacht in Óglaigh na hÉireann?

Má thagann tú isteach ar ghnáthfhruilíocht is féidir leat seirbhís ráthaithe cúig bliana a thabhairt sa tSeirbhís Ghinearálta agus dhá bhliain déag i gcás na nOifigeach agus na  bPrintíseach ar choinníoll go n-éiríonn leat sa chúrsa traenála tosaigh, go gcoinníonn tú do ghrádú leighis agus d’éifeachtacht seirbhíse.

fold faq Bím ag imirt spóirt ag léibhéal iomaíoch. An féidir liom leanúint ag imirt fad a bheidh mé san Arm?

Má bhíonn tú ag imirt spóirt d’aon chineál ag barrleibhéal, cinnteoidh Óglaigh na hÉireann, nuair is féidir, go mbeidh deis agat dul san iomaíocht. Tá fir agus mná spóirt in Óglaigh na hÉireann a bhíonn san iomaíocht ag leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta agus a chomhlíonann a gcuid gnáthdhualgas chomh maith.

fold faq Céard iad na riachtanais ó thaobh airde?

Ní mór d’iarratasóir fireann a bheith 5’ 2" (157.48cm) ar a laghad.
Ní mór d’iarratasóir baineann a bheith 5’ 2" (157.48cm) ar a laghad.

fold faq An bhfuil scrúdú leighis agus triall fhisiceach le déanamh?

Tugtar tairiscint ceapacháin sa PDF ar choinníoll go n-éiríonn leis an iarratasóir sa scrúdú leighis agus sa triall fhisiceach roimh liostáil.

fold faq Tá sé cloiste agam go mbaineann Óglaigh na hÉireann úsáid as Innéacs Corpmhaise (BMI) mar bhealach chun cáilitheacht leighis a mheas. Mínigh é sin, le do thoil.

The BMI is calculated by the formula: weight (kilograms) divided by height Déantar BMI a ríomh leis an bhfoirme: meáchan (Cileagraim) roinnte ar airde (méadair) cearnaithe, i.e. Cg/m2, agus is treoirlíne é de gharbhréimse mheáchan coirp i leith contúirtí áirithe sláinte a íosmhéadú.

Faoi 17: Déanfaidh an t-oifigeach scrúdaithe leighis measúnú ort ar mhaithe lena chinneadh go mbeadh nó nach mbeadh tú in ann déileáil le déine na traenála.

17 go 29: Tagann tú laistigh den raon atá inghlactha le haghaidh iontrála.
30 agus níos mó: Níl sé inghlactha le haghaidh iontrála in Óglaigh na hÉireann agus beidh tú rangaithe mar dhuine atá neamh-infheidhme ó thaobh na sláinte de.

*Tabhair ar aird, le do thoil, nach bhfuil an toradh BMI ach táscach agus go mbíonn tionchar ag factóirí eile ar an toradh. Dá dteipfeadh i dtosach, mar shampla, ar imreoir rugbaí atá matánach ach ar bheagán airde sa BMI ansin bhainfí úsáid as Triall Chomhdhéanamh Saille sa Chorp in áit na triallach BMI.

Léigh a tuilleadh faoi Aclaíochta Tástáil Oglaigh na hÉireann

fold faq Céard í an Triall Induchtaithe um Infheidhmeacht Coirp?

Tá an triall seo deartha le hinfheidhmeacht coirp an iarratasóra ag an am a thástáil, agus léiríonn an t-iarratasóir don Bhord an cumas atá aige/aici déine na traenála míleata a sheasamh.

Tá dhá ghné ag baint leis:

  • Buaine Aeróbach.
  • Buaine Mhatánach Áitiúil

Buaine Aeróbach

Beidh ar iarratasóirí míle go leith a rith (1 & 1/2) laistigh de theorainn ama Óglaigh na hÉireann thíos. Sin iad na huas-agaí a cheadaítear. Is triall Pas nó Teipe í seo.

  • Fireann - 11 Nóiméad 30 seic
  • Baineann - 13 Nóiméad.

Buaine Mhatánach Áitiúil

  • Fireann - 20 brú-aníos agus 20 suí-aniar.
  • Baineann - 20 brú aníos (Modhnaithe) agus 20 suí-aniar.

Uas-aga ceadaithe 1 nóiméad. Is triall Pas nó Teipe í seo.

fold faq Cén teidlíocht saoire a bheidh agam?

Pearsanra na Seirbhíse Ginearálta agus Printísigh:
Tá pearsanra i dteideal 24 lá saoire sa bhliain.

Oifigigh agus Daltaí Oifigigh:
Is féidir suas go 31 lá saoire sa bhliain a cheadú do dhaltaí agus d’oifigigh shóisearacha. Is féidir 43 lá saoire sa bhliain a cheadú d’oifigigh shinsearacha faoi réir fhorálacha DFR A.11.

fold faq An mbeidh orm chun cónaí i mbeairic?

Pearsanra na Seirbhíse Ginearálta agus Printísigh:
Beidh Pearsanra ag teastáil chun cónaí i mbeairic i rith na tréimhse oiliúna tosaigh. Is féidir Ar chríochnú an phearsanra oiliúna iarratas a dhéanamh chun cónaí lasmuigh de na beairice.

Oifigigh agus Daltaí Oifigigh:
Beidh pearsanra ag teastáil chun cónaí i mbeairic ar fud an gcúrsa oiliúna tosaigh. Nuair a choimisiúnú, is féidir le hoifigigh seo maidir le maireachtáil taobh amuigh de na beairice.

fold faq An mbeidh orm dul thar lear?

Pearsanra na Seirbhíse Ginearálta agus Printísigh:

Is tuigthe é seirbhís thar lear a bheith éigeantach le haghaidh pearsanra uile Óglaigh na hÉireann.

Oifigigh:

Is tuigthe é seirbhís thar lear a bheith éigeantach le haghaidh pearsanra uile Óglaigh na hÉireann.

fold faq Conas is féidir dul isteach i Sciathán Fiannóglaigh an Airm?

Is féidir le pearsanra, tar éis dóibh traenáil tosaigh a chríochnú go rathúil, iarratas a dhéanamh chun an Cúrsa Roghnaithe le haghaidh Sciathán Fiannóglaigh an Airm a dhéanamh. Má mheastar gur éirigh leis an iarratasóir ar an gcúrsa, ansin glacfar leis/léi isteach i Sciathán Fiannóglaigh an Airm.

fold faq An féidir iarratas a dhéanamh chun dul isteach i Sciathán Fiannóglaigh an Airm má táim sa RDF?

Ní féidir. Baill de Bhuan-Óglaigh na hÉireann amháin atá i dteideal iarratas a dhéanamh chun dul isteach i Sciathán Fiannóglaigh an Airm.