Traenáil na Seirbhíse Cabhlaigh

Traenáil agus Forbairt

Traenálann Óglaigh na hÉireann a phearsanra chun saighdiúir araíonachta, féin-mhuiníneach a  chur ar fáil, atá aclaí, spreagtha agus a bhfuil na scileanna aige/aici chun an t-ármhá a sheasamh agus atá in ann oibriú ina gcomhaltaí d’fhoireann nó criú.  Áirítear ar fhorbairt lánsaoil saighdiúra Forbairt Ghairmiúil, Forbairt Phearsanta agus Bainistíocht Gairme. Baintear an leas is mó agus is féidir as cumas sa phróiseas seo trí cur le hinniúlacht do ghairm in Óglaigh na hÉireann chomh maith le bonnchloch a leagan síos do rathúlacht níos déanaí sa saol sibhialta.

Reáchtálann Coláiste na Seirbhíse Cabhlaigh ionduchtú, traenáil agus oideachas phearsanra na Seirbhíse Cabhlaigh do dhúshláin an tsaoil chabhlaigh sa 21ú céad. Áirithe ar na dúshláin sin tá an cumas chun déileáil go héifeachtach leis na dúshláin reachtúla, polaitiúla, geilleagracha agus eolaíocha a tharlóidh ar láthair dhomhanda atá ag athrú de shíor.

 

Tabhair cuairt ar Leathanach Gairmí na Seirbhíse Cabhlaigh chun tuilleadh eolais a fháil faoi Fhorbairt Gairme sa tSeirbhís Chabhlaigh