Réamhrá

Stair

Is é an tAerchór comhchuid aeir na mBuanfhórsaí Cosanta agus é lonnaithe in Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill, Co. Bhaile Átha Cliath. Timpeall 750 fear agus bean atá ar seirbhís san Aerchór sa lá inniu, agus déanann gach duine díobh cion uathúil agus suntasach chun na rólanna, idir phríomha agus thánaisteacha, a chomhlíonadh faoi mar a shanntar ón rialtas iad.

Tá an tAerchór tar éis mórchlár uasghrádaithe flít a chur i gcrích le deireanas, agus cuireadh aerárthaí míleata den chuid is nua-aimseartha in áit go leor de na sean-aerárthaí, rud a thugann breis éifeachtachta agus aschuir mar aon le hacmhainneacht atá cuid mhaith níos fearr agus muid ar ár mbealach tríd an 21ú haois.

Tá 17 n aerárthach sciatháin dhobhogtha agus 10 n aerárthach sciatháin rothlacha i mbun oibre ag an Aerchór faoi láthair, mar aon le dhá ionsamhlóir, PC-9M amháin agus traenálaí ilchriú.

Físeáin is déanaí

  • Air Corps Winching Operation off the West Coast of Ireland

  • National Day of Commemoration Ceremony-Royal Hospital Kilmainham, 13th July 2014.

  • Restored Photo of Irish Defence Forces Military Tattoo

  • Ceremonial Military Guard

Rólanna an Aerchór

Míleata Aer Cosanta

Is é ról an Aerchóir faoin Acht Cosanta, a bheith páirteach i slándáil an Stáit trí Aerchosaint Mhíleata a dhéanamh ar aerspás an Stáit. Le linn tréimhsí síochána áfach, is gnách leis an Aerchór na rólanna a chomhlíonadh a shannann an Rialtas dó, trí leas a bhaint as Aerchór díograiseach éifeachtach.