Skip to main content

Leas-Cheann Foirne, Tacaíocht

Leas-Cheann Foirne, Tacaíocht

Tá 40 bliain seirbhíse agus réimse leathan taithí ag an Maor-Ghinearál Kevin Cotter ó coimisiúnaíodh isteach sa Chór Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais (CIS) é i 1975. Bhí réimse príomhcheapachán aige lena n-áirítear ina Theagascóir sa Choláiste Míleata agus ina Stiúrthóir ar Chór Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais.

Agus é ina Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) beidh an Maor-Ghinearál Cotter freagrach as feidhmeanna uile na foirne tacaíochta a chomhordú trí bheartais, pleananna, treoir agus nósanna imeachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm don Arm, don Aerchór agus don tSeirbhís Chabhlaigh.

Seirbhís Thar Lear

Tá réimse leathan taithí thar lear aige. D'fhóin sé trí huaire le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) i 1994, 1999 agus 2000, agus leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhar san Eoraip (OSCE) sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin i 1996, ina oifigeach sinsearach foirne le Misean na Náisiúin Aontaithe sa Libéir (UNMIL) in 2016, sa Chosaiv in 2009 agus le Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh (EUMS) in 2011.

Oideachas

Rugadh an Maor-Ghinearál Cotter i Nua-Eabhrac agus bhog sé go Luimneach le linn a óige. Fuair sé a chuid oideachais sa Crescent College, Luimneach, agus is iarchéimí é de chuid Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus an Scoil Cheannais agus Foirne, An Coláiste Míleata.

Pearsanta

Tá cónaí anois air i gCo. Chill Dara. Tá sé pósta le Marie agus tá mac amháin acu.