Eagraíocht
Tá an tArm eagraithe ar ghnáthlínte míleata a sholáthraíonn struchtúr solúbtha a dhóthain chun gach ról a shannann an Rialtas dó a chomhlíonadh. Is fórsa seasta é an tArm agus cuireann sé na príomhinniúlachtaí ar fáil do chomhoibríochtaí míleata ag an mbaile agus Comhoibríochtaí Tacaíochta Síochána thar lear.
Briogáidí an Airm
1 Briogáid
Is é an Bhriogáid 1 atá freagrach as oibríochtaí míleata i réigiún an deiscirt na tíre.
Áirítear ar na contaetha atá sa limistéar freagrachta::
Gaillimh, Uíbh Fhailí, Laoise, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Láirge, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach agus Tiobraid Árann.
Tá Ceanncheathrú 1ú Briogáid suite i nDún Uí Choileáin, Corcaigh. Áirítear ar na Beairicí eile atá suite i limistéar cúraim (AOR) Bhriogáid 1:
- Dún an tSáirséalaigh, Luimneach
- Dún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh
- Campa Traenála Uí Loinsigh, Cill Uird
- Dún Uí Mhaoliíosa, Gaillimh
2 Briogáid
Is í 2ú Briogáid atá freagrach as oibríochtaí míleata in an réigiún thuaidh den tír. Áirítear ar na contaetha atá sa limistéar freagrachta:
Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Cill Dara, Lú, An Mhí, An Iarmhí, An Cabhán, Muineachán, Dun na nGall, Sligeach, Liatroim agus Maigh Eo.
Tá Ceanncheathrú 2ú Briogáid suite i nDún Chathail Bhrugha, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath. Áirítear ar na Beairicí eile atá suite i limistéar cúraim (AOR) 2ú Bhriogáid:
-
Dún Mhic Aoidh, Baile Átha Cliath
-
Ospidéal Naomh Bricín, Baile Átha Cliath
-
Campa Bhaile Mhic Gormáin, Co. na Mí
-
Dún Mhic Aogáin, Dún Dealgan
-
Dún Chostúim, Baile Átha Luain
-
Campa Fionnabhair, Béal Átha Seannaidh
Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann
Tá Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann (ATÓE) suite i gCampa an Churraigh, Co. Chill Dara. Tá an ATÓE comhdhéanta de chuid Cheanncheathrú, Na Coláistí Oiliúna agus Aonad Soláthair agus Seirbhísí an ATÓE.
Tá Ionaid Chúltaca Óglaigh na hÉireann seo a leanas suite sa ATÓE chomh maith:
- 1 Meicnithe Coisithe Cuideachta
- 1ú Scuadrún Marcra Armúrtha
- Sciathán Fiannóglaigh an Airm (SFA)
Tá an tArm comhdhéanta de na Cóir seo a leanas:
- An Cór Coisithe
- An Cór Marcra
- An Cór Airtléire
- An Cór Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais (CIS)
- An Cór Innealtóirí
- An Cór Ordanáis
- An Cór Liachta
- An Cór Iompair
- Cór Póiliní an Airm
Léigh tuilleadh faoi Chóir éagsúla an Airm
An bhfuil tú ag iarraidh dul leis an Arm?


